Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • Zacairia 9
  • An Bíobla Naofa

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • An Bíobla Naofa
  • 1
  • 2
  • 3
  • 4
  • 5
  • 6
  • 7
  • 8
  • 9
  • 10
  • 11
  • 12
  • 13
  • 14
  • 15
  • 16
  • 17
An Bíobla Naofa
Zacairia 9:1-17

Zacairia

9 Oracal.

Tá briathar an Tiarna i ndúiche Hadrác,

agus tá foslongfort aige sa Damaisc,

—mar is leis an Tiarna cathracha uile Arám

faoi mar is leis treibheanna uile Iosrael.

2 Tá sé i Hamát freisin, áit atá ar a teorainn

agus sa Tuír agus i Síodón, dá mhéad í a n-eagna.

3 Tá an Tuír tar éis daingean a thógáil di féin,

agus airgead a charnadh mar dheannach,

agus ór a chnuasach mar lathach na sráideanna.

4 Ach, féach! Gabhfaidh an Tiarna seilbh uirthi;

brisfidh sé a cumhacht ar an bhfarraige

agus loiscfear í le tine.

5 Feicfidh Aiscileon é sin agus tiocfaidh eagla uirthi;

feicfidh Gazá é chomh maith

agus beidh sí ag lúbarnaíl le scéin;

beidh Eacrón ar crith freisin,

mar cuirfear a dóchas ó chrích.

Díothófar rí Ghazá

agus ní dhéanfar cónaí in Aiscileon feasta.

6 Lonnóidh pór measctha in Aisdeod,

agus buailfidh mé an t-uabhar as an bhFilistíneach.

7 Sracfaidh mé óna bhéal

an fheoil a bhfuil an fhuil inti fós,

agus sciobfaidh mé a ofrálacha gráinniúla

ó idir a fhiacla.

Lena chois sin déanfar iarmhar dár nDia de,

agus beidh sé ina chlann in Iúdá;

agus beidh Eacrón cosúil le Iabúsach.

8 Suífidh mé mo champa mórthimpeall mo thí,

mar gharda in aghaidh a dtiocfaidh agus a n-imeoidh;

ní ghluaisfidh aon tíoránach tríothu feasta,

mar táimse tar éis bheith ag faire orthu anois le mo shúile cinn féin.

9 Déan gairdeas go spleodrach, a iníon Shíón;

tóg gártha áthais, a iníon Iarúsailéim.

Féach, tá do rí ag teacht chugat,

é go caithréimeach slán,

agus go ceansa,

agus ag marcaíocht ar asal,

ar bhromaichín, ar shearrach asail.

10 Scuabfaidh sé an carbad chun siúil as Eafráim

agus an capall catha as Iarúsailéim;

agus brisfear an bogha cogaidh.

Labhróidh sé leis na náisiúin faoin tsíocháin,

agus beidh sé i réim ó mhuir go muir

agus ón Abhainn go himill na cruinne.

11 Ach maidir leatsa,

ar son fhuil do chonartha liomsa,

seolfaidh mé do chimí ar ais ón bpoll

nach bhfuil aon uisce ann.

12 Filligí ar an daingean, a chimí an dóchais,

an lá inniu féin dearbhaím

go ndéanfaidh mé cúiteamh libh faoi dhó.

13 Óir, táim tar éis Iúdá a lúbadh dom féin mar bhogha,

agus an bogha sin a ghléasadh le hEafráim mar shaighead.

Beartóidh mé do chlann mhac, a Shíón, mar airm

in aghaidh chlann mhac Iáván,

agus déanfaidh mé claíomh gaiscígh díot.

14 Nochtfaidh an Tiarna os a gcionn.

Seinnfidh a shaighead amach mar splanc thintrí;

séidfidh an Tiarna Dia an stoc,

agus réabfaidh sé leis ar aghaidh

ar stoirmeacha an deiscirt.

15 Cosnóidh Tiarna na Slua iad;

dísceoidh siad [a naimhde]

agus gabhfaidh siad de chosa sna clocha tabhaill.

Ólfaidh siad agus tógfaidh siad racán,

faoi mar a bheadh siad ar meisce le fíon;

beidh siad chomh lán le babhla íobartha

chomh smeartha le cúinní altóra.

16 An lá sin, sábhálfaidh an Tiarna, a nDia, iad,

a phobal féin, mar thréad caorach.

Óir beidh siad ag drithliú ar a thalamh

amhail seoda corónach.

17 Nach maith an bhail a bheidh orthu go deimhin!

Nach álainn a bheidh siad!

Cuirfidh arbhar bláth ar na hógánaigh

agus cuirfidh fíon nua maise ar na maighdeana.

Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
Logáil Amach
Logáil Isteach
  • Gaeilge
  • Roinn
  • Roghanna
  • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
  • Téarmaí Úsáide
  • Polasaí Príobháideachta
  • Privacy Settings
  • JW.ORG
  • Logáil Isteach
Roinn