Eizicéil
31 San aonú bliain déag, ar an chéad lá den tríú mí, tháinig briathar an Tiarna chugam: 2 “A mhic an duine, abair le Forann, rí na hÉigipte, agus lena ghéillsinigh:
Cad leis is cosúil tú i do mhórgacht?
3 Le céadras sa Liobáin gan amhras,
le géaga breátha, beangáin dhlútha agus stoc ard,
a bharr i measc na néalta.
4 Chothaigh na huiscí é,
thug an duibheagán air fás go hard,
trína aibhneacha a chur ag sní
thar láthair a fhréamhaithe,
a shrutháin chun crainn uile na foraoise.
5 Uime sin d’fhás sé níb airde ná na crainn eile;
mhéadaigh a bheangáin, shín a ghéaga amach
de thairbhe flúirse an uisce a tháinig fad leis.
6 Neadaíodh ina ghéaga éanlaith uile an aeir;
bheireadh na hainmhithe allta uile a n-óga faoina chraobhacha;
shuíodh faoina scáile daoine de gach sórt.
7 Ba bhreá a mhéid agus fad a bheangán,
chuaigh na fréamhacha síos i bhflúirse an uisce.
8 Ní raibh céadras inchurtha leis i ngairdín Dé;
ní raibh a leithéid de ghéaga ag giúis ar bith,
ná a leithéid de bheangáin ag crann plána,
ná a leithéid de scéimh ag aon chrann i ngairdín Dé.
9 Rinne mé dóighiúil é lé hiomad a ghéag;
bhí gach crann in éad leis in Éidin, i ngairdín Dé.
10 “Dá bhrí sin, seo mar a deir an Tiarna Dia: De bhrí gur fhás sé in airde agus gur bhain a bharr na néalta amach, agus gur éirigh sé teann as a airde, 11 thug mé suas é do thaoiseach na gciníocha, leis an drochíde atá tuillte aige a thabhairt dó go dearfa. Chaith mé uaim é. 12 Gearradh anuas é ag coimhthígh, an dream is barbartha amuigh, agus caitheadh ar leataobh é. Tá a ghéaga scaipthe ar na sléibhte agus san uile ghleann; tá a bheangáin bhriste ag líonadh gach cumair sa tír; d’imigh gach duine sa tír óna scáth agus thréig é. 13 Tuirlingíonn éanlaith uile an aeir ar an raic; tá pluaiseanna ag na hainmhithe allta faoina chraobhacha. 14 As seo amach ná fásadh aon chrann in airde mhór le hais na n-uiscí, ná baineadh barr aon chrainn na néalta amach, ná síneadh aon chrann dea-uiscithe a airde iomlán ina dtreo. Tá an bás i ndán dóibh uile, an réigiún in íochtar na talún mar a dtéann daoine i gcoitinne chomh maith leosan a théann síos go Seól.
15 “Seo mar a deir an Tiarna Dia: An lá a ndeachaigh sé síos go Seól, thug mé ar an duibheagán caoineadh ar a shon trína aibhneacha a chosc agus a bhflúirse uisce a dhul i ndísc. Chuir mé an Liobáin faoi ghruaim ar a shon agus thug ar chrainn uile na páirce seargadh. 16 Chuir mé na ciníocha ar crith le callán a thitime nuair a theilg mé síos é go Seól ina gcuideachta siúd a théann síos sa pholl. Sa réigiún thíos ghlac crainn uile Éidin sólás, crainn uaisle áille uile na Liobáine a chothaítí lé huisce. 17 Na ciníocha a dhéanadh cónaí faoina scáth, chuaigh siad uile síos leis go Seól chucu siúd a bascadh leis an gclaíomh.
18 “An raibh aon cheann de chrainn Éidin inchurtha leat i mórgacht agus i méid? Ina dhiaidh sin agus uile teilgeadh síos thú le crainn Éidin in íochtar an domhain. Luífidh tú ansin i measc an dream gan timpeallghearradh, ina measc siúd a bascadh leis an gclaíomh.
“Is é seo Forann agus a ghéillsinigh—an Tiarna Dia a labhraíonn.”