Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • Deotranaimí 21
  • An Bíobla Naofa

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • An Bíobla Naofa
  • 1
  • 2
  • 3
  • 4
  • 5
  • 6
  • 7
  • 8
  • 9
  • 10
  • 11
  • 12
  • 13
  • 14
  • 15
  • 16
  • 17
  • 18
  • 19
  • 20
  • 21
  • 22
  • 23
An Bíobla Naofa
Deotranaimí 21:1-23

Deotranaimí

21 “Sa tír a thugann an Tiarna do Dhia duit le sealbhú, má fhaightear duine a básaíodh ina luí amuigh ar an mbán, agus nach eol cé mharaigh é, 2 tagadh bhur seanóirí agus bhur mbreithiúna agus déanaidís an fad slí idir corpán an duine bhásaithe agus na cathracha máguaird a thomhas. 3 Ansin faigheadh seanóirí na cathrach is gaire don mharbh bodóg nár cuireadh chun oibre agus nár tharraing an chuing riamh fós. 4 Beireadh seanóirí na cathrach an bhodóg leo chun bruacha srutháin nach dtéann i ndísc, i mball nár treabhadh agus nár síolchuireadh riamh, agus ansiúd sa ghleann brisidís muineál na bodóige. 5 Agus tagadh clann mhac Léiví, na sagairt, i láthair mar thogh an Tiarna do Dhia iad le fónamh dó agus le beannú in ainm an Tiarna, agus is é a ngnó gach cás aighnis agus foiréigin a réiteach le breith a mbéil. 6 Ansin níodh seanóirí uile an bhaile is gaire don mharbhán a lámha sa sruthán os cionn na bodóige ar briseadh a muineál. 7 Agus abraidís na focail seo: ‘Níor dhoirt ár lámha an fhuil seo agus ní fhaca ár súile aon ní. 8 Leath brat do mhaithiúnais ar do phobal Iosrael a d’fhuascail tú a Thiarna, agus ná doirtear aon fhuil neamhchiontach i measc do phobail Iosrael.’ Ar an tslí sin beidh brat cosanta orthu ón bhfíoch fola. 9 Ní foláir duit gach doirteadh fola neamhchiontaí a dhíbirt ó do lár más áil leat an ceart a dhéanamh i súile an Tiarna.

10 “Nuair a théann tú amach chun cogaidh in aghaidh do namhad, agus go ndéanann do Dhia iad a thabhairt ar láimh duit agus go ngabhann tú iad mar chimí, 11 agus go bhfeiceann tú bean sciamhach ar na cimí agus go mbíonn dúil agat inti, ní miste duit í a ghabháil chugat mar bhean 12 agus í a bhreith leat abhaile. Bearradh sí a ceann agus scumhadh sí a hingne 13 agus baineadh sí di a héide cime; fanadh sí laistigh de do theach ar feadh míosa agus caoineadh sí a hathair agus a máthair ar feadh míosa gan staonadh. Ní miste duit ansin dul chuici agus do chuid féin a dhéanamh di agus bíodh sí mar bhean agat. 14 Má tharlaíonn go n-éiríonn tú tuirseach di, tabhair cead a cinn di, gan airgead a éileamh mar cheannach uirthi; ós rud é gur bhain tú feidhm aisti, níl cead agat brabach a dhéanamh uirthi.

15 “Má bhíonn beirt bhan ag duine, agus bean acu ina muirnín agus an bhean eile gan a bheith, agus go mbeireann an muirnín agus an bhean nach amhlaidh clann dó, agus gur leis an bhean nach muirnín an chéadghin mhic, 16 ansin nuair a thagann an lá inar cóir dó a chuid a roinnt mar oidhreacht ar a chlann mhac, ní cóir buntáiste na céadghine a thabhairt do mhac an mhuirnín thar mhac na mná nach muirnín ós é is céadghin ó cheart; 17 ach admhaíodh sé mar chéadghin mac na mná nach muirnín, agus tugadh sé dúbailt roinne dó dá bhfuil aige, óir is é céadtoradh a chumais é; is leis ceart na céadghine.

18 “Má bhíonn mac ceanndána nó easumhal ag duine, gan aird aige ar ghuth athar ná máthar, agus nach dtógann aon cheann dóibh fiú nuair a chuireann siad pionós air, 19 ansin ní foláir dá athair agus dá mháthair greim a bhreith air agus é a thabhairt amach go seanóirí na cathrach ag geataí na háite ina mbíonn cónaí air, 20 agus a rá le seanóirí na cathrach: ‘Tá an mac seo againn ceanndána easumhal, agus ní ghéillfidh sé dár nguth; déanann sé craos agus bíonn ar meisce.’ 21 Ansin déanadh a chomhchathróirí go léir é a chur chun báis de chlocha; déanaigí an t-olc seo a dhíbirt ó bhur lár. Cluinfidh Iosrael uile faoi seo, agus beidh scanradh orthu.

22 “Má dhéanann duine coir mharfach agus go gcuirtear chun báis é agus go gcrochann tú ar chrann é, 23 ná fanadh a chorp thar oíche ar an gcrann, ach déan é a adhlacadh an lá céanna, óir tá mallacht Dé ar dhuine a chrochtar; agus ná déan an talamh a thugann an Tiarna do Dhia duit mar oidhreacht a thruailliú.

Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
Logáil Amach
Logáil Isteach
  • Gaeilge
  • Roinn
  • Roghanna
  • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
  • Téarmaí Úsáide
  • Polasaí Príobháideachta
  • Privacy Settings
  • JW.ORG
  • Logáil Isteach
Roinn