Irimia
43 Ach nuair a bhí briathra uile an Tiarna a nDia, ráite ag Irimia leis an bpobal uile, ar chuir an Tiarna chucu é, is é sin na briathra seo thuas, 2 labhair Azairiá mac Hóisiá, agus Ióchánán mac Cháiréach agus na fir uaibhreacha shéantacha sin uile le hIrimia agus dúirt: “Thug tú d’éitheach! Ní hé an Tiarna ár nDia a chuir thú á rá: ‘Ná téigí don Éigipt a chónaí ann.’ 3 Ach is é Barúch mac Néiria a bhrostaíonn thú in ár n-aghaidhne i gcónaí, dár dtabhairt i láimh na gCaildéach, le go gcuirfidís chun báis sinn, nó go mbéarfaidís ina láimh don Bhablóin sinn!”
4 Ainneoin sin, níor umhlaigh Ióchánán mac Cháiréach agus ceannairí uile an airm agus an pobal uile do ghlór an Tiarna fanacht i dtír Iúdá. 5 Ach rug Ióchánán mac Cháiréach agus ceannairí uile an airm leo fuíoll uile Iúdá, a d’fhill ó gach uile chríoch inar díbríodh iad, a chónaí i dtír Iúdá, 6 idir fhir agus mhná agus leanaí agus iníonacha an rí freisin, agus gach duine a d’fhág Nabúzaradán, ceann an gharda, faoi chúram ag Aichíceám mac Sheáfán; thug siad leo freisin Irimia fáidh agus Barúch mac Néiria. 7 Mar sin, ar neamhchead do ghlór an Tiarna bhain siad críoch na hÉigipte amach agus tháinig go Tachpanaes. 8 Tháinig briathar an Tiarna go Irimia i dTachpanaes. 9 “Tóg clocha móra i do lámha, agus i radharc mhuintir Iúdá folaigh iad i gcré [na faiche] atá ag dul isteach pálás Fhorainn i dTachpanaes. 10 Ansin abair leo: ‘Mar seo a deir an Tiarna, Dia Iosrael: Tá mé ag cur fios ar Nabúcadnazar, rí na Bablóine, mo sheirbhíseach; cuirfidh sé a ríchathaoir ar na clocha seo a d’fholaigh mé, agus leathnóidh sé a phailliún ríoga os a gcionn. 11 Tá sé ag teacht chun tír na hÉigipte a bhualadh:
An mhéid faoi choinne na plá, chun na plá;
an mhéid faoi choinne an bhraighdeanais, chun an bhraighdeanais;
an mhéid faoi choinne an chlaímh, chun an chlaímh!
12 “‘Cuirfidh sé tine le teampaill dhéithe na hÉigipte: dófaidh sé na déithe seo nó tógfaidh leis iad; faoi mar a ghlanann tréadaí na gcaorach míolra dá bhrat, is mar sin a bhánóidh sé dúiche na hÉigipte, agus imeoidh leis gan cur ina choinne. 13 Brisfidh sé oibilisc Theampall na Gréine ag On agus dófaidh go talamh teampaill dhéithe na hÉigipte.’”