Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • Íseáia 24
  • An Bíobla Naofa

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • An Bíobla Naofa
  • 1
  • 2
  • 3
  • 4
  • 5
  • 6
  • 7
  • 8
  • 9
  • 10
  • 11
  • 12
  • 13
  • 14
  • 15
  • 16
  • 17
  • 18
  • 19
  • 20
  • 21
  • 22
  • 23
An Bíobla Naofa
Íseáia 24:1-23

Íseáia

24 Féach, tá an Tiarna ag creachadh na talún,

tá sé á scriosadh agus á hiompú bun os cionn;

tá a muintir á scaipeadh aige,

2 idir chléir agus thuath, idir uasal agus íseal,

máistreás agus searbhónta, díoltóir agus ceannaitheoir,

iasachtóir agus iasachtaí, creidiúnaí agus féichiúnaí.

3 Creachta agus seanchreachta atá sí, mar thalamh;

sladaithe agus deargshladaithe a bheidh,

mar a d’ordaigh an Tiarna.

4 Tá an talamh faoi bhrón agus in ísle brí,

tá an domhan ag meath agus in ísle brí,

tá neamh agus talamh ag meath.

5 Tá an talamh truaillithe

faoi chosa a cuid áitreabhach,

óir sháraigh siad na dlíthe, bhris na reachtanna,

choill an conradh síoraí.

6 Is ar an ábhar sin atá crann smola ag alpadh na talún

agus a háitreabhaigh ag íoc as a gcionta.

Is uime sin atá áitreabhaigh na talún ina ngualach dóite,

agus gan ach beagán den chine daonna fágtha.

7 Tá an fíon faoi bhrón, an fhíniúin ag meath,

agus lucht an ghliondar croí ag osnaíl.

8 Tá deireadh le meadhar na mbodhrán,

agus críoch le callán lucht gairdis;

tá deireadh le meadhar na gcláirseach.

9 Ní ólann siad fíon níos mó agus iad ag ceol,

agus is searbh leis na pótairí an bhiotáille.

10 Tá cathair an neamhní ar lár,

tá gach teach dúnta agus níl dul isteach iontu.

11 Táthar ag mairgneach sna sráideanna cheal fíona;

tá deireadh leis an uile lúcháir,

tá an t-áthas díbeartha ón tír.

12 Níl fágtha sa chathair ach léirscrios,

tá an geata briste ina chonamar.

13 Is amhlaidh sin a bheidh an talamh ar fad,

i gcás na gciníocha uile,

mar a bhíonn na crainn olóige nuair a chraitear an toradh astu,

mar a bheadh deasca na fíniúna agus fómhar an fhíona déanta.

14 Gáireann daoine amach in ard a gcinn, liúnn siad le barr áthais;

canann siad mórgacht an Tiarna ó chois na farraige thiar.

15 Sna hoileáin freisin táthar ag glóiriú an Tiarna,

agus i gcríocha na farraige ainm an Tiarna, Dia Iosrael.

16 Ó chríocha na cruinne cloisimid iad ag ceol: “Glóir don Fhíréan!”

Ach deirimse: “Is leor, is leor sin!

Drochrath ar lucht fill a dhéanann feall,

ar lucht fill a dhéanann feall go fealltach!”

17 Scéin agus clais agus gaiste

is ea do chuid, a dhuine atá i do chónaí ar talamh!

18 An té a theitheann ó thorann na scéine,

titfidh sé sa chlais;

má dhreapann sé aníos as an gclais,

béarfar air sa ghaiste.

Óir tá fuinneoga na bhflaitheas ar leathadh,

agus bunsraith na talún ar crith.

19 Tá an talamh briste ina smionagar,

tá an talamh á scoilteadh agus á scáineadh,

tá an talamh ag crith agus ag creathnú.

20 Tá an talamh ag stangadh mar bheadh fear meisce ann,

tá sé ag longadán mar bheadh scáthlán ann;

is trom é an t-ualach air a chuid peacaí,

titeann sé gan éirí i ndán dó.

21 An lá sin, léasfaidh an Tiarna slua na spéire sa spéir,

agus abhus ar talamh ríthe na talún.

22 Baileofar i dtoll a chéile iad ar nós cimí i bpluais,

caithfear isteach sa charcair iad

agus i ndiaidh na mblianta fada gheobhaidh siad a bpionós.

23 Beidh náire ar an ngealach, agus ceann faoi ar an ngrian,

óir déanfar rí de Thiarna na Slua

ar shliabh Shíón in Iarúsailéim

agus foilseofar a ghlóir i láthair a sheanóirí.

Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
Logáil Amach
Logáil Isteach
  • Gaeilge
  • Roinn
  • Roghanna
  • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
  • Téarmaí Úsáide
  • Polasaí Príobháideachta
  • Privacy Settings
  • JW.ORG
  • Logáil Isteach
Roinn