Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • Íseáia 57
  • An Bíobla Naofa

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • An Bíobla Naofa
  • 1
  • 2
  • 3
  • 4
  • 5
  • 6
  • 7
  • 8
  • 9
  • 10
  • 11
  • 12
  • 13
  • 14
  • 15
  • 16
  • 17
  • 18
  • 19
  • 20
  • 21
An Bíobla Naofa
Íseáia 57:1-21

Íseáia

57 Téann an fíréan in éag

agus ní mheabhraíonn aon duine ina chroí é.

Tógtar lucht na caoindúthrachta ar shiúl

gan duine ar bith a thabhairt aird air.

2 Is ea, de bharr na hurchóide tógtar an fíréan ar shiúl

ach isteach sa tsíocháin a théann sé.

Tá siad ag ligean a scíthe ar a leaba dheireanach,

iad siúd a shiúil bealach na córa.

3 Ach tagaigí sibhse i leith anseo, a chlann na caillí feasa,

a phór an adhaltranaigh agus na striapaí.

4 Cé faoi atá sibh ag fonóid, cé faoi an clab sin oraibh,

agus cé chuige a shánn sibh amach bhur dteanga?

Síol an pheaca atá ionaibh

agus pór na mbréag!

5 Sibhse a dhéanann drúis faoi na crainn teiribinte,

faoi gach crann glas

ag íobairt páistí sna haltáin sléibhe,

i scealpacha na gcarraig!

6 Clocha snoite na n-altán, sin iad do chuibhreann,

is iad, is iad do chuid.

Ar a son siúd a dhoirteann tú deochanna ofrála,

chucusan a thugann tú ofrálacha bia.

An bhfuil sásamh le fáil agam ina leithéid?

7 Ar shliabh mór ard

atá do leaba cóirithe agat.

Is ann freisin a chuaigh tú suas

a dhéanamh do chuid íobairtí.

8 Ar chúl an dorais agus na hursan

is ea a chuir tú do chloch chuimhne in airde.

D’imigh tú uaim agus bhain tú díot,

chuaigh tú ar an leaba fhairsing a bhí cóirithe agat.

Tá conradh déanta agat leo siúd

ar mhór leat a leaba,

ag síorstriapachas leo

agus do shúile ar an dia bréige.

9 Chuir tú maise ort féin le hola ar son Mhoilic,

ag stealladh cumhrán ort féin;

chuir tú do theachtairí i bhfad i gcéin,

chuir tú iad síos go Seól fiú.

10 Tuirseach is mar bhí tú leis an bhfánaíocht ar fad,

níor dhúirt tú: “Tá mé ag éirí as.”

Fuair tú neart agus urra as an nua,

mar sin níl tú tuirseach fós.

11 Cé a chuir an eagla agus an t-uamhan ort

gur shéan tú mé,

go ndearna tú dearmad orm

agus nár choinnigh tú áit i do chroí dom?

Ach mise, an ea nár fhan mé i mo thost, nár dhún mé mo shúile?

Mar sin níl eagla ort romhamsa.

12 Ach anois tá mé chun an fhíréantacht seo agat a léiriú go hoscailte,

agus do ghnóthaí gan rath.

13 Nuair a screadann tú, sábháladh do dhéithe bréige gránna thú!

Cartfar ar shiúl leis an ngaoth an t-iomlán acu,

siabfaidh anáil ar shiúl iad.

Ach an té a chuireann a iontaoibh ionamsa, gheabhaidh sé an tír mar oidhreacht,

agus beidh seilbh aige ar mo shliabh beannaithe.

14 Agus cloisfear glór á rá:

Tógaigí suas tóchar agus réitigí an bealach,

glanaigí gach constaic as cosán mo mhuintire

15 Óir is mar seo a deir an Té is airde,

a bhfuil a chónaí sa tsíoraíocht

agus a bhfuil a ainm naofa:

“Tá cónaí orm in áras atá ard agus naofa,

agus fós i bhfochair an té atá brúite uiríseal ó spiorad,

chun misneach a mhúscailt arís i spiorad na n-uirísle,

chun misneach a chur ar ais sna croíthe brúite.

16 Óir ní bheidh mé ag sárú oraibh i gcónaí,

agus ní bheidh fearg á cothú istigh agam i dtólamh;

mar sa tslí sin mheathfadh romham an bheatha féin

agus gach dúil bheo dá ndearna mé.

17 Coiriúlacht agus bradaíl Iosrael a chuir fearg orm seal;

cheil mé mo ghnúis air agus bhuail mé le teann feirge.

D’imigh sé leis fiáin sna bealaí a b’áil lena chroí;

18 chonaic mé féin iad na bealaí céanna.

Ach leigheasfaidh mé é agus tabharfaidh mé sólás dó;

líonfaidh mé le suaimhneas é,

é féin agus lucht a chaointe,

19 á dhéanamh sin le briathra mo bheola:

Síocháin! Síocháin don uile dhuine, i bhfad agus i ngar!

a deir an Tiarna. Sea go deimhin, tá mé chun tú a leigheas.”

20 Ach tá lucht na hurchóide ar nós farraige suaite,

farraige nach féidir di bheith ciúin,

a mbíonn a tonnta ag caitheamh suas salachair agus láibe.

21 “Níl síocháin i ndán,” a deir mo Dhia, “do lucht na hurchóide.”

Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
Logáil Amach
Logáil Isteach
  • Gaeilge
  • Roinn
  • Roghanna
  • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
  • Téarmaí Úsáide
  • Polasaí Príobháideachta
  • Privacy Settings
  • JW.ORG
  • Logáil Isteach
Roinn