Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • Íseáia 50
  • An Bíobla Naofa

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • An Bíobla Naofa
  • 1
  • 2
  • 3
  • 4
  • 5
  • 6
  • 7
  • 8
  • 9
  • 10
  • 11
An Bíobla Naofa
Íseáia 50:1-11

Íseáia

50 Is amhlaidh seo a deir an Tiarna:

Cá bhfuil bille dealaithe do mháthar, más ea,

an dintiúr lenar chuir mé uaim í?

Nó cé acu de mo chreidiúnaithe

ar dhíol mé sibh leis?

De dheasca bhur gcionta is ea díoladh sibh,

de thairbhe bhur gcoireanna a séanadh bhur máthair.

2 Cén fáth, nuair a tháinig mé, nach raibh aon duine ann romham,

agus nuair a ghlaoigh mé, nach raibh duine le mé a fhreagairt?

An amhlaidh, dar libh, atá mo lámh róghearr chun fuascailte?

An é nach bhfuil cumas ionam chun tarrthála?

Focal aithise uaim agus triomaím an fharraige,

déanaim gaineamhlach de na haibhneacha;

tá a gcuid éisc marbh cheal uisce agus ag morgadh leis an triomach.

3 Éadaím na spéartha le dúchan bróin,

cuirim éadach róin umpu mar chlúdach.

4 Thug an Tiarna Dia dom

teanga an aos léinn.

Chun go mbeinn i riocht fóirithint ar an té atá traochta

spreagann sé briathar ionam.

Maidin in aghaidh na maidine cuireann sé cluas orm

chun go n-éiste mé ar nós an aos léinn.

5 An Tiarna Dia, is é a d’oscail mo chluas.

Maidir liom féin, níor chuir mé ina choinne,

níor theann mé ar gcúl.

6 Lig mé mo dhroim le lucht a bhuailte

agus mo ghruanna leo siúd a bhí ag piocadh na féasóige asam;

níor cheil mé mo ghnúis

ar mhasla ná ar sheile.

7 Tá an Tiarna Dia ag teacht i gcabhair orm,

is é sin an fáth nach mothaím an masla.

Mar sin, chruaigh mé mo ghnúis mar an chloch ghlas,

bhí a fhios agam nach mbeinn meallta.

8 An té a shaorfaidh mé ar chion, tá sé i ngar.

An bhfuil aon duine a chuirfeadh cúis orm?

Tagaimis beirt i láthair, má tá.

An bhfuil aon duine ag éileamh ceart orm?

Seasadh sé chugam amach!

9 Tá an Tiarna Dia ag cuidiú liom,

cé a thabharfadh ciontach mé?

Beidh siad spíonta smolchaite ar nós giobal éadaigh,

agus iad á gcreimeadh ag leamhain.

10 Aon duine in bhur measc a bhfuil eagla air roimh an Tiarna,

éisteadh sé le glór a Ghiolla!

An té a shiúlann sa dorchadas

agus gan léas le feiceáil aige,

cuireadh sé a mhuinín in ainm an Tiarna,

baineadh sé taca as a Dhia.

11 Ach sibhse uile, fadaíonn sibh tine,

corraíonn sibh suas an ghríosach.

Isteach libh i lasracha na tine sin agaibh

agus sa ghríosach atá adhainte agaibh.

Mo lámhsa a chaithfidh libh ar an dóigh sin,

suífidh sibh fúibh i bpeannaid.

Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
Logáil Amach
Logáil Isteach
  • Gaeilge
  • Roinn
  • Roghanna
  • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
  • Téarmaí Úsáide
  • Polasaí Príobháideachta
  • Privacy Settings
  • JW.ORG
  • Logáil Isteach
Roinn