Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • Íseáia 55
  • An Bíobla Naofa

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • An Bíobla Naofa
  • 1
  • 2
  • 3
  • 4
  • 5
  • 6
  • 7
  • 8
  • 9
  • 10
  • 11
  • 12
  • 13
An Bíobla Naofa
Íseáia 55:1-13

Íseáia

55 Hóigh, a lucht an íota, tagaigí faoi choinne uisce;

fiú mura bhfuil airgead agaibh, tagaigí;

Ceannaigí cruithneacht agus ithigí gan díol as,

agus fíon agus bainne gan íoc.

2 Cén fáth a gcaitheann sibh airgead air rud nach arán é,

agus luach bhur saothair ar rud nach bhfuil sásamh ann?

Éistigí liomsa agus beidh sólaistí le hithe agaibh

agus beidh taitneamh á bhaint agaibh as togha an bhia.

3 Tugaigí cluas agus tagaigí chugam,

éistigí agus beidh bhur n-anam saolach.

Déanfaidh mé conradh libh, conradh buan an uair seo,

an chomaoin cheanúil a chur oraibh a ba mhinic ag Dáiví.

4 Is amhlaidh atá tú mar fhinné agam do na ciníocha,

i do cheannaire agus i do cheann comhairle ar na náisiúin.

5 Seo, glaofaidh tú ar chiníocha nárbh aithin duit

agus tiocfaidh ciníocha gan aithne ort chugat ina rith.

Toisc an Tiarna, do Dhia,

agus Neach Naofa Iosrael, ós é a chuir maise ort.

6 Lorgaigí an Tiarna, fad a chuireann sé é féin air fáil;

glaoigí air, fad atá sé i ngar.

7 Fágadh an coirpeach a dhrochnós

agus fear na hurchóide a bhearta.

Filleadh sé ar an Tiarna, a ghlacfaidh trua dó,

agus ar ár nDia, atá fial faoi mhaithiúnas.

8 Óir ní hiad mo bhearta bhur mbearta,

ná ní hiad bhur mbealaíse mo bhealaíse, briathar an Tiarna.

9 Is ard iad na spéartha os cionn na talún,

agus is comh-ard mo bhealaí os cionn bhur mbealaí

agus mo bhearta os cionn bhur mbearta.

10 Óir mar a thagann báisteach agus sneachta anuas ó na spéartha agus nach bhfilleann suas ar ais gan an talamh a fhliuchadh, gan fás agus eascar a chur ann, chun go dtuga sé síol don síoladóir agus arán le hithe, 11 is amhlaidh don bhriathar a théann as mo bhéal, ní fhilleann orm gan toradh, gan an rud a b’áil liom a dhéanamh agus mo bheart a chur i gcrích.

12 Sea, imeoidh sibh amach faoi lúcháir

agus tabharfar abhaile sibh slán sábháilte.

Sléibhte agus cnoic, ligfidh siad gártha áthais romhaibh

agus beidh crainn uile na tíre ag bualadh bos.

13 In ionad driseacha beidh an chufróg ag fás,

agus in áit na neantóg an miortal.

Déanfaidh sin clú agus cáil don Tiarna,

beidh ina chomhartha nach gcaitear agus nach mbristear!

Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
Logáil Amach
Logáil Isteach
  • Gaeilge
  • Roinn
  • Roghanna
  • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
  • Téarmaí Úsáide
  • Polasaí Príobháideachta
  • Privacy Settings
  • JW.ORG
  • Logáil Isteach
Roinn