Míocá
3 Agus dúirt mé: Éistigí, a cheanna urra Iacóib,
a thaoiseacha theaghlach Iosrael!
Nach é bhur ndualgas é
eolas a bheith agaibh ar céard is ceart?
2 Sibhse, a bhfuil fuath agaibh don mhaith agus grá agaibh don olc,
a stróiceann an craiceann de dhaoine
agus a bhaineann an fheoil dá gcnámha,
3 a alpann feoil mo phobail;
is a bhaineann a gcraiceann díobh;
a bhriseann a gcnámha
agus a ghearrann ina bpíosaí iad mar fheoil i gcorcán
nó mar chonablach i gcoire.
4 Éifidh siad ar an Tiarna an uair sin
ach ní thabharfaidh sé freagra orthu;
folóidh sé a aghaidh orthu
de bhrí go ndearna siad drochghníomhartha.
5 Is mar seo a labhraíonn an Tiarna i dtaobh na bhfáithe
a chuireann mo phobal ar seachrán;
fad a bhíonn rud éigin le cogaint
acu fógraíonn siad síocháin
ach fearann siad cogadh naofa ar an té
nach gcuireann dada ina mbéal.
6 Dá dheasca sin titfidh an oíche oraibh;
ní bheidh a thuilleadh físeanna agaibh;
clúdóidh an dorchadas sibh
agus ní dhéanfaidh sibh fáistine feasta.
Is ea, rachaidh an ghrian faoi ar na fáithe
agus dorchóidh an lá orthu.
7 Ansin beidh náire ar na físithe
agus ceann faoi ar an lucht fáistine.
Clúdóidh siad a mbéal
mar ní thabharfaidh Dia freagra orthu níos mó.
8 Ach i dtaca liomsa de táimse lán de chumhacht
(agus de spiorad an Tiarna)
agus de cheart agus de mhisneach
chun a choir a thaispeáint do Iacób
agus a pheaca a léiriú do Iosrael.
9 Éistigí leis seo, a cheanna urra Iacóib,
a thaoiseacha theaghlach Iosrael,
a bhfuil dearg-ghráin agaibh ar an gceart,
a chuireann gach ní dá bhfuil cóir as a riocht,
10 a thógann Síón le fuil
agus Iarúsailéim le héigeart.
11 De thoradh breabanna tugann a cinn urra breithiúnas;
múineann a sagairt ar thuarastal
agus déanann a fáithe fáistine ar airgead geal.
Ach mar sin féin cuireann siad a muinín as an Tiarna
agus deir siad: “Nach bhfuil an Tiarna inár measc?
Ní thiocfaidh aon mhí-ádh orainn.”
12 Dá dheasca sin déanfar gort treafa de Shíón
agus fothrach de Iarúsailéim
agus ardán crannach de Shliabh an Teampaill
mar gheall oraibhse.