Laoi na Laoithe
LAOI NA LAOITHE
1 Laoi na laoithe do Sholamh.
2 Pógadh sé mé de phóga a bhéil
óir is fearr do ghrá ná fíon.
3 Is maith é cumhracht d’ola,
ola dhoirte d’ainm
a d’fhág na cailíní i ngean leat.
4 Tarraing i do dhiaidh mé, rithimis.
Tabhair isteach mé a rí, i do theach féin.
Tú ár n-áthas, tú ár n-aoibhneas.
Mórfaimid do ghrá thar fhíon.
Is ciallmhar iad an mhuintir a thug grá duit.
5 Más dubh mé, is sciamhach,
a mhná Iarúsaileim;
mar bhotha céadair,
mar bhéalscátha Sholaimh.
6 Ná féachaigí ar dhath mo chraicinn,
is amhlaidh a dhóigh an ghrian mé.
Mo dheartháireacha, a bhí anuas orm,
d’fhág i bhfeighil na bhfíonghort mé,
faoi deara faillí m’fhíonghoirt féin.
7 Inis dom, a ghrá mo chroí,
Cá gcuireann tú do thréad ar féarach,
Cá gcuireann chun luí ó bhrothall an lae iad;
i dtreo nach gcaithfinn gabháil ag cuardach
trí thréada do chomharsana?
8 Murab eol duit, a bhean thar mhná,
lean lorg na gcaorach;
cuir do mheannáin ar féarach
in aice bhoth na dtréadaithe.
9 Mo chapaill faoi charbad Fhorainn,
is mar sin liom tú, a chara.
10 Is breá do ghruanna d’ainneoin fáinní cluas,
agus do mhuineál d’ainneoin muincí.
11 Déanfaimid muince óir duit
agus cnaipí airgid inti.
12 Nuair atá an rí [ag a bhord],
tá mo nard ag tabhairt a chumhrachta.
13 Miorr cumhra liom mo ghrá
i sparán ar mo bhrollach.
14 Gas coifir liom mo ghrá
as fíonghort Thobar Gheidí.
15 Nach álainn tú, a rún,
nach álainn!
do shúile is coilm iad.
16 Nach álainn tú, a ghrá;
is aoibhinn go deimhin.
I lár dhuilliúr ár leapa.
17 Crann céadrais díon ár dtí,
adhmad píne ár dtroscán.