Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • Irimia 12
  • An Bíobla Naofa

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • An Bíobla Naofa
  • 1
  • 2
  • 3
  • 4
  • 5
  • 6
  • 7
  • 8
  • 9
  • 10
  • 11
  • 12
  • 13
  • 14
  • 15
  • 16
  • 17
An Bíobla Naofa
Irimia 12:1-17

Irimia

12 Is ceart atá tú, a Thiarna,

nuair a dhéanaim casaoid ort.

Ach lig dom pointe breithiúnais a cheistiú.

Cad chuige a mbíonn an rath ar dhrochdhaoine?

Go mbíonn siad siúd sona a dhéanann olc?

2 Plandaíonn tú iad agus gabhann siad fréamh,

fásann agus tugann siad toradh.

Tá tusa i gcónaí ar a mbéal,

ach i bhfad óna gcroí.

3 Is aithnid duitse mé, a Thiarna, tá do shúile orm;

dearbhaíonn tú mo chroí atá i do lámha.

Tarraing amach iad mar chaoirigh chun an áir,

coinnigh iad faoi choinne lá an mharaithe.

4 (Cá fada a bheidh an tír ag caoineadh, agus féar na tuaithe ag seargadh? Tá eallach agus éanlaith ag fáil bháis mar gheall ar mhailís na n-áitritheoirí.)

De bhrí go n-abrann siad:

“Ní fheiceann Dia ár n-iompar.”

5 Má ritheann tú in iomaíocht le coisithe,

agus go dtraochann siad thú,

conas a rachaidh tú i gcomórtas le heachra?

Má tá tú míshocair i dtír na síochána,

céard a dhéanfaidh tú i bhfásra borb faoi Iordán?

6 “Feallann do dheartháireacha féin agus teach d’athar ort. Ar do chúl, lochtaíonn siad freisin thú go hoscailte. Ná cuir do mhuinín iontu nuair is cairde leat iad, mar dhea.”

7 “Thréig mé mo theach,

d’fhág mé m’oidhreacht,

thug mé an rud ab ionúin liom

i láimh a naimhde.

8 Tá m’oidhreacht domsa

mar bheadh leon san fhoraois;

búireann sí liom go fíochmhar;

mar sin, fuathaím anois í.

9 Nó an cosúil m’oidhreacht le héan breac

a mbeadh an éanlaith ag bailiú anuas uirthi ó gach taobh?

Tagaigí, a bheithíocha allta,

cruinnígí chun slogtha.

10 Scrios iomad tréadaithe mo gharraí fíniúna,

shatail siad faoi chois mo chomhroinn,

rinne siad m’oidhreacht shólásach ina fásach aonraic.

11 Rinneadh aonaránach í,

áit uaigneach i mo shúile.

Rinneadh fásach den dúiche ar fad,

agus ní mheabhraíonn aon duine ina chroí.

12 Tá na scriosadóirí tagtha

go gach cnocán lom san fhásach

(óir beartaíonn an Tiarna claíomh a shlogann);

ó cheann ceann na tíre

ní bhfaigheann feoil ar bith síocháin.

13 Cruithneacht a chuir siad i dtalamh,

ach baineann siad dreas.

Chuir siad iad féin chun saothair,

ach ba é an saothar in aisce é.

Loiceann barraí an fhómhair orthu,

mar gheall ar fhearg an Tiarna.”

14 Is mar seo a deir an Tiarna: “Maidir leis na drochchomharsana agam uile, a thóg i láimh an oidhreacht a bhronn mise ar mo phobal Iosrael, tarraingeoidh mé as a ndúichí anois iad. (Ach tarraingeoidh mé teach Iosrael as a lámha.) 15 Ach tar éis dom iad a tharraingt amach beidh trua agam dóibh agus tabharfaidh mé ar ais iad, gach uile dhuine chun a oidhreachta, gach aon duine chun a dhúiche. 16 Agus má thabharfaidh siad dá n-aire slí mo phobail a fhoghlaim agus mionnú i m’ainmse: Go maire an Tiarna; mar a mhúin siad siúd do mo phobal mionnú faoi Bhál, ansin beidh áit acu i measc mo phobail. 17 Ach má dhiúltaíonn aon chine éisteacht, tarraingeoidh mé as a fhréamhacha é agus scriosfaidh mé an cine sin—an Tiarna a labhraíonn.”

Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
Logáil Amach
Logáil Isteach
  • Gaeilge
  • Roinn
  • Roghanna
  • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
  • Téarmaí Úsáide
  • Polasaí Príobháideachta
  • Privacy Settings
  • JW.ORG
  • Logáil Isteach
Roinn