Laoi na Laoithe
8 Cé a thabharfadh go mba deartháir liom thú
a dhiúil cíocha mo mháthar,
go bpógfainn thú mar a mbuailfinn leat
gan náire na ndaoine.
2 Sheolfainn liom isteach thú
i dteach mo mháthar a mhúin mé;
thabharfainn duit fíon cumhra,
sú mo ghránúll.
3 A lámh chlé faoi mo cheann,
A lámh dheas tharm anall.
4 Agraím oraibh
a mhná Iarúsailéim
gan mo rún a chorraí ná a mhúscailt
go dtograí sí féin.
5 Cé hí seo aníos ón bhfásach
ar ghualainn a grá?
Faoin gcrann úll a mhúscail mé thú;
is ann a rug do mháthair thú,
is ann a bhí do bhuime in íona.
6 Cuir mar shéala ar do bhrollach mé,
mar fháinne ar do láimh.
Óir ní láidre an bás ná an grá,
ní doichte an tÉad na Tír an Bháis.
Is tine dhóite é,
sárlasair.
7 Díle uisce
ní mhúchfadh an grá,
ná tuile abhann
ní scuabfadh chun siúil é.
An té thairgfeadh a chuid den saol ar ghrá,
tarcaisne a gheobhadh sé.
8 Tá deirfiúr againn atá beag,
í fós gan chíocha.
Cad a dhéanfaimid lenár ndeirfiúr
an lá a mbeidh sí á hiarraidh?
9 Más balla í
tógfaimid túr airgid ar a mullach.
Más geata í,
daingneoimid le clár céadrais í.
10 Is balla mé
agus mo chíocha mar thúir air,
Ach leis an bhfear siúd
tá mo shíocháin déanta.
11 Bhí fíonghort ag Solamh
i bpobal líonmhar.
Chuir sé an fíonghort ar cíos,
míle bonn ón duine ar a thoradh.
12 Sin é an fíonghort domsa:
seo dhuit do mhíle bonn, a Sholaimh,
agus dhá chéad thairis dá lucht coimeádta.
13 Tusa sa ghort
—tá na cairde ag éisteacht—
cluinim do ghuth.
14 Rith chugam, a ghrá mar eilit,
nó mar oisín na bhfia,
ar chnoic chumhra.