Hóisé
7 Cibé uair is mian liom Iosrael a leigheas,
nochtar urchóid Eafráim agus olcas na Samáire.
Óir is í an chaimiléireacht a chleachtann siad;
bíonn an gadaí ag briseadh isteach sna tithe,
agus ropairí ag tabhairt ruaigeanna creiche lasmuigh.
2 Ní mheabhraíonn siad dóibh féin
go gcoinním cuimhne ar a n-olcas uile;
ach tá a n-ainghníomhartha á gciorclú;
ar m’aghaidh féin amach atá siad.
3 Le teann mioscaise déanann siad sult don rí
agus as corp camastaíola bíonn siad ag spraoi leis na flatha freisin.
4 Adhaltraigh iad uile, sorn lán tine,
nach ngríosaíonn an báicéir a thuilleadh,
ó fuintear an taos go dtí go n-ardaíonn sé.
5 Ar bhreithlá ár rí buaileann breoiteacht na flatha le boirbe an fhíona
agus craitheann seisean lámh le scigirí.
6 Nuair a bhíonn comhcheilg ar siúl acu,
bíonn a gcroí cosúil le sorn;
mar bíonn a gcuid feirge ag cnádú léi ar feadh na hoíche go léir,
ach ar maidin bladhmann sí amach ina caoiríl thine.
7 Tá siad go léir ar lasadh amhail sorn;
tá a rialtóirí á n-ídiú acu agus a ríthe uile ar lár;
agus níl duine díobh a ghlaonn ormsa.
8 Tá Eafráim ag déanamh caidrimh leis na náisiúin;
is cosúil le císte nár iompaíodh é.
9 Tá na heachtrannaigh ag ídiú a nirt
agus ní bhraitheann sé dada!
Is ag dul i léithe atá a chuid gruaige
agus ní heol dó é!
10 Tá díomas Iosrael ag tabhairt fianaise ina aghaidh;
agus ar a shon sin agus uile
níl siad ag filleadh ar an Tiarna, a nDia, ná ní lorgann siad é.
11 Colm baoth gan chiall is ea Eafráim;
bíonn siad ag glaoch ar an Éigipt,
agus is ar an Asaír a bhíonn a dtriall.
12 Ach cibé áit a n-eitleoidh siad, leathfaidh mé orthu mo líon,
agus leagfaidh mé iad amhail éanlaith an aeir,
agus smachtóidh mé iad de réir líon a n-urchóidí.
13 Mairg dóibh, mar tá siad ar teitheadh uaim!
Léirscrios orthu, óir d’éirigh siad amach i m’aghaidh!
Níorbh fhearr liom rud ná iad a fhuascailt,
ach siúd ag bréagadóireacht iad i m’aghaidh!
14 Ní éann siad ormsa óna gcroí amach,
nuair a bhíonn siad ag liúireach ar a leapacha;
gearrann siad iad féin ar son arbhair agus úrfhíona,
ach bíonn siad easumhal domsa.
15 Neartaigh mise a ngéaga,
ach is ag beartú oilc i mo choinne a bhíonn siad.
16 Téann siad i muinín [rud gan mhaith];
is cuma nó bogha scaoilte iad.
Bás de rinn a gheobhaidh a bhflatha
mar gheall ar shotal a gcuid cainte;
agus beidh siad ina gceap magaidh i dtír na hÉigipte dá bharr.