Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • Irimia 49
  • An Bíobla Naofa

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • An Bíobla Naofa
  • 1
  • 2
  • 3
  • 4
  • 5
  • 6
  • 7
  • 8
  • 9
  • 10
  • 11
  • 12
  • 13
  • 14
  • 15
  • 16
  • 17
  • 18
  • 19
  • 20
  • 21
  • 22
  • 23
  • 24
  • 25
  • 26
  • 27
  • 28
  • 29
  • 30
  • 31
  • 32
  • 33
  • 34
  • 35
  • 36
  • 37
  • 38
  • 39
An Bíobla Naofa
Irimia 49:1-39

Irimia

49 I dtaobh chlann mhac Amón.

Is mar seo a deir an Tiarna:

“Nach bhfuil mic ar bith ag Iosrael?

Nach bhfuil oidhre ar bith aige?

Cad chuige a bhfuil Miolcom ina oidhre ar Ghád

agus a gcónaíonn a mhuintir siúd ina bhailte?

2 Uime sin tá na laethanta ag teacht

—an Tiarna a labhraíonn—

ina dtabharfaidh mise faoi deara

caismirt chogaidh a chloisteáil

in aghaidh Rabat na nAmónach;

beidh sí ina cairn uaigneach,

dófar a hiníonbhailte go talamh.

Ansin creachfaidh Iosrael lucht a chreachta siúd

—an Tiarna a labhraíonn.

3 Uaill, a Heisbeón! [Tá an scriosadóir chugat.]

Golaigí os ard, a iníonacha Rabá!

Gabhaigí sibh féin i sacéadach,

caoinigí in ard bhur gcinn,

siúlaigí síos suas agus [bhur gcolainn scortha].

Óir tá Miolcom ag dul ar deoraíocht,

mar aon lena shagairt agus lena phrionsaí.

4 Maíonn tú as do ghleann,

a chailín mhístuama!

Go teann agus go dána deir tusa:

‘Cé thiocfadh dom ionsaíse?’

5 Ach tabharfaidh mise anuas ort

imeagla ó gach taobh;

díbreofar chun siúil thú,

gach aon fhear ina shlí féin,

agus gan aon duine ann chun na teifigh a chruinniú.

6 “Ach amach anseo tabharfaidh mé ar ais liom bránna chlann mhac Amón. Is é an Tiarna a labhraíonn.”

7 I dtaobh Eadóm. Is mar seo a deir an Tiarna:

“An é nach bhfuil críonnacht fágtha i dTéamán?

Ar imigh a chomhairle ón [nglic]?

An ndeachaigh a eagna ar neamhní?

8 Imígí: Greadaigí! téigí i bhfolach, a áitritheoirí Dhéadán!

Óir tabharfaidh mise ainnise ar Éasau,

nuair a thiocfaidh mé dá fhéachaint.

9 Má thagann lucht bainte caor chugat,

ní fhágfaidh siad caora díolama;

Má thagann gadaithe san oíche,

sladfaidh siad go suaimhneach.

10 Óir is mise atá ag lomadh Éasau,

nochtaimse a áiteanna folaithe,

go dtí nach bhféadfaidh sé é féin a cheilt.

Scriosadh a shíol: tá deireadh leis!

Ní [déarfaidh] oiread agus duine dá chomharsana:

11 ‘Fág do dhílleachtaí, coinneoidh mise bia leo,

bíodh muinín ag do bhaintreacha asam.’”

12 Óir is mar seo a deir an Tiarna: “An drong nach raibh ceangal orthu ól den chupán, ní mór dóibh a ól anois; agus an tusa an té a rachadh gan pionós? Ní rachaidh, mhaise: go deimhin ólfaidh tusa de! 13 Óir mhionnaigh mise dar mé féin—an Tiarna a labhraíonn: Beidh Bozrá ina uafás, ina scige, ina fhásach, ina mhallú, agus a bhailte uile ina bhfásach síoraí.”

14 Fuair mé teachtaireacht ón Tiarna,

seoladh teachta chun na náisiún trí chéile:

“Cruinnígí! téigí in aghaidh an phobail seo!

Éirígí chun catha!”

15 Óir déanfaidh mise beag thú anois i measc na náisiún,

tarcaisneach i measc daoine.

16 Mheall cáil na fíochmhaire thú,

chuir uabhar do chroí [ar seachrán] thú,

thusa a chónaíonn i scailp na carraige,

a ghreamaíonn d’airde na gcnoc!

Bíodh go ndéanfá do nead chomh hard leis an iolar,

theilgfinnse síos as sin thú arís—an Tiarna a labhraíonn.

17 Beidh Eadóm ina fhásach; beidh uafás ar gach aon dá ngabhann an tslí, agus ligfidh fead iontais faoina leithéid de thubaiste. 18 Amhail mar a bhí i scrios Shodom agus Ghomorá, agus sna bailte timpeall ní fhanfaidh duine ann níos mó, ní dhéanfaidh aon fhear cónaí ann go deo, a deir an Tiarna.

19 “Féach, cé mar a thagann an leon

aníos as mothar na Iordáine

chuig an féarach marthanach!

Is mar sin a ruaigfidh mise go tobann iad,

agus cuirfidh mé ann mo rogha duine.

Óir cé is cosúil liom?

Cé a fhéadann mise a chiontú?

Ainmnigh dom an tréadaí a sheasfadh i m’éadan.

20 Mar sin éistigí le comhairle an Tiarna

atá socair aige in éadan Eadóm,

an plean atá beartaithe aige

in éadan áitritheoirí Théamán:

Sea, tógfar chun siúil fiú an té is laige den tréad,

ar a fheiceáil sin dóibh, beidh a dtréad ar ballchrith.

21 Corrófar an talamh le torann a dtitime;

beidh an fhuaim le cloisteáil chomh fada le Muir na nGiolcach.

22 Seo é an té a bhíonn ag eitilt agus ag foluain ar nós iolair,

a leathnóidh a sciatháin os cionn Bhozrá.

Agus beidh croí fhir chogaidh Eadóm an lá sin

mar a bheadh croí mná i dtinneas clainne.”

23 I dtaobh na Damaisce:

“Tá mearbhall ar Hamát,

mar an gcéanna le hArpad;

chuala siad drochscéala.

Tá a gcroí [breoite le teann eagla].

Ní féidir iad a shuaimhniú.

24 Tá an Damaisc gan mhisneach,

ullmhaíonn sí chun teitheadh,

tá sí ar crith,

(gabhann dobrón agus doilíos í

mar a bheadh bean in íona).

25 Céard seo! An baile cáiliúil sin ina fhásach,

cathair sin na meidhre?

26 “Ar an ábhar sin titfidh a fir óga ina sráideanna, agus éagfaidh an uile fhear cogaidh aici ar an lá sin. Is é Tiarna na Slua a labhraíonn.

27 Lasfaidh mé tine taobh istigh de bhallaí na Damaisce;

slogfaidh sí páláis Bhein Hadad.”

28 I dtaobh Chéadar agus ríochtaí Hazór a chuir Nabúcadnazar rí na Bablóine faoi chois. Is mar seo a deir an Tiarna:

“Éirígí! Tugaigí aghaidh ar Chéadar,

scriosaigí clann mhac an oirthir!

29 Gabhtar a gcuid bothanna agus a dtréada;

tógtar a mbratacha agus a soithí uile,

agus freisin a gcuid camall.

Déantar fógairt dóibh:

‘Eagla ar gach uile thaobh!’

30 Teithigí! Folaigí sibh féin chomh mear agus is féidir libh,

A chathróirí Hazór! Is é an Tiarna a labhraíonn.

Óir tá plean ag Nabúcadnazar in bhur n-éadan,

tá comhairle ar a aigne aige in bhur n-éadan:

31 “Éirígí! téigí in éadan cine atá go sámh,

atá beo go muiníneach

—an Tiarna a labhraíonn—

nach bhfuil geataí acu ná barraí,

a chónaíonn san uaigneas!

32 Beidh a gcamaill ina n-éadáil,

agus iomadúlacht a gcaorach ina gcreach.’

Scaoilfidh mé leis na gaotha uile iad,

na bearracháin sin,

agus tabharfaidh mise anachain orthu ó gach taobh

—an Tiama a labhraíonn.

33 Beidh Hazór ina bhrocais seacál,

ina fhásach go brách,

ní fhanfaidh aon duine ann níos mó,

ní dhéanfaidh mac duine cónaí ann arís go brách.”

34 Briathar an Tiarna a tháinig go Irimia fáidh i dtaobh Éalám, i dtosach réim Zidicíá rí Iúdá. 35 Is mar seo a deir Tiarna na Slua:

“Tá mé chun bogha Éalám, ceann a nirt, a bhriseadh.

36 Tabharfaidh mé ar Éalám na ceithre gaotha

ó cheithre airde neimhe,

“agus scaoilfidh mé na hÉalámaigh leis na gaotha; ní bheidh cine ar bith nach dtiocfaidh díbeartaigh Éalám chucu.

37 “Tabharfaidh mé ar na hÉalámaigh creathnú i láthair a naimhde i láthair na droinge a iarrann a mbás.

Tabharfaidh mé olc anuas orthu, m’fhearg bhorb féin.

Ruaigfidh mé iad le béal an chlaímh,

go gcuirfidh mé deireadh leo.

38 [49:38a] Suífidh mé mo ríchathaoir in Éalám,

agus glanfaidh mé as rí agus uaisle

—an Tiarna a labhraíonn.

39 [49:38b] “Ach sna laethanta deireanacha tabharfaidh mé ar ais bránna Éalám. An Tiarna a labhraíonn.”

Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
Logáil Amach
Logáil Isteach
  • Gaeilge
  • Roinn
  • Roghanna
  • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
  • Téarmaí Úsáide
  • Polasaí Príobháideachta
  • Privacy Settings
  • JW.ORG
  • Logáil Isteach
Roinn