Hóisé
5 Tugaigí aird air seo, a shagarta!
Éistigí, a theaghlaigh Iosrael!
A theaghlaigh an rí, cuirigí cluas oraibh!
Óir is é bhur gcúramsa an ceart a chosaint.
Ach dol ba ea sibh i Miozpá,
agus líon leata ar Thábór,
2 agus tá poll domhain tochailte acu i Sitím.
Is mise áfach an té a smachtóidh iad go léir.
3 Is aithnid dom Eafráim,
níl Iosrael folaithe uaim;
ach faoi láthair tá Eafráim ina striapach,
agus Iosrael truaillithe.
4 Ní ligeann a ngníomhartha dóibh filleadh ar a nDia,
óir tá dúil a gcroí acu sa striapachas,
agus ní aithnid dóibh an Tiarna.
5 Beidh díomas Iosrael mar fhinné ina coinne;
bainfidh a cuid urchóide barrthuisle as Eafráim
agus tuisleoidh Iúdá mar aon leo.
6 Lena dtréada caorach agus bó rachaidh siad ar thóir an Tiarna,
ach ní bhfaighidh siad é;
is amhlaidh atá sé imithe uathu.
7 Mar tá siad tar éis feall a dhéanamh ar an Tiarna
agus clann bhastard a bhreith.
Bíodh acu! Tá [creachadóir] ar tí iad féin agus a gcuid talún a scriosadh.
8 Séidigí an stoc i nGibeá,
an buabhall i Rámá!
Tógaigí gártha rabhaidh i mBéit Ávan.
Músclaígí Biniáimin!
9 Beidh Eafráim ina fásach lá an smachtaithe.
I measc treibheanna Iosrael fógraím fírinne
a bhfuilim cinnte dearfa di.
10 Lucht aistrithe teorainneacha is ea flatha Iúdá;
ligfidh mé mo racht amach orthu mar dhíle báistí.
11 Déantar éagóir ar Eafráim, satlaítear ar an gceart,
óir níor mhiste leis dul ar thóir na graostachta.
12 Is angadh mise d’Eafráim,
agus críonlobhadh do theaghlach Iúdá.
13 Nuair a bhraith Eafráim a tinneas
agus Iúdá a chneá,
d’imigh Eafráim chun na hAsaíre
agus chuir Iúdá fios ar an [Ardrí];
ach ní féidir leis-sean sibhse a leigheas
ná bhur gcneá a chneasú.
14 Óir amhail leon a bheidh mise d’Eafráim,
agus mar liopard do theaghlach Iúdá.
Is mise, is ea, mise a stróicfidh sula a n-imeoidh mé;
ardóidh mé liom mo chreach agus ní sciobfar uaim í.
15 Fillfidh mé ar ais arís ar mo láthair féin,
nó go n-admhóidh siad a gcionta
agus go dtiocfaidh siad ar mo lorg.
Nuair a bheidh siad i gcruachás,
cuardóidh siad mé go dúthrachtach, [á rá:]