Eizicéil
19 “Ach sibhse, tógaigí tuireamh ar son phrionsaí Iosrael. 2 Abraigí:
‘Cad ba mháthair duit?
Leon baineann i measc leon.
Ina luí idir na leoin óga
d’oil sí na coileáin.
3 Thóg sí coileán acu
agus d’fhás sé ina leon óg;
d’fhoghlaim sé breith ar an gcreach,
agus thosaigh ag alpadh fear.
4 Thóg na ciníocha an gháir ina choinne,
gabhadh ina bpoll é;
agus thug siad le crucaí
go tír na hÉigipte é.
5 Nuair a chonaic [an mháthair] í féin cloíte
agus ábhar a dóchais caillte,
ghlac sí coileán eile dá cuid
agus thóg ina leon óg é.
6 Chuaigh sé ar a sheilg i measc na leon,
d’fhás ina leon óg,
d’fhoghlaim sé breith ar an gcreach
agus thosaigh ag alpadh fear.
7 Scrios sé a gcaisleáin
agus bhánaigh a gcathracha;
scanraigh an tír agus a raibh inti
ag callán a bhúiríola.
8 Ghluais na ciníocha ansin ina choinne
ó na cúigí máguaird;
leathnaigh siad a n-eangach thairis;
gabhadh ina bpoll é.
9 Ghabh siad i gcarcair é le crúcaí
agus rug leo é go rí na Bablóine;
chuir siad i mbraighdeanas é
ionas nach gcluinfí a ghlór arís
ar shléibhte Iosrael.’
10 Bhí do mháthair amhail fíniúin
a cuireadh i gcóngar an uisce.
11 D’fhás an ghéag ba láidre
ina slat ríoga;
d’fhás sí go han-ard
os cionn na dtiúchraobhacha.
Ba shofheicthe í ar a hairde
agus ar mhothall a duilliúir.
12 Ach réabadh as a fréamh í,
teilgeadh ar lár í le fearg;
seargadh a toradh ag an ngaoth anoir,
chríon an ghéag láidir,
dhóigh an tine í go léir.
13 Tá sí athchurtha anois san fhásach,
in ithir thirim thartmhar.
14 Chuaigh tine amach ón tamhan,
a dhóigh idir ghéaga agus thoradh;
tá deireadh leis an gcraobh láidir,
deireadh leis an tslat ríoga.’”
Is tuireamh é sin agus glactar leis amhlaidh.