Ióna
2 [2:2] Ghuigh Ióna as bolg an éisc chun an Tiarna, a Dhia, 2 [2:3] mar a leanas:
“Nuair a bhí mé i gcruachás,
scread mé ar an Tiarna,
agus thug sé cluas do mo ghuí;
ó bhroinn an Bháis ghlaoigh mé ort
agus d’éist tú le mo ghuth.
3 [2:4] Theilg tú mé síos san aibhéis,
i ndoimhneacht na farraige,
mar ar thimpeallaigh an díle mé,
agus mar a raibh do thonnta agus do shaoistí uile
ag madhmadh tharam.
4 [2:5] Dúirt mé liom féin, mar sin:
‘Tá mé díbeartha as do láthair.
Conas a gheobhaidh mé radharc arís
ar do Theampall naofa?’
5 [2:6] Bhí na huiscí do mo chiorclú,
agus mé i mbaol mo mhúchta;
bhí an duibheagán ag brú isteach orm ó gach taobh
agus chuaigh mo cheann in ascar san fheamainn.
6 [2:7] Síos liom go fréamhacha na sléibhte;
bhí barraí fhearann an Bháis
á ndaingniú orm feasta choíche.
Ach tharraing tusa aníos as an bPoll mé
go beo beathach,
a Thiarna, a Dhia liom!
7 [2:8] Agus mé ag dul i laige le giorra anála,
chuimhnigh mé ar an Tiarna
agus tháinig m’achainí chugatsa,
chomh fada le do Theampall naofa:
8 [2:9] Go n-éirí lucht adhartha íol gan éifeacht
as a mbaothdhílseacht dóibh.
9 [2:10] I dtaca liomsa de, áfach
ofrálfaidh mé íobairt duit
mar aon le caintic bhuíochais;
agus comhlíonfaidh mé na móideanna a thug mé.
Is don Tiarna is dleacht
an fhuascailt a dhéanamh.”
10 [2:11] Ansin labhair an Tiarna leis an iasc agus ar an bpointe sceith sé aníos ar an talamh tirim.