Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • Íseáia 41
  • An Bíobla Naofa

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • An Bíobla Naofa
  • 1
  • 2
  • 3
  • 4
  • 5
  • 6
  • 7
  • 8
  • 9
  • 10
  • 11
  • 12
  • 13
  • 14
  • 15
  • 16
  • 17
  • 18
  • 19
  • 20
  • 21
  • 22
  • 23
  • 24
  • 25
  • 26
  • 27
  • 28
  • 29
An Bíobla Naofa
Íseáia 41:1-29

Íseáia

41 Bígí in bhur dtost i mo láthair, a insí na farraige,

déanadh na ciníocha a neart a athnuachan;

tagadh siad chun tosaigh agus labhraíodh siad.

Tagaimis le chéile i láthair an bhreithiúnais, mise agus iad.

2 “Cé a mhúscail é siúd as an Oirthear,

a bhfuil an bua ag fáiltiú roimhe gach áit a dtriallann sé?

Cé a thugann na ciníocha ar láimh dó

agus a thugann béim síos do na ríthe os a chomhair?

Déanann a chlaíomh deannach díobh

agus scaipeann a bhogh iad ina gcoinleach cáite.

3 Cuireann sé an ruaig orthu agus ar aghaidh leis san sábháilte

is ar éigean má bhaineann a chosa leis an mbealach.

4 Cé hé a rinne an gníomh seo,

murarb é an té a ghlaonn ar na glúine ó thosach?

Mise, an Tiarna, atá i dtús ann

agus a bheidh ar deireadh; is mise é!”

5 Feiceann insí na farraige é agus gabhann eagla iad,

tá an talamh ar crith ó cheann ceann;

tá siad ag tarraingt orainn, tá siad i láthair.

6 Cuidíonn duine lena chomharsa,

agus deir lena bhráthair: “Misneach!”

7 Spreagann an ceardaí an gabha óir;

gríosaíonn fear an chasúir ghreanta fear buailte na hinneona.

Deir sé faoin phlátáil: “Tá sé déanta go maith.”

Agus daingníonn le tairní é sa chaoi nach mbogfaidh sé.

8 Is tusa, a Iosrael, mo ghiolla;

tusa, a Iacóib, atá tofa agam,

síol Abrahám, mo chara.

9 Tusa a thug mé ó chríocha na talún

agus ar ghlaoigh mé ort ó iargúil na cruinne;

tusa ar dhúirt mé leat: “Is tú mo ghiolla,

tá tú tofa agam, níor thug mé droim láimhe leat.”

10 Ná bíodh eagla ort, tá mise i d’fhochair;

ná bíodh faitíos ort, mar is mé do Dhia.

Cuirimse neart ionat agus cuidím leat,

coinním suas le mo dheasláimh bhuach thú.

11 Sea, beidh náire agus ceann faoi orthu,

iad siúd uile a bhí go fíochmhar i do choinne.

Beidh siad mar neamhní agus rachaidh siad ar ceal,

an dream a bhí ag iomaíocht leat.

12 Beidh tú á lorg agus ní bheidh fáil agat orthu,

na céilí comhraic seo agat;

dísceofar iad, cuirfear ar neamhní iad,

an dream atá ag cur catha ort.

13 Óir mise, an Tiarna, do Dhia,

tá greim agam ar do láimh dheas;

deirim leat: “Ná bíodh eagla ort,

táimse ag teacht i gcabhair ort.”

14 Ná bíodh eagla ort, a Iacóib, a chnumhóigín,

a fhrídín, a Iosrael.

Táimse ag teacht i gcabhair ort—briathar an Tiarna—

is é Neach Naofa Iosrael d’fhuascailteoir.

15 Seo, tá mé chun cliath buailte a dhéanamh díot,

é úrnua agus dhá chíor fiacal ann.

Buailfidh tú agus meilfidh tú na sléibhte,

déanfaidh tú lóchán mín de na cnoic.

16 Cáithfidh tú iad agus tabharfaidh an ghaoth ar shiúl iad,

cuirfidh an stoirm scaipeadh orthu.

Maidir leat féin, beidh lúcháir ort sa Tiarna,

beidh tú ag déanamh mórtais as Neach Naofa Iosrael.

17 Tá na dearóile agus na bochtáin ag lorg uisce, agus níl sé ann.

Tá an teanga spallta iontu le tart.

Ach mise, an Tiarna, tabharfaidh mé éisteacht dóibh,

mise, Dia Iosrael, ní thréigfidh mé iad.

18 Ar na dumhcha osclóidh mé aibhneacha

agus fuaráin uisce i lár na ngleannta.

Déanfaidh mé lochán den ghaineamhlach

agus toibreacha den talamh tirim.

19 San fhásach cuirfidh mé crainn chéadrais,

crainn acáise agus crainn mhiortail agus crainn olóige.

Sa díthreabh cuirfidh mé an t-aiteal,

crann plána agus cufróg le hais a chéile.

20 Chun go bhfeice daoine agus go n-aithní siad,

chun go meabhraí siad agus go dtuige siad le chéile

gurb í lámh an Tiarna a rinne an méid sin,

gurb é Neach Naofa Iosrael a chuir i gcrích.

21 “Tugaigí bhur gcúis i láthair,” a deir an Tiarna;

“déanaigí bhur bpléadáil,” a deir rí Iacóib.

22 “Tagadh siad chun tosaigh, na déithe bréige seo,

agus foilsíodh siad dúinn cad tá le titim amach.

Cad a thaispeáin siad dúinn san am atá thart

go dtabharfaimis aird ar bith orthu?

Nó an é go bhfuil sibh chun na rudaí atá le teacht a nochtadh

chun go mbeidh a fhios againn an toradh a bheidh orthu.

23 Foilsígí dúinn cad a bheidh ann amach anseo,

chun go bhfeice muid an déithe sibh.

Déanaigí rud éigin, olc, maith nó dona,

chun go n-airí muid agus go bhfeice muid go léir é.

24 Ar ndóigh, ní dada sibh agus is neamhní bhur saothar,

is gráiniúil an rud é dul i bpáirt libh.”

25 Mhúscail mé as an Tuaisceart é agus tháinig sé,

ghlaoigh mé air as an Oirthear ina ainm.

Shatail sé ar mhaoir chúige mar a bheadh láib iontu,

mar a dhéanfadh potaire a chuid cré a phasáil.

26 Cé a d’fhoilsigh é anallód, go mbeadh a fhios againn?

fadó riamh, chun go ndéarfaí: “Tá sé ceart”?

Ach ní raibh duine ar bith ann a d’fhoilsigh é,

duine ar bith a d’fhógair é,

duine ar bith a chuala focal uait.

27 Bhí sé ráite agam le Síón roimh ré: “Seo chugainn iad”;

bhí teachtaire dea-scéala curtha agam chuig Iarúsailéim.

28 Bhí mé ag breathnú uaim agus ní raibh aon duine ann,

ní raibh ceann comhairle ar bith ina measc

go bhféadfainn ceist a chur air agus a thabharfadh freagra dom.

29 Ní dada iad agus iad a chur le chéile;

neamhní is ea a n-oibreacha,

níl ina gcuid íol ach gaoth agus baois.

Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
Logáil Amach
Logáil Isteach
  • Gaeilge
  • Roinn
  • Roghanna
  • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
  • Téarmaí Úsáide
  • Polasaí Príobháideachta
  • Privacy Settings
  • JW.ORG
  • Logáil Isteach
Roinn