Íseáia
8 Dúirt an Tiarna liom: “Tóg séala mór agus scríobh air i ngnáthlitreacha: Machaer Seálál Hais Baz. 2 Ansin faigh finnéithe dom atá inmhuinín: an sagart Úiriá agus Zacairiá, mac Ibiricia.”
3 Chuaigh mé i leith an bhanfháidh. Ghabh sí agus shaolaigh mac. Dúirt an Tiarna liom: “Tabhair Machaer Seálál Hais Baz mar ainm air, 4 óir sula mbeidh an gasúr seo in ann ‘daidí’ na ‘mamaí’ a rá, iomprófar saibhreas na Damaisce agus creach na Samáire os comhair rí na hAsaíre.”
5 Labhair an Tiarna liom arís agus dúirt:
6 “As siocair go bhfuil an pobal seo ag cur suas d’uiscí Shileo
a shileann go suaimhneach,
agus go bhfuil sé ag creathnú roimh Reizín
agus mac Ramailiá,
7 cuirfidh an Tiarna ag líonadh in bhur gcoinne
uiscí tréana domhaine na hAbhann
(rí na hAsaíre agus a ghlóir go hiomlán).
Sceithfidh sí as a grinneall
agus cuirfidh sí thar a bruacha ar fad;
8 beidh sí ina tuile ar fud Iúdá, á bhá,
agus líonfaidh sí suas go dtí an muineál,
agus beidh a sciatháin spréite
thar leithead do dhúiche, a Ímeánuéil.”
9 Bíodh fhios agaibh é, a náisiúna, scriosfar sibh;
éistigí, a chiníocha i gcéin,
ceanglaígí oraibh bhur n-airm, ach scriosfar sibh,
ceanglaígí oraibh bhur n-airm, ach scriosfar sibh.
10 Beart má cheapann sibh, tá sé ó rath;
focal má labhraíonn sibh, níl aon bhrí ann,
mar tá Dia linne.
11 Óir is amhlaidh seo a labhair an Tiarna liom,
nuair a rug a lámh orm chun mé a cheapadh
ó shlí an phobail seo a leanúint.
12 “Ná tabhair comhcheilg
ar gach a dtugann an pobal seo comhcheilg air;
an ní is eagal leo,
ná bíodh eagla ortsa roimhe, ná uamhan.
13 Tiarna na Slua,
is é nach mór a naomhú;
roimhesean a bheidh eagla oraibh, agus uamhan.
14 Eisean an sanctóir agus an ceap tuisle
eisean an charraig a bhainfidh leagan
as dhá theaghlach Iosrael;
é ina shás agus ina ghaiste
do mhuintir Iarúsailéim.
15 Agus bainfear tuisle as mórán díobh,
titfidh siad agus brisfear iad;
rachaidh siad sa dol agus béarfar orthu.”
16 Tá an tiomna faoi chlúdach,
an teagasc faoi shéala agam
i gcroí mo dheisceabal.
17 Tá mé ag fanacht leis an Tiarna,
atá ag ceilt a ghnúise ar theaghlach Iacóib,
is ann atá mo dhóchas.
18 Mé féin agus an chlann a thug an Tiarna dom,
is tuar agus mana sinn in Iosrael
ó Thiarna na Slua,
a bhfuil a chónaí ar Shliabh Shíón.
19 Agus beidh siad á rá libh: “Fiafraígí de na taibhsí
agus de lucht feasa a bhíonn ag bíogarnach agus ag durdáil;
—cinnte, ní foláir do phobal dul i gcomhairle lena dhéithe
agus ar mhaithe leis na beo, comhairle a ghlacadh ó na mairbh,
20 chun teagasc agus tiomna a fháil.”
Nach cinnte gur mar sin a labhróidh siad,
mar níl breacadh lae i ndán dóibh.
21 Beidh siad ag siúl na tíre, faoi anró agus faoi ocras
agus leis an ocras tiocfaidh fearg orthu
agus cuirfidh siad mallacht lena rí agus lena nDia;
ag amharc in airde dóibh
22 nó ag breathnú síos ar an talamh,
níl ann ach anbhroid agus dorchadas,
gruamacht na hanbhuaine,
agus ní fheicfidh siad ach an oíche.