Íseáia
26 An lá sin, beidh an laoi seo á ceol ar thalamh Iúdá:
“Tá baile daingean againn;
leag sé amach bábhún agus forbhalla dár ndídean.
2 Osclaígí na geataí! Isteach leis an bpobal fíréanta,
an té a sheasann lena ghealltanas,
3 atá bunúsach ó chroí, a choinníonn an tsíocháin,
óir is asatsa atá a mhuinín.
4 Bíodh bhur muinín as an Tiarna go deo,
óir is é an Tiarna an charraig shíoraí;
5 d’ísligh sé an dream a bhí ina gcónaí ar na harda,
muintir an dúnfoirt daingin,
leagann sé iad, leagann iad ar lár,
caitheann sé síos iad sa láib;
6 cosa na n-úiríseal agus na mbochtán,
siúlann siad orthu ina gcoiscéim.”
7 Is díreach bealach an fhíréin,
réitíonn tú bóthar díreach don fhíréan.
8 Is ea, ar bhealach do chuid breithiúnas
tá muid ag fanacht ort, a Thiarna,
is é d’ainm agus do chuimhne tnúthán ár n-anama.
9 Bíonn m’anam ag dréim leat san oíche,
agus mo spiorad do do lorg ionam féin istigh;
nuair a fhoilsítear do bhreithiúnais ar talamh,
foghlaimíonn muintir an domhain ceart agus cóir.
10 Má thugtar fabhraíocht don urchóideach,
ní fhoghlaimíonn sé ionracas.
I dtír na córa, déanann sé urchóid;
ní fheiceann sé maorgacht an Tiarna.
11 A Thiarna, tá do lámh tógtha in airde;
ní fheiceann siad í.
Feiceadh siad do dhúthracht i leith an phobail seo, is bíodh náire orthu;
an tine a lasadh le haghaidh do naimhde, alpfaidh sí iad.
12 A Thiarna, is tú a thugann síocháin dúinn,
óir caitheann tú linn de réir mar tá tuillte againn.
13 A Thiarna, a Dhia linn,
bhí réim ag tiarnaí seachas tú féin orainn
ach ní aithnímid ach tusa feasta,
ní aithnímid ach d’ainmse amháin.
14 Marbh atá siad siúd, agus níl saol i ndán dóibh arís.
Scáilí is ea iad, ní éireoidh siad níos mó,
mar tá siad smachtaithe scriosta agat
agus tá a gcuimhne curtha ar ceal.
15 Méadaigh do phobal, a Thiarna, méadaigh é;
tabhair glóir don phobal,
cuir fairsinge le críocha na tíre go léir!
16 A Thiarna, san anbhroid dúinn tá muid do do lorg;
anacair agus ansmacht, ba iad siúd do phionós orainn.
17 Mar bhean ag iompar, ag lúbarnach is ag screadach i dtinneas clainne,
is amhlaidh dúinn féin, a Thiarna, os do chomhair;
18 ghabh muid gin, tá muid i bpriacal mar bheimis ag saolú;
ach níor thug muid spiorad an tslánaithe ar an saol,
níl áitritheoirí á mbreith don domhan níos mó.
19 Beidh saol ag do chuid marbhánach arís,
éireoidh a gcoirp as an nua;
músclaígí, déanaigí gairdeas,
sibhse uile atá sínte sa láib;
óir is geal é mar dhrúcht do dhrúchtsa,
agus tiocfaidh sliocht ar thír na scáth.
20 Imigh, a phobal liom, gabh isteach i do sheomraí
agus dún na doirse i do dhiaidh.
Gabh i bhfolach seal nóiméid
go dtí go dté an fhearg thart.
21 Óir féach, tá an Tiarna ag teacht as a áras amach
chun a n-urchóid a aifirt ar mhuintir an domhain go léir.
Tá an talamh chun an fhuil a doirteadh air a aiseag,
agus ní choinneoidh sé a chuid marbh faoi chlúdach níos mó.