Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • Matha 1
  • An Bíobla Naofa

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • An Bíobla Naofa
  • 1
  • 2
  • 3
  • 4
  • 5
  • 6
  • 7
  • 8
  • 9
  • 10
  • 11
  • 12
  • 13
  • 14
  • 15
  • 16
  • 17
  • 18
  • 19
  • 20
  • 21
  • 22
  • 23
  • 24
  • 25
An Bíobla Naofa
Matha 1:1-25

Matha

MATHA

1 Leabhar ghinealach Íosa Críost, mac Dháiví, mac Abrahám. 2 Ghin Abrahám Íosác; ghin Íosác Iacób; ghin Iacób Iúdá agus a dheartháireacha; 3 ghin Iúdá Fearas agus Zára ó Thámár; ghin Fearas Easróm; ghin Easróm Áram; 4 ghin Áram Aimineadab; ghin Aimineadab Náiseon; ghin Náiseon Salmón; 5 ghin Salmón Boaz ó Ráchab; ghin Boaz Ióibeid ó Rút; ghin Ióibeid Iseái; 6 ghin Iseái Dáiví rí.

Ghin Dáiví Solamh ó bhean Úirías; 7 ghin Solamh Róbóam; ghin Róbóam Aibiá; ghin Aibiá Ásaf; 8 ghin Ásaf Iósáfat; ghin Iósáfat Iórám; ghin Iórám Ózáias; 9 ghin Ózáias Iótám; ghin Iótám Áchaz; ghin Áchaz Eizichias; 10 ghin Eizichias Manasaes; ghin Manasaes Amós; ghin Amós Iósáias; 11 ghin Iósáias Iachónáias agus a dheartháireacha le linn bhroid na Bablóine.

12 Tar éis bhroid na Bablóine, ghin Iachónáias Salaitiéil; ghin Salaitiéil Zoróbaibeil; 13 ghin Zoróbaibeil Aibiúd; ghin Aibiúd Eiliáicím; ghin Eiliáicím Azór; 14 ghin Azór Sadóc; ghin Sadóc Aichím; ghin Aichím Eiliúd; 15 ghin Eiliúd Eiliazar; ghin Eiliazar Matan; ghin Matan Iacób; 16 ghin Iacób Iósaef, fear céile Mhuire ónar rugadh Íosa ar a dtugtar Críost.

17 A bhfuil de ghlúine ann dá bhrí sin: ó Abrahám go dtí Dáiví, ceithre glúine déag; ó Dháiví go dtí broid na Bablóine, ceithre glúine déag; agus ó bhroid na Bablóine go dtí Críost, ceithre glúine déag.

18 Seo mar a tharla Íosa Críost a shaolú. Bhí Muire, a mháthair, luaite le Iósaef, agus sula ndearnadar aontíos, fuarthas torrach í ón Spiorad Naomh. 19 Ba dhuine cóir a fear céile Iósaef, ach níorbh áil leis go dtabharfaí míchlú di, agus chinn sé í a scaoileadh uaidh os íseal. 20 Ag machnamh ar an méid sin dó, áfach, thaispeáin aingeal ón Tiarna é féin dó i mbrionglóid agus dúirt: “A Iósaef, a mhic Dháiví, ná bíodh eagla ort do bhean chéile Muire a thabhairt abhaile leat, óir, an leanbh atá gafa aici, is ón Spiorad Naomh é. 21 Béarfaidh sí mac, agus tabharfaidh tú Íosa mar ainm air, óir slánóidh sé a phobal óna bpeacaí.” 22 Thit an méid sin go léir amach chun go gcomhlíonfaí a ndúirt an Tiarna tríd an bhfáidh:

23 “Beidh an mhaighdean torrach agus béarfaidh sí mac

agus tabharfar Imeánuéil mar ainm air,”

—ainm a chiallaíonn: Tá Dia linn. 24 [1:24a] Dhúisigh Iósaef agus d’éirigh, agus rinne mar d’ordaigh aingeal an Tiarna dó: a bhean a thabhairt abhaile leis. 25 [1:24b] Ach ní raibh cuid aige di nó gur rug sí mac, agus thug sé Íosa mar ainm air.

Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
Logáil Amach
Logáil Isteach
  • Gaeilge
  • Roinn
  • Roghanna
  • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
  • Téarmaí Úsáide
  • Polasaí Príobháideachta
  • Privacy Settings
  • JW.ORG
  • Logáil Isteach
Roinn