Íseáia
15 Fáistine i dtaobh Mhóáb.
An oíche a ndearnadh creach ar Ár,
fágadh Móáb ina thost;
an oíche ar creachadh Cír,
fágadh Móáb ina thost.
2 Táthar ag dul suas go teampall Dhíobón,
suas ar na hardáin chun caoineadh;
ar Neabó agus i Maedabá
tá Móáb ag olagón.
Tá gach cloigeann bearrtha,
gach féasóg lomtha;
3 sna sráideanna tá éadach róin orthu,
agus ar bharr na dtithe táthar ag caoineadh.
Sna cearnóga tá gach aon ag olagón
agus an gol ag briseadh orthu.
4 Tá Heisbeon agus Eileálae ag éagaoin,
chomh fada le Iahaz tá siad le cloisint.
Is uime sin atá corróga Mhóáb ar crith,
agus a anam ag creathnú.
5 Tá mo chroí ag éagaoin ar son Mhóáb,
agus a uaisle ar teicheadh fad le Zoar.
Och! fána Lúichít suas
atá a dtriall agus iad ag caoineadh.
Ar bhealach Horonáím
tá siad ag gol go coscarthach.
6 Och! uiscí Nimrím,
is sceirdiúil an áit í;
tá an féar feoite, an scraith ghlas seargtha,
lusra níl ann níos mó.
7 Is é sin an fáth a bhfuil a soláthar déanta
agus a bhfuil a maoin á hiompar acu
thar Sruthán na Saileach anonn.
8 Och! déanann an liúireach cuairt chríoch Mhóáb;
fhad le hEaglaím tá a uailleach le cloisint,
a uailleach fad le Béar Éilím.
9 Och! tá uiscí Dhímeon ina dtuilte fola;
ach tá tubaistí le teacht fós ar Dhímeon,
leon ar fhuíoll air Mhóáb
agus ar iarmhar na tíre sin.