Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • Irimia 23
  • An Bíobla Naofa

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • An Bíobla Naofa
  • 1
  • 2
  • 3
  • 4
  • 5
  • 6
  • 7
  • 8
  • 9
  • 10
  • 11
  • 12
  • 13
  • 14
  • 15
  • 16
  • 17
  • 18
  • 19
  • 20
  • 21
  • 22
  • 23
  • 24
  • 25
  • 26
  • 27
  • 28
  • 29
  • 30
  • 31
  • 32
  • 33
  • 34
  • 35
  • 36
  • 37
  • 38
  • 39
  • 40
An Bíobla Naofa
Irimia 23:1-40

Irimia

23 “Is mairg do na haoirí a ligeann do chaoirigh m’innilte imeacht ar aimhleas agus ar fán—an Tiarna a labhraíonn. 2 Dá bhrí sin, is é seo a deir an Tiarna, Dia Iosrael, i dtaobh na n-aoirí a bheathaíonn mo phobal: Lig sibh scaipeadh agus seachrán a theacht ar mo thréad agus níor thug aon aire dóibh. Féach, agróidh mise oraibhse olc bhur ngníomhartha—an Tiarna a labhraíonn. 3 Ach cruinneoidh mé féin fuílleach mo thréada as gach uile thír inar dhíbir mé iad, agus tabharfaidh mé ar ais iad chun a dtalamh féaraigh: beidh siad síolmhar agus méadófar iad. 4 Cuirfidh mé aoirí os a gcionn a bheathóidh iad; ní bheidh eagla orthu níos mó, ná uamhan; ní bheidh easnamh ar bith orthu—an Tiarna a labhraíonn.

5 Feach, tá na laethanta ag teacht—an Tiarna a labhraíonn—

agus ardóidh mé do Dháiví beangán fíréanta;

rialóidh sé ina rí go críonna,

agus déanfaidh sé breithiúnas agus ceart sa talamh.

6 Ina laethanta siúd sábhálfar Iúdá agus cónóidh Iosrael faoi dhóchas.

Is é seo an t-ainm a bhéarfar air: An Tiarna ár bhfíréantacht.

7 “Mar sin, tá na laethanta ag teacht—an Tiarna a labhraíonn—nach ndéarfaidh daoine níos mó: ‘Go maire an Tiarna a thug clann Iosrael as críoch na hÉigipte!’ 8 ach: ‘Go maire an Tiarna a thug ar ais agus a threoraigh abhaile sliocht theach Iosrael as an tír thuaidh agus as gach uile thír inar dhíbir sé iad, le go ndéanfaidís cónaí ina dtír féin.’”

9 I dtaobh na bhfáithe:

Tá mo chroí istigh ionam briste,

creathnaíonn mo chnámha uile;

is cosúil le fear meisce mé;

is cosúil le fear a chloígh fíon mé

mar gheall ar an Tiarna agus a bhriathra naofa;

tá an tír lán d’adhaltranaigh.

10 (Is mar gheall ar na fir seo tá an tír ag mairgneach agus a triomaíodh féaraigh an fhásaigh.)

“Chun olc a dhéanamh tá siad mear

agus is é an mícheart a neart.

11 Sea, go fiú na fáithe agus na sagart, tá siad aindiaga;

i mo theach féin fuair mé a n-urchóid

—an Tiarna a labhraíonn.

12 Ar an ábhar seo is sleamhain an tslí

atá ag síneadh rompu;

sa dorchacht mar a ndíbreofar iad

is ann a thitfidh siad.

Óir tabharfaidh mise olc orthu

i mbliain a bhféachana

—an Tiarna a labhraíonn.

13 I bhfáithe na Samáire

chonaic mé nithe a chuir samhnas orm:

thairngreadar trí Bhál

agus chuir siad mo phobal Iosrael ar seachrán.

14 Ach i bhfáithe Iarúsailéim

chonaic mé na nithe gránna:

adhaltranas, síoréitheach,

an oiread sin neartú lucht na míghníomhartha,

nach bhfilleann aon duine óna olc;

tá siad domsa mar Shodom,

a háitritheoirí uile domsa mar Ghomorá.

15 Ar an ábhar sin is mar seo a deir Tiarna na Slua

i dtaobh na bhfáithe:

Anois beathóidh mé iad le mormónta,

agus tabharfaidh mé uisce nimhiúil dóibh le hól,

mar is ó fháithe Iarúsailéim amach

a leathnaigh aindiagacht ar fud na dúiche.

16 Is mar seo a deir Tiarna na Slua:

Ná héistigí le briathra na bhfáithe úd;

is do bhur mealladh atá siad,

aithriseann siad físeanna a gcroí féin,

agus ní as béal an Tiarna;

17 leis an dream a dhiúltaíonn do bhriathar an Tiarna deir siad,

‘Gheobhaidh sibh síocháin’,

agus leo siúd a shiúlann de réir comhairlí

a gcruachroí féin:

‘Ní thiocfaidh olc ar bith oraibh.’”

18 (Ach cé a bhí i láthair ag comhairle an Tiarna? Cé a chonaic í agus a chuala a bhriathar? Cé a d’éist lena bhriathar le go bhfógróidh sé é?)

19 Anois éiríonn anfa an Tiarna,

séideann an stoirm ghaoithe,

briseann sí ar cheann na ndrochdhaoine;

20 ní fhillfidh fearg an Tiarna go gcríochnaí,

agus go gcomhlíona sé comhairle a chroí.

Tuigfidh sibh é sin go soiléir sna laethanta atá ag teacht.

21 “Ní mise a sheol na fáithe seo uaim,

ina dhiaidh sin bíonn siad ag rith;

ní leo a labhair mé;

ina dhiaidh sin bíonn siad ag tairngreacht.

22 An raibh siad i láthair ag mo chomhairle?

Má bhí, fógraídís mo bhriathra do mo phobal,

agus tabhraidís orthu filleadh óna slí urchóideach

agus ó olc a ngníomhartha.

23 An Dia i ngar mise—an Tiarna a labhraíonn–

agus nach Dia mé i bhfad uait?

24 An bhféadann aon duine é féin a fholach i gcúinne dorcha

agus nach bhfeicfidh mise é?—an Tiarna a labhraíonn.

Nach líonann mise neamh agus talamh?—an Tiarna a labhraíonn.

25 “Chuala mé céard a dúirt na fáithe a thairngreann i m’ainmse. ‘Rinneadh brionglóid dom,’ a deir siad, ‘rinneadh brionglóid dom!’ 26 Cá fhad a bheidh seo i gcroíthe na bhfáithe a thairngreann bréaga, fáistine a thabhairt ar chealga a gcroí féin? 27 Síleann siad a thabhairt ar mo phobal m’ainm a dhearmad leis na haislingí a insíonn siad dá chéile, díreach mar a dhearmaid a n-aithreacha m’ainm ar son Bhál.

28 “An fáidh ag a mbíonn aisling, insíodh sé gur leis féin a aisling! Agus an té ag a bhfuil mo bhriatharsa, labhraíodh sé go beacht é!

Céard é baint na cátha leis an gcruithneacht?

—an Tiarna a labhraíonn.

29 Nach ndónn mo bhriatharsa ar nós tine

—an Tiarna a labhraíonn—

nach cosúil é le hord a bhriseann an charraig ina smidiríní?

30 “Mar sin, féach, táimse in aghaidh na bhfáithe—an Tiarna a labhraíonn—a ghoideann mo bhriathra óna chéile. 31 Táimse in aghaidh na bhfáithe—an Tiarna a labhraíonn—nach lia corraí teanga astu ná tairngreacht. 32 Táimse in aghaidh na bhfáithe a dhéanann tairngreachtaí as brionglóidí bréagacha—an Tiarna a labhraíonn—a insíonn iad, agus a thugann ar mo phobal seachránú lena mbréaga agus lena gcur i gcéill. Ní mise go cinnte a chuir uaim iad ná a thug aon ordú dóibh, agus ní aon tairbhe don phobal seo iad—an Tiarna a labhraíonn.

33 “Agus nuair a fhiafróidh na daoine seo, fáidh nó sagart, díotsa: ‘Céard é ualach an Tiarna?’ déarfaidh tú leis: ‘Tusa, is tusa ualach an Tiarna; is ea, tusa, agus cuirfidh mé díom thú! an Tiarna a labhraíonn.’

34 “Agus an fáidh, sagart, nó aon duine eile a déarfaidh: ‘Ualach an Tiarna’, gearrfaidh mise pionós ar an bhfear sin, agus ar a theaghlach freisin. 35 Is mar seo ba cheart daoibh labhairt, gach uile dhuine lena chomharsa agus gach aon lena dheartháir: ‘Céard a d’fhreagair an Tiarna?’ nó ‘Céard a dúirt an Tiarna?’ 36 Ach ná leanaigí oraibh á rá: ‘Ualach an Tiarna’, nó is ualach a bheidh ann cinnte don té a deir é, mar claonann sibh briathra Dé bheo, Tiarna na Slua, ár nDia. 37 Is mar seo a déarfaidh tú leis an bhfáidh: ‘Cén freagra a thug an Tiarna?’ nó: ‘Céard a dúirt an Tiarna?’ 38 Ach má deir tú: ‘Ualach an Tiarna’, is ansin a deir an Tiarna: ‘De bhrí go n-abrann tú na focail seo: Ualach an Tiarna; agus gur chros mise oraibh a rá: Ualach an Tiarna; 39 mar sin tógfaidh mise suas sibh féin, agus an chathair a thug mé daoibh agus do bhur sinsir, agus caithfidh mé as mo radharc sibh. 40 Tabharfaidh mé oraibh scannal síoraí agus náire bhuan dhodhearmadta.’”

Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
Logáil Amach
Logáil Isteach
  • Gaeilge
  • Roinn
  • Roghanna
  • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
  • Téarmaí Úsáide
  • Polasaí Príobháideachta
  • Privacy Settings
  • JW.ORG
  • Logáil Isteach
Roinn