Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • Gníomhartha 26
  • An Bíobla Naofa

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • An Bíobla Naofa
  • 1
  • 2
  • 3
  • 4
  • 5
  • 6
  • 7
  • 8
  • 9
  • 10
  • 11
  • 12
  • 13
  • 14
  • 15
  • 16
  • 17
  • 18
  • 19
  • 20
  • 21
  • 22
  • 23
  • 24
  • 25
  • 26
  • 27
  • 28
  • 29
  • 30
  • 31
  • 32
An Bíobla Naofa
Gníomhartha 26:1-32

Gníomhartha

26 Ansin dúirt Aigripe le Pól: “Tá cead cainte ar do shon féin anois agat.” Agus shín Pól a lámh amach agus thosaigh sé ar a chosaint féin mar leanas: 2 “Is maith an bhail orm dar liom, a rí Aigripe, gur i do láthairse atáim do mo chosaint féin inniu ar a bhfuil de chionta á gcur i mo leith ag na Giúdaigh, 3 mar go bhfuil sáreolas agatsa ar nósanna uile na nGiúdach agus ar a gcuid conspóidí. Achainím ort dá bhrí sin éisteacht go foighneach liom.

4 “Tá a fhios ag na Giúdaigh go léir an chuma ar chaith mise mo shaol ó m’óige, mar gur i measc mo chine féin agus in Iarúsailéim a mhair mé ó thús. 5 Tá a fhios acu le fada, dá mba áil leo é a dhearbhú, gur mhair mé mar Fhairisíneach riamh anall, ag cloí leis an aicme ba dhéine dár gcreideamh. 6 Agus is mar gheall ar an dóchas atá agam leis an ngealltanas a thug Dia dár sinsir atáim ar mo thriail anseo anois. 7 Tá an dá threibh déag againn ag adhradh go dúthrachtach de lá agus d’oíche le súil go mbainfimid amach an gealltanas sin. Is mar gheall ar an dóchas sin, a rí, atáimse do mo chiontú ag na Giúdaigh. 8 Cén fáth gur dochreidte libhse mar scéal é go dtógann Dia na mairbh?

9 “Bhí mé féin deimhin de tráth gurbh é mo dhualgas é gach dícheall a dhéanamh in aghaidh ainm Íosa Nazóraigh. 10 Rinne mé amhlaidh in Iarúsailéim, agus is iomaí duine den phobal naofa a chuir mé faoi ghlas i bpríosún agus údarás agam chuige ó na hardsagairt, agus nuair bhídís á gcur chun báis, thugainnse mo ghuth ina gcoinne. 11 Agus is minic a bhínn ó shionagóg go sionagóg á gcéasadh agus ag iarraidh a thabhairt orthu Dia a mhaslú. Bhí mé chomh mór sin ar buile chucu go dtéinn ar a dtóir fiú amháin go cathracha i gcéin.

12 “Sin é an gnó a bhí do mo thabhairt go Damaisc le cead agus le húdarás na n-ardsagart 13 nuair a chonaic mé ar an mbóthar i lár an lae, a rí, solas ó neamh ba ghile ná an ghrian ag lonradh i mo thimpeall agus timpeall na bhfear a bhí le mo chois. 14 Thiteamar go léir chun talaimh agus chuala mé an guth á rá liom sa teanga Eabhra: ‘A Shóil, a Shóil, cad uime a bhfuil tú do mo ghéarleanúint? Goilleann sé ort a bheith ag speachaíl in aghaidh na mbrod.’ 15 ‘Cé thú féin, a thiarna?’ arsa mise. Agus dúirt an Tiarna: ‘Is mé Íosa atá agat á ghéarleanúint. 16 Ach éirigh i do sheasamh ón talamh, mar is chuige seo a thaispeain mé mé féin duit chun go ndéanfainn seirbhíseach dom féin díot agus go mbeifeá i do fhinné agam ar a bhfuil feicthe agat díom agus ar a bhfeicfidh tú ar ball. 17 Tabharfaidh mé slán tú ó do phobal féin agus ó na gintlithe mar is chucusan atáim do do chur 18 chun a súile a oscailt le go n-iompóidís ón dorchadas chun an tsolais agus ó chumhacht Shátain chun Dé, ar shlí go bhfaighidís maithiúnas óna bpeacaí agus ionad i measc an phobail naomhaithe, trína gcreideamh ionamsa.’

19 “Dá chionn sin, a rí Aigripe, ní dhearna mé neamhshuim den fhís ó neamh, 20 ach ag tosú dom le muintir Dhamaisce agus ina dhiaidh sin in Iarúsailéim agus ar fud dúiche Iúdáia agus i measc na ngintlithe, d’fhógair mé dóibh aithrí a dhéanamh agus casadh ar Dhia agus beart a dhéanamh de réir na haithrí. 21 Sin é an fáth a raibh na Giúdaigh ag iarraidh mé a mharú, tar éis dóibh breith orm sa Teampall. 22 Ach le cabhair ó Dhia táim ag seasamh an fhóid go dtí an lá inniu, ag tabhairt faisnéise do bheag agus do mhór ach gan aon ní á rá agam thar an méid a dúirt na fáithe agus Maois a bhí le titim amach: 23 nárbh fholáir don Chríost fulaingt agus solas a fhógairt don phobal agus do na gintlithe trína bheith ar an gcéad duine a d’éireodh ó mhairbh.”

24 Bhí Pól á chosaint féin mar sin nuair a dúirt Féastas in ard a ghutha: “Tá tú as do mheabhair, a Phóil! An iomad den léann atá do do thiomáint as do mheabhair.” 25 D’fhreagair Pól é: “Nílim as mo mheabhair, a Fhéastas ró-oirirc,” ar seisean, “níl sa chaint atá á rá agam ach an fhírinne lom. 26 Tuigeann an rí na cúrsaí seo agus sin é an fáth a bhfuilim ag labhairt go neamhbhalbh ina fhianaise. Táim cinnte de nach bhfuil aon chuid den ghnó seo ag imeacht gan fhios air mar ní i gclúid a tharla sé. 27 An gcreideann tusa na fáithe, a rí Aigripe? Tá a fhios agam go gcreideann tú.”

28 Dúirt Aigripe le Pól: “Is beag nach n-áitíonn tú orm a bheith i mo Chríostaí.” 29 “Cibé beag mór,” arsa Pól, “go dtuga Dia duit féin agus don uile dhuine atá ag éisteacht liom inniu go mbeidh sibh mar atáimse—ach gan na slabhraí seo a bheith oraibh.”

30 Ansin d’éirigh an rí agus an gobharnóir agus Beirnicé agus an mhuintir a bhí ina suí leo, 31 agus ar dhul amach dóibh bhí siad ag caint le chéile, á rá: “Níl aon ní déanta ag an bhfear sin a thuillfeadh bás ná braighdeanas dó.” 32 Agus dúirt Aigripe le Féastas: “D’fhéadfaí an fear sin a scaoileadh saor mura mbeadh gur ghairm sé Céasar.”

Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
Logáil Amach
Logáil Isteach
  • Gaeilge
  • Roinn
  • Roghanna
  • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
  • Téarmaí Úsáide
  • Polasaí Príobháideachta
  • Privacy Settings
  • JW.ORG
  • Logáil Isteach
Roinn