Habacúc
2 Seasfaidh mé ar mo thúr faire;
glacfaidh mé m’ionad ar mo rampar,
agus beidh mé ar m’fhaichill ansin
féachaint céard a déarfaidh sé liom,
nó cén freagra a thabharfaidh sé ar mo chasaoid.
2 Thug an Tiarna freagra orm ansin, á rá:
“Scríobh síos an fhís;
déan í a ghreanadh ar leaca
ionas go mbeidh sé furasta í a léamh.
3 Óir is le haghaidh a hionú féin amháin
a tugadh an fhís seo;
tá sí ag tnúthán lena comhlíonadh
agus ní dhéanfaidh sí bréag.
Go fiú má bhíonn sí mall ag teacht, fan léi;
mar tiocfaidh sí i gcrích go cinnte;
ní theipfidh uirthi choíche.
4 Féach, cloítear an té nach bhfuil croí ionraic aige;
ach mairfidh an fíréan de bharr a dhílse.”
5 Go deimhin is go dearfa
is fealltach an ní é an [saibhreas].
Duine uaibhreach corrthónach is ea an té
a leathnaíonn a chraos amach mar a dhéanann Seól,
agus atá chomh doshásaithe leis an mBás,
an té a bhailíonn chuige féin na ciníocha uile
agus a thiomsaíonn na náisiúin go léir
ar mhaithe leis féin.
6 Nach ndéanfaidh na daoine seo go léir
aoir mar gheall air?
Nach gcumfaidh siad seanfhocal aithiseach:
Is é a déarfaidh siad:
“Is mairg don fhear a charnann nithe
nach leis féin iad—cá fhad eile?—
agus a ualaíonn é féin le nithe a fuair sé mar bhannaí.”
7 Nach n-éireoidh do chreidiúnaithe go tobann?
Nach ndúiseoidh siad siúd a chuirfidh ar ballchrith thú?
Ansin creachfaidh siad thú.
8 De bhrí gur chreach tú mórán ciníocha
creachfaidh na náisiúin eile go léir thusa
mar gheall ar an bhfuil dhaonna a dhoirt tú
agus de dheasca an fhoréigin
a d’imir tú ar an tír, ar an gcathair
agus ar gach duine dá gcónaíonn inti.
9 Is mairg don fhear a dhéanann brabach go héagórach ar son a theaglaigh féin,
chun a nead féin a shuíomh os ard
agus chun lámh an oilc a sheachaint.
10 Tá tú tar éis do theaghlach a náiriú;
nuair a bhasc tú mórán náisiún,
is é d’anam féin a chaill tú.
11 Óir tá na clocha féin ag glaoch amach ón mballa
agus tugann na bíomaí freagra orthu
ón gcreatlach adhmaid.
12 Is mairg don fhear a thógann baile le fuil
agus a bhunaíonn cathair le héigeart.
13 Nach é toil Dhia na Slua é
gur le haghaidh na tine a bhíonn na náisiúin ag tiaráil?
agus gur saothar in aisce é saothar na gciníocha.
14 Óir líonfar an tír le heolas ar ghlóir an Tiarna
mar a chlúdaíonn an t-uisce grinneall na mara.
15 Is mairg don fhear a thugann deoch dá chomharsana,
agus a dhoirteann amach a chuid nimhe
nó go mbíonn siad ar meisce aige
le súil go bhfeicfeadh sé a nochtacht.
16 Tá tú líonta le náire in ionad na glóire.
Ól tú féin chomh maith agus nocht d’fhorchraiceann.
Tiocfaidh an cupán chugat ó dheasláimh an Tiarna
agus cuirfidh an náire scáil ar do ghlóir.
17 Mar bascfar thú de dheasca na hainíde a thug tú ar an Liobáin
agus beidh díothú na n-ainmhithe ina ábhar scéine duit,
mar gheall ar an bhfuil dhaonna a dhoirt tú
agus de dheasca an fhoréigin
a d’imir tú ar an tír, ar an gcathair
agus ar gach duine dá gcónaíonn inti.
18 Cén tairbhe é íomhá ghreanta
le go ndealbhódh a déantóír í chor ar bith?
nó dealbh teilgthe, oracal bréagach,
le go gcuirfeadh a déantóir a mhuinín inti
agus gan ach dealbha balbha á ndéanamh aige?
19 Is mairg don fhear a deir le smután adhmaid: “Múscail thú féin”;
agus leis an gcloch bhalbh: “Éirigh.”
An féidir le rud mar sin oracal a thabhairt uaidh?
Féach, tá sé clúdaithe le hór agus le hairgead
ach níl puth anála ann.
20 Ach tá an Tiarna ina theampall naofa;
bíodh an domhan go léir ina thost ina láthair.