Malaicí
4 [3:19] “Óir, féach, tá an lá ag teacht, agus é ar dearglasadh mar fhoirnéis, a mbeidh na scigirí uile agus lucht déanta an oilc go léir mar choinleach, agus ídeoidh an lá atá le teacht iad sa chaoi nach bhfágfaidh sé fréamh ná craobh acu, a deir Tiarna na Slua. 2 [3:20] Ach, maidir libhse, a thugann ómós do m’ainm, éireoidh oraibh grian na fíréantachta, a bhfuil íocshláinte ina gathanna aici, agus gluaisfidh sibh amach agus sibh ag pocléimneach mar ghamhna a scaoilfí amach as stábla. 3 [3:21] Satlóidh sibh ar dhrochdhaoine; is ea, beidh siad mar luaithreach faoi bhoinn bhur gcos ar an lá atá a réiteach agam, a deir Tiarna na Slua.
4 [3:22] “Coimeádaigí cuimhne ar dhlí Mhaois, mo sheirbhíseach; óir, is dó a thug mé dlíthe agus reachtanna ar Horaeb i gcomhair Iosrael go léir.
5 [3:23] “Féach! Tá sé beartaithe agam an fáidh, Éilias, a chur chugaibh sula dtiocfaidh lá mór scéiniúil an Tiarna. 6 [3:24] Iompóidh sé croí na n-aithreacha i leith a gclainne agus croí na clainne i leith a n-aithreacha ar eagla go dtiocfainn agus mallacht a chur ar an tír.”