Amós
5 Éist leis an oracal seo a fhógraím i d’aghaidh;
is caoineadh é, a theach Iosrael:
2 Tá an mhaighdean Iosrael ar lár,
ní éireoidh sí níos mó;
óir tá sí tréigthe ar a talamh féin
agus gan aon duine lena tógáil aníos.
3 Óir is mar seo a deir an Tiarna Dia le teach Iosrael:
An chathair a raibh míle saighdiúir aici
ní fhágfar ach céad aici;
agus an chathair a raibh céad aici
ní fhágfar aici ach deichniúr.
4 Óir is mar seo a deir an Tiarna Dia le teach Iosrael:
Gabh ar mo lorgsa agus mairfidh tú;
5 ach ná gabh go Béit Éil,
agus ná téigh isteach go Gilgeál
ná anonn go Béar Seaba;
mar is cinnte go rachaidh Gilgeál ar deoraíocht
agus go gcuirfear Béit Éil ar neamhní.
6 Gabh ar lorg an Tiarna agus mairfidh tú;
ar eagla go dtiocfadh sé ar theach Iósaef mar chaor thine
agus go n-alpfadh sí é
agus nach mbeadh aon duine ann chun í a mhúchadh
ar son theach Iosrael.
7 [Is mairg] dóibh siúd
a dhéanann mormónta as an bhfíréantacht
a chaitheann an ceart uathu ar lár;
8 Ba é a rinne an Phléadach agus Óiríon,
a dhéanann solas de dhuibhe na hoíche
agus a dhorchaíonn arís an lá,
a ghaireann ar uiscí na farraige
agus a dhoirteann amach iad ar dhromchla na talún;
an Tiarna is ainm dó.
9 Teilgeann sé léirscrios ar an dún,
sa chruth go gcreachtar an daingean.
10 ar fuath leo an fear a chuireann
ceart dlí i bhfeidhm ag an ngeata
agus ar gráin leo an té a insíonn an fhírinne.
11 Ar an ábhar sin, de bhrí go satlaíonn sibh ar an mbochtán,
agus go gcuireann sibh ainchíos cruithneachta air,
na tithe sin a thóg sibh le clocha snoite
ní chónóidh sibh iontu;
na fíonghoirt thaitneamhacha a chuir sibh
ní ólfaidh sibh a bhfíon.
12 Óir is eol domsa iomad bhur gcionta
agus méid bhur bpeacaí;
sibhse a chiapann na fíréin, a ghlacann an bhreab,
a chaitheann an dearóil ar leataobh sa gheata.
13 Ní aon ionadh go bhfanann an fear críonna ina thost ar uair mar seo; mar is olc an uair atá ann.
14 Iarraigí an mhaith in áit an oilc,
ionas go mairfidh sibh,
agus go mbeidh an Tiarna, Dia na Slua, libh dáiríre
mar a mhaíonn sibh atá sé.
15 Bíodh fuath agaibh don olc agus grá don mhaith;
cuirigí an ceart i bhfeidhm sa gheata;
agus b’fhéidir go nglacfaidh an Tiarna, Dia na Slua,
trua ar iarmhar Iósaef.
16 Dá bhrí sin is mar seo a deir an Tiarna, Dia na Slua, an Tiarna:
Beidh caoineadh i ngach cearnóg baile
agus mairgneach i ngach sráid: “Ochón, ochón.”
Glaofaidh siad na feirmeoirí chun mairgní
agus an t-aos caointe chun olagóin,
17 agus beidh caoineadh sna fíonghoirt go léir,
óir rachaidh mise thart in bhur measc,
a deir an Tiarna.
18 Is mairg daoibh atá ag tnúth le lá an Tiarna.
Cad é lá an Tiarna daoibh?
Is dorchadas é agus ní solas;
19 mar dhuine a d’éalódh ó leon
ach gur bhuail béar leis;
nó mar dhuine a rachadh isteach ina theach
agus a leagfadh a lámh ar an mballa
ach gur rug nathair nimhe air.
20 Nach dorchadas é lá an Tiarna agus ní solas,
nach duibheagán é gan dealán ar bith ann?
21 Is fuath liom agus is beag orm bhur bhféilte;
ní bhainim aon sult as bhur gcomhthionóil shollúnta.
22 Bíodh go n-ofrálann sibh bhur n-íobairtí dóite agus bhur n-íobairtí bia,
ní ghlacfaidh mé leo;
agus diúltóidh mé d’íobairtí síochána bhur mbeithíoch méith.
23 Tógaigí uaim torann bhur n-amhrán;
ní éistfidh mé le ceol bhur gcruiteanna.
24 Ach go rithe an fhíréantacht mar uisce
agus an t-ionracas mar shruth gan dísc!
25 Ar thairg sibh íobairtí agus ofrálacha dom
ar feadh an daichead bliain san fhásach, a theach Iosrael?
26 Ach anois ní miste libh Sacút bhur rí,
agus Cíován bhur ndia a iompar,
íomhánna a rinne sibh daoibh féin.
27 Uime sin seolfaidh mé ar deoraíocht sibh taobh thall den Damaisc,
a deir an Tiarna, arb ainm dó Dia na Slua.