Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • Dainéil 8
  • An Bíobla Naofa

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • An Bíobla Naofa
  • 1
  • 2
  • 3
  • 4
  • 5
  • 6
  • 7
  • 8
  • 9
  • 10
  • 11
  • 12
  • 13
  • 14
  • 15
  • 16
  • 17
  • 18
  • 19
  • 20
  • 21
  • 22
  • 23
  • 24
  • 25
  • 26
  • 27
An Bíobla Naofa
Dainéil 8:1-27

Dainéil

8 Sa tríú bliain de réimeas Bhéilseazar rinneadh fís domsa, Dainéil, ina diaidh siúd a rinneadh dom ar dtús. 2 Ag faire na físe os mo chomhair dom, b’shiúd mé féin i Súsa an phríomhchathair, atá i gcúige Éalám; agus, ag faire na físe, b’shiúd mé ag geata Úlai. 3 D’ardaigh mé mo shúile chun féachana. Féach! Reithe ina sheasamh ar bhruach na habhann. Bhí dhá adharc air; bhí an dá adharc ard, ach ceann acu níos airde ná a chéile agus ba é an ceann ab airde an dara ceann a d’éirigh suas. 4 Chonaic mé an reithe ag sá lena adharc siar, ó thuaidh, agus ó dheas. Níor fhéad ainmhí seasamh ina aghaidh, ná níor fhéad aon ní fuascailt óna ghreim. Rinne sé mar ba mhian leis agus tháinig borradh air.

5 Féach, seo mar a thug mé faoi deara: Tháinig pocán ón iarthar, de dhroim na talún uile ach gan baint leis an talamh, agus adharc shuntasach idir a dhá shúil. 6 Tháinig sé chun an reithe leis an dá adharc a chonaic mé ina sheasamh ar bhruach na habhann agus chuaigh de rith ina aghaidh le teann buile. 7 Chonaic mé é ag druidim leis an reithe agus ag dul i ngleic leis; bhí cuthach air ina aghaidh agus bhuail sé an reithe, bhris a dhá adharc, agus gan breith ag an reithe ar sheasamh ina choinne; threascair sé chun talún é agus ghabh de chosa ann, agus gan é ar chumas aon duine an reithe a shábháil óna chumhacht. 8 Chuaigh an pocán i neart go mór, ach in iomlán a nirt, bhris an adharc mhór agus ina háit d’éirigh ceithre adharc shuaithinseach i dtreo cheithre ghaoth neimhe.

9 As ceann díobh d’eascair adhaircín a mhéadaigh go mór i dtreo an deiscirt, an oirthir, agus i dtreo Thír na Glóire. 10 Bhorr a thoirt go slua neimhe, agus chaith sé anuas ar an talamh cuid de shlua na réaltaí agus phasáil orthu. 11 D’ardaigh sé é féin fiú in aghaidh Phrionsa an tSlua, chuir sé an íobairt laethúil ar ceal air agus scartáil sé ionad a shanctóra agus a shlua; 12 [in áit na híobartha chuir sé an urchóid] agus leag sé chun láir an fhírinne; rinne an adharc bearta agus chuaigh chun cinn.

13 Ansin chuala mé neach naofa ag labhairt agus dúirt ceann eile leis siúd a labhair: “Cén fad a mhairfidh an fhís i dtaobh na híobartha laethúla, na hurchóide a mhilleann, agus na gabhála de chosa sa sanctóir agus sa slua?” 14 Dúirt [an chéad cheann leis]: “Ar feadh dhá mhíle trí chéad nóin agus maidin fós; ansin cuirfear an sanctóir arís i seilbh a chirt.”

15 Ag breathnú na físe domsa, Dainéil, lorg mé a ciall agus b’sheo os mo chomhair neach mar dhuine ar a dhealramh. 16 Chuala mé guth duine idir bruacha Úlai ag glaoch: “A Ghaibriéil, tabhair tuiscint ar an bhfís don fhear seo.” 17 Ansin tháinig sé i ngar don bhall ina raibh mé i mo sheasamh, agus, nuair a dhruid sé liom, tháinig scanradh orm agus thit mé ar mo bhéal agus ar m’fhiacla. Ach dúirt sé: “Tuig a mhic an duine gur d’uain na críche atá an fhís.” 18 Thit mo chodladh go trom orm agus é ag caint liom agus m’aghaidh leis an talamh. Bhain sé liom agus d’ardaigh ar mo bhoinn mé. 19 “Cuirfidh mé in iúl duit cad a bheidh i gcrích dheireanach na feirge, óir baineann sé le huain chinnte na críche. 20 An reithe a chonaic tú, is iad ríthe na Méide agus na Peirse a dhá adharc. 21 Is é rí na Gréige an pocán; an adharc mhór idir a dhá shúil, sin é an chéad rí. 22 An adharc bhriste, agus na ceithre adharc eile a d’fhás ina hionad sin ceithre ríocht a éireoidh óna phobal ach nach mbeidh a chumhacht acu.

23 I ndeireadh a réime, in am bhrúchta a n-olc,

éireoidh rí, garbh ina dhreach, sás cruacheasta a réiteach.

24 Beidh a chumhacht tréan (ach ní dá neart féin é);

millfidh sé go huafásach;

agus rithfidh leis ina ghnóthaí;

scriosfaidh sé treoin,

agus pobal na naomh.

25 Trína ghliceas

neartóidh sé leis an bhfeall faoina láimh,

agus borrfaidh sé le huabhar ina chroí.

Millfidh sé a lán gan choinne,

agus éireoidh sé fiú in aghaidh Prionsa na bPrionsa;

ach brisfear é—agus sin trí láimh nach daonna.

26 Is fíor í fís na nónta agus na maidineacha atá inste,

ach cuirse séala ar an bhfís mar baineann sí le mórán lá ó inniu.”

27 Chaill mise, Dainéil, mo bhrí agus bhí mé breoite líon mór laethanta. Ansin d’éirigh mé agus chuaigh mé i mbun cúraimí an rí, agus alltacht orm ag an bhfís agus gan tuiscint agam uirthi.

Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
Logáil Amach
Logáil Isteach
  • Gaeilge
  • Roinn
  • Roghanna
  • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
  • Téarmaí Úsáide
  • Polasaí Príobháideachta
  • Privacy Settings
  • JW.ORG
  • Logáil Isteach
Roinn