Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • Íseáia 11
  • An Bíobla Naofa

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • An Bíobla Naofa
  • 1
  • 2
  • 3
  • 4
  • 5
  • 6
  • 7
  • 8
  • 9
  • 10
  • 11
  • 12
  • 13
  • 14
  • 15
  • 16
An Bíobla Naofa
Íseáia 11:1-16

Íseáia

11 Tá bachlóg ag eascar as bun chrann Ieise,

agus gas ag teacht óna fhréamh;

2 tá spiorad an Tiarna ag lonnú air,

spiorad na heagna agus na tuisceana,

spiorad na comhairle agus na cumhachta,

spiorad an eolais agus eagla an Tiarna.

(In eagla an Tiarna is ea tá a dhúil.)

3 Ní thugann sé breith de réir na cosúlachta,

ná ní chuireann tuairim de ar scéal scéil.

4 Ach déanann sé cóir agus ceart do na dealbha

agus tugann breithiúnas cothrom i leith dearóile na tíre.

Bata is ea a bhriathar a bhuaileann an t-anduine,

agus gaoth an fhocail uaidh, maraíonn sé an t-urchóideach.

5 Is í an chóir bréid cheangail a choime,

agus tá an dea-rún ina chrios ar a chorróga.

6 Tá an mac tíre ina chónaí leis an uan,

an pantar sínte le taobh an mheannáin ghabhair;

tá an gamhain agus an coileán leoin ar marthain in éineacht

agus gasúr óg á mbuachailleacht.

7 Tá an bhó agus an béar ag snaidhmeadh caradais,

agus a gceanna beaga in aon ál le chéile;

tá an leon ag ithe cocháin ar nós na mart.

8 Tá an leanbh cíche ag súgradh faoi phrochóg an chobra,

ar phluais na nathrach leagann an naíonán a lámh.

9 Díth ná dochar ní dhéantar níos mó

ar fud mo shléibhe bheannaithe go léir,

óir tá an talamh lán le heolas ar an Tiarna

mar a líonann an fharraige leis an lán mara.

10 Sa lá sin, beidh beangán ó fhréamh Ieise

ina sheasamh mar chomhartha do na ciníocha.

Beidh na náisiúin ag dul ina mhuinín

agus beidh a áit chónaithe faoi mhaise agus faoi ghlóir.

11 Sa lá sin, ardóidh an Tiarna a lámh as an nua

chun fuílleach a phobail a athghabháil,

a mbeidh fágtha tar éis deoraíocht na hAsaíre agus na hÉigipte,

ó Phatros agus ó Chúis agus ó Éalám,

ó Shionár agus Hamát agus ó chríocha na farraige.

12 Cuirfidh sé comhartha in airde le haghaidh na náisiún,

agus baileoidh sé ar díbríodh as Iosrael le chéile;

cruinneoidh sé muintir scaipthe Iúdá ó cheithre arda an domhain.

13 Beidh deireadh ansin le héad Eafráim,

agus brúfar naimhde Iúdá síos;

ní bheidh Eafráim in éad le Iúdá feasta,

ná Iúdá ina namhaid ag Eafráim níos mó.

14 Tabharfaidh siad ruathar siar ar shleasa na bhFilistíneach,

i gcuideachta a chéile déanfaidh siad slad ar chlann an Oirthir;

beidh Eadóm agus Móáb faoina gceannas

agus clann Amón ag géilleadh dóibh.

15 Agus triomóidh an Tiarna camas mhuir na hÉigipte,

agus sínfidh amach a lámh os cionn na hAbhann;

le neart a anála roinnfidh sé ina seacht srutháin í,

agus beifear ag siúl trasna tirimchosach,

16 sa dóigh go mbeidh clochán ann faoi choinne fuílleach a phobail,

ar mhair beo i ndiaidh deoraíocht na hAsaíre,

díreach mar bhí faoi choinne Iosrael

nuair a tháinig siad aníos as an Éigipt.

Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
Logáil Amach
Logáil Isteach
  • Gaeilge
  • Roinn
  • Roghanna
  • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
  • Téarmaí Úsáide
  • Polasaí Príobháideachta
  • Privacy Settings
  • JW.ORG
  • Logáil Isteach
Roinn