Íseáia
18 Chugatsa atáim, a thír na sciathán seabhránach, ar an taobh thall d’aibhneacha Chúis,
2 tusa a sheolann do chuid teachtaí uait ar an bhfarraige,
ag taisteal in árthaí giolcach ar dhroim na n-uiscí.
Imígí libh, a theachtairí meara,
chun cine na scafairí griandaite,
chuig an náisiún a raibh eagla rompu riamh anall,
cine cumhachtach caithréimeach,
sa tír a shileann na haibhneacha.
3 A mhuintir an domhain uile,
a áitreabhacha na talún go léir,
breathnaígí, tá an comhartha á chrochadh in airde;
éistigí, tá an stoc á shéideadh.
4 Óir is é seo atá an Tiarna a rá liom:
“Ón áit a bhfuil mo chónaí,
tá mé ag breathnú uaim go socair,
le linn loinnir agus ruithne teasa,
le ceo drúchta i mbrothall an fhómhair.”
5 Roimh fhómhar an fhíona, agus aimsir na mbachlóg thart,
nuair a aibíonn an bláth chun caor,
gearrtar na péacáin leis an gcorrán,
déantar beangáin a scoitheadh agus a theascadh.
6 Fágfar ansin iad go léir
le haghaidh éin chreiche na sléibhte
agus ainmhithe allta na talún.
Caithfidh na héin an samhradh ag gabháil dóibh,
agus na hainmhithe allta an geimhreadh.
7 Ag an am sin tabharfar bronntanais chuig Tiarna na Slua ó chine na scafairí griandaite, ón náisiun a raibh eagla rompu riamh anall, ón gcine cumhachtach caithréimeach sa tír a shileann na haibhneacha; tabharfar iad chuig an áit ina lonnaíonn ainm Thiarna na Slua, ar shliabh Shíón.