Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • Íseáia 63
  • An Bíobla Naofa

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • An Bíobla Naofa
  • 1
  • 2
  • 3
  • 4
  • 5
  • 6
  • 7
  • 8
  • 9
  • 10
  • 11
  • 12
  • 13
  • 14
  • 15
  • 16
  • 17
  • 18
  • 19
An Bíobla Naofa
Íseáia 63:1-19

Íseáia

63 Cé hé seo chugainn as Eadóm,

as Bozrá agus é dearg ina chuid éadaigh?

É i mborr agus i mbláth faoina chulaith,

ag céimniú i mbarr a nirt.

—Mise atá ann, ag fógairt fíréantachta,

mise atá in acmhainn slánaithe!

2 —Cén fáth gur dearg ar fad atá do chulaith ort,

ar nós éadach duine a bheadh ag satailt sa dabhach fíona?

3 —Phasáil mé an chantaoir i m’aonar;

duine de mo mhuintir ní raibh in éindí liom.

Mar sin shatail mé orthu agus mo racht feirge orm,

agus shiúil mé orthu i gcuthach dom;

steall súlach a gcroí ar mo chulaith

agus smálaigh mo chuid éadaigh ar fad.

4 Mar bhí cinnte ar lá an díoltais i mo chroí agam,

agus bhí bliain fuascailte mo mhuintire tagtha.

5 Bhreathnaigh mé timpeall; ní raibh duine le cuidiú liom;

agus b’iontach liom nach raibh taca le fáil.

Mo lámh féin mar sin a chuidigh liom,

agus m’fhearg, is í a rinne taca dom.

6 Bhasc mé na ciníocha le cuthach,

shatail mé orthu le teann feirge,

agus sceith mé a súlach amach ar an talamh.

7 Is mian liom comharthaí caoindúthrachta an Tiarna a aithris,

agus éachtaí an Tiarna a fhógairt,

gach a ndearna an Tiarna ar ár son

agus a iolmhaitheasa i leith teaghlach Iosrael,

gach ar bhronn sé orthu le barr dáimhe

agus ilchomharthaí a chaoindúthrachta.

8 Dúirt sé: “Cinnte is iad mo mhuintir iad,

mo chlann mhac nach dual dóibh bréag.”

Agus bhí sé ina shlánaitheoir acu

9 ina dtrioblóidí go léir.

Ní teachtaire ná aingeal

ach é féin a scaoil saor iad.

Le teann grá agus trua

d’fhuascail sé féin iad;

thóg sé suas agus d’iompair iad

sna laethanta sin uile anallód.

10 Ach d’éirigh siad amach ina choinne

agus chuir brón ar a spiorad naofa.

Is leis sin a d’iompaigh sé ina namhaid dóibh

agus chuir sé cogadh orthu é féin.

11 Ansin chuimhnigh siad ar na laethanta a bhí

agus ar Mhaois a thug a mhuintir chun saoirse:

Cá bhfuil an té úd a thug aníos ón muir

iad féin agus tréadaí a thréada?

Cá bhfuil an té a chuir isteach ann a spiorad naofa;

12 a chuir a chumhacht ghlórmhar uaidh

ag gluaiseacht ar dheasláimh Mhaois;

a scoilt na huiscí ó chéile rompu

chun ainm síoraí a bhaint amach dó féin;

13 a stiúraigh iad tríd an duibheagán

chomh réidh le capall ar an machaire fiáin,

14 gan tuisliú ach oiread le heallach

ag druidim síos bun gleanna,

agus spiorad an Tiarna á seoladh chun suaimhnis.

Is amhlaidh sin a threoraigh tú do mhuintir

chun clú agus mórcháil a thuilleamh duit féin.

15 Breathnaigh anuas ó na flaithis agus féach,

ó arda na naofachta agus na glóire mar a bhfuil do chónaí.

Cá bhfuil do dhíbheirg agus do ghaisce,

do theasghrá agus do thrócaire chugainn?

Ná seas i leataobh uainn

16 óir is tusa ár n-athair,

cé nach n-aithníonn Abrahám sinn

agus nach cuimhin le hIosrael sinn níos mó.

Tusa, a Thiarna, is athair dúinn;

ár bhfuascailteoir, is é sin d’ainm riamh anall.

17 Cén fáth, a Thiarna, a bhfuil muid ar seachrán agat i bhfad ó do shlite,

agus ár gcroíthe á gcruachan ionas nach eagal leo thú níos mó?

Fill ar ais ar son do sheirbhíseach,

ar son treibheanna d’oidhreachta.

18 Cén fáth ar sháraigh lucht an oilc do shanctóir,

cén fáth ar shatail ár naimhde ar do scrín?

19 Is fada nach beo dúinn faoi do réir,

ionann agus nárbh é d’ainmse atá orainn.

Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
Logáil Amach
Logáil Isteach
  • Gaeilge
  • Roinn
  • Roghanna
  • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
  • Téarmaí Úsáide
  • Polasaí Príobháideachta
  • Privacy Settings
  • JW.ORG
  • Logáil Isteach
Roinn