Amós
8 Seo an rud a thaispeáin an Tiarna Dia dom:
cliabh de thorthaí aibí.
2 “A Amós, cad é a fheiceann tú?” a dúirt sé.
“Cliabh de thorthaí aibí,” a dúirt mé.
Ansin dúirt an Tiarna liom:
Tá mo phobal Iosrael aibí chun treascairt,
ní ligfidh mé a gcionta leo níos mó.
3 Beidh caointe á gcanadh sa teampall an lá sin,
—is é an Tiarna mo Dhia a labhraíonn—
beidh na corpáin gan áireamh ann
agus i ngach áit cuirfear an tost i bhfeidhm.
4 Éistigí leis seo,
sibhse a shatlaíonn ar na hainniseoirí
chun bochtáin na tíre a dhíothú.
5 Sibhse a deir: Cathain a chuirfear deireadh leis an ré nua,
ionas go ndíolfaimid arbhar,
agus leis an tsabóid,
ionas go gcuirfimid ár gcruithneacht ar an margadh,
agus go ndéanfaimid an t-éafá beag agus an seicil mór
trí chaimiléireacht a dhéanamh ar na scálaí,
6 go dtig linn an bochtán a cheannach le hairgead
agus an t-ainniseoir le péire cuarán,
agus go dtig linn fiú barraíl na cruithneachta a dhíol?
7 Mhionnaigh an Tiarna dar mórtas Iacóib.
Go deimhin, ní dhearmadfaidh mé choíche
aon rud dá bhfuil déanta acu.
8 Nach dá bhrí seo a chritheann an talamh
agus a chaoineann gach duine dá gcónaíonn ann?
Tá sí ag borradh ar nós na Níle
agus ag éirí agus ag titim mar Abhainn na hÉigipte?
9 An lá sin, a deir an Tiarna mo Dhia,
tabharfaidh mé ar an ngrian dul faoi um nóin,
agus clúdóidh mé an tír le dorchadas i lár an lae ghil.
10 Déanfaidh mé údar bróin de bhur n-oilithreachtaí
agus is caointe a bheidh in bhur gcainticí uile;
cuirfidh mé sacéadach um an uile leasrach,
agus bearrfaidh mé bhur gcinn go léir.
Beidh sibh ag caoineadh amhail is dá mba aonmhac a bhí á chaoineadh;
agus is é an chríoch a bheidh air, lá searbh.
11 Féach, tá na laethanta chugaibh,
a deir an Tiarna Dia,
nuair a chuirfidh mé gorta sa tír,
nach gorta bia ná dí é,
ach díth dúile in éisteacht bhriathra an Tiarna.
12 Tuisleofar ó fharraige go farraige;
seachránfar ón tuaisceart soir, ar lorg bhriathar an Tiarna agus gan teacht air.
13 An lá sin titfidh idir chailín deas
agus bhuachaill breá i laige le tart.
14 An dream a mhionnaíonn dar Aisioma na Samáire
agus a deir: “Go maire do dhia, a Dhán!,
go maire Cumhacht Bhéar Seaba!”,
titfidh siad seo uile agus ní éireoidh siad arís go brách.