Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • Cóheilit 6
  • An Bíobla Naofa

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • An Bíobla Naofa
  • 1
  • 2
  • 3
  • 4
  • 5
  • 6
  • 7
  • 8
  • 9
  • 10
  • 11
  • 12
An Bíobla Naofa
Cóheilit 6:1-12

Cóheilit

6 Tá olc eile ann a chonaic mé abhus faoi luí na gréine agus luíonn sé go trom ar dhaoine: 2 duine dá dtugann Dia saibhreas agus maoin agus gradam agus gan aon ní de dhíth air dá bhféadfadh sé dúil a chur iontu ach nach ligeann Dia dó aoibhneas a bhaint astu mar gur strainséir a bhaineann aoibhneas astu; baois is ea é seo agus plá léanmhar. 3 Dá nginfeadh duine céad leanbh agus go mairfeadh sé mórán blianta sa chaoi go mbeadh saol fada aige, mar sin féin mura bhfaigheadh sé sásamh aigne as a chuid saibhris agus nach ndéanfaí é a adhlacadh go cóir ar deireadh, deirimse go mbeadh an marbhleanbh níos fearr as na é. 4 Óir, d’ainneoin gur in aisce a thagann an marbhleanbh isteach sa saol agus go n-imíonn sé leis sa dorchadas nó go mbíonn a ainm folaithe ann, 5 agus bíodh nach bhfeiceann sé an ghrian agus nach mbíonn eolas aige ar aon rud, is fearr an bhail a bhíonn air ná ar an duine úd. 6 Dá mairfeadh duine míle bliain faoi dhó ach gan aon rath a theacht air nach dtéann an bheirt acu go dtí an áit chéanna?

7 Saothraíonn an duine ar mhaithe lena bholg ach ní shásaítear a ghoile riamh. 8 Cén buntáiste atá ag an eagnaí ar an amadán nó ag an duine bocht féin a thuigeann conas é féin a iompar i láthair daoine. 9 Is fearr glacadh lena bhfeiceann do shúil ná dul ar thóir do mhéine—baois is ea é seo freisin agus tóraíocht gaoithe.

10 Cibé ní a tháinig ann, tá ainm tugtha dó cheana féin agus is eol céard é an duine agus nach féidir dó conspóid a dhéanamh leis an té atá níos láidre ná é féin. 11 Dá líonmhaire iad na briathra a labhraítear is ea is mó í an bhaois. Cén tairbhe a bhaineann an duine as? 12 Óir cé arb eol dó céard is maith don duine sa saol seo le linn gearrthéarma na beatha díomhaoine a chaitheann sé anseo ar nós scáile. Cé hé ar féidir dó a insint don duine cad a tharlóidh abhus faoi luí na gréine nuair a bheidh seisean imithe?

Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
Logáil Amach
Logáil Isteach
  • Gaeilge
  • Roinn
  • Roghanna
  • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
  • Téarmaí Úsáide
  • Polasaí Príobháideachta
  • Privacy Settings
  • JW.ORG
  • Logáil Isteach
Roinn