Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • Amós 2
  • An Bíobla Naofa

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • An Bíobla Naofa
  • 1
  • 2
  • 3
  • 4
  • 5
  • 6
  • 7
  • 8
  • 9
  • 10
  • 11
  • 12
  • 13
  • 14
  • 15
  • 16
An Bíobla Naofa
Amós 2:1-16

Amós

2 Mar seo a deir an Tiarna:

In éiric thrí pheaca Mhóáb,

in éiric a cheithre pheaca,

ní rachaidh mé siar ar mo dhaorbhreith.

De bhrí go ndearna sé luaith de chnámha rí Eadóm,

2 teilgfidh mé tine síos ar Mhóáb

agus dófaidh sí páláis Chiríot,

éagfaidh Móáb le linn an chlampair,

le linn gártha agus fuaim an trumpa;

3 scriosfaidh mé an taoiseach óna lár

agus maróidh mé gach prionsa leis,

a deir an Tiarna.

4 Mar seo a deir an Tiarna:

In éiric thrí pheaca Iúdá,

in éiric a cheithre pheaca,

ní rachaidh mé siar ar mo dhaorbhreith.

De bhrí gur thug siad a gcúl le dlí an Tiarna

agus nár choinnigh siad a aitheanta,

ach gur chuir na déithe bréige a lean a n-aithreacha ar seachrán iad,

5 teilgfidh mé tine síos ar Iúdá

agus dófaidh sí páláis Iarúsailéim.

6 Mar seo a deir an Tiarna:

In éiric thrí pheaca Iosrael,

in éiric a cheithre pheaca,

ní rachaidh mé siar ar mo dhaorbhreith.

De bhrí gur dhíol siad an fíréan i ngeall ar airgead

agus an bochtán i ngeall ar phéire cuarán,

7 de bhrí go satlaíonn siad ar cheann an bhochtáin

agus go gcaitheann siad an dearóil ar leataobh,

de bhrí go dtaithíonn an t-athair agus an mac

an striapach chéanna,

rud is masla do m’ainm naofa,

8 de bhrí go luíonn siad síos ar thaobh gach altóra

ar éide a cuireadh i ngeall,

agus go n-ólann siad i dteach a ndé

fíon na ndaoine a fíneáladh.

9 Ina dhiaidh sin is uile scrios mé na hAmóraigh rompu,

fir a bhí chomh hard leis na céadrais

agus chomh láidir leis na daracha;

scrios mé a dtorthaí os cionn talún

agus a bpréamhacha thíos fúithi.

10 Thug mé aníos sibh fosta ó thír na hÉigipte

agus threoraigh daichead bliain san fhásach sibh

chun go bhfaigheadh sibh dúiche an Amóraigh mar oidhreacht.

11 Thóg mé fáithe as bhur sliocht fir

agus Naizírigh as bhur macra.

Nach amhlaidh atá, a chlann Iosrael?

a deir an Tiarna.

12 Ach thug sibh ar na Naizírigh fíon a ól,

agus d’ordaigh sibh do na fáithe: “Ná déanaigí tairngreacht.”

13 Féach, brúfaidh mise síos sibh,

mar a bhrúitear síos trucail lán de phunanna.

14 Ní bheidh an reathaire in ann teitheadh,

caillfidh an tréanfhear a neart,

ní thabharfaidh an gaiscíoch a bheatha slán.

15 Fear an bhogha ní sheasfaidh sé an fód,

ní éalóidh an luathchosach,

ní thiocfaidh an marcach as,

16 an laoch is cróga

teithfidh sé leis gan chathéide an lá sin,

a deir an Tiarna.

Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
Logáil Amach
Logáil Isteach
  • Gaeilge
  • Roinn
  • Roghanna
  • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
  • Téarmaí Úsáide
  • Polasaí Príobháideachta
  • Privacy Settings
  • JW.ORG
  • Logáil Isteach
Roinn