Deotranaimí
25 “Má bhíonn aighneas idir daoine agus go dtéann siad chun cúirte agus go dtugann na breithiúna breith eatarthu agus a fhógairt an ceart a bheith ag an té a bhíonn sa cheart, agus an éagóir a bheith ag an té a bhíonn san éagóir, 2 má thuilleann an té a bhíonn san éagóir gabháil de lasc air, tugadh an breitheamh faoi deara é a chur ina luí agus gabháil de lasc air ina láthair leis an líon buillí a oireann dá choir. 3 Is ceadmhach daichead buille a bhualadh air, ach gan dul thairis sin, le heagla go mbeadh an léasadh ródhian agus go mbeadh drochmheas agat ar do bhráthair dá bharr.
4 “Ná cuir pusachán ar an damh agus é ag satailt an arbhair.
5 “Má bhíonn deartháireacha in aontíos agus go bhfaigheann duine acu bás gan mhac, ná pósadh bean an mhairbh duine deoranta lasmuigh den teaghlach; tagadh deartháir a céile chuici agus glacadh sé í mar bhean chéile agus déanadh sé dualgas deartháir céile ina leith. 6 An chéad mhac a bhéarfaidh sí bíodh ainm an dearthár mhairbh air, d’fhonn nach scriosfaí a ainm as Iosrael. 7 Má dhiúltaíonn an fear bean a dhearthár a ghabháil chuige, téadh sise chun na seanóirí ag an ngeata agus abradh: ‘Dhiúltaigh deartháir mo chéile ainm a dhearthár a bhuanú in Iosrael. Ní áil leis dualgas deartháir céile a chomhlíonadh dom.’ 8 Ansin glaodh seanóirí a chathrach air, agus labhraidís leis; agus má chuireann sé ina gcoinne agus a rá: ‘Ní áil liom glacadh léi,’ 9 ansin téadh bean a dhearthár chuige i láthair na seanóirí agus baineadh sí an cuarán dá chois, agus caitheadh sí seile san aghaidh air, agus abradh sí: ‘Sin í an íde a thugaimid ar an té nach gcothaíonn teach a dhearthár,’ 10 agus tabharfar mar shloinne dó ‘Teach an té a Fágadh gan Chuarán’.
11 “Má bhíonn beirt fhear ag troid agus go gcuireann bean duine díobh a ladar sa troid d’fhonn a fear a fhuascailt ó bhuillí an duine eile agus go síneann sí amach a lámh agus breith laistíos ar an duine eile, 12 teasc an lámh di gan trua gan taise a thaispeáint. 13 Ná bíodh dhá mheá dhifriúla i do mhála—ceann trom agus ceann éadrom. 14 Ná bíodh dhá thomhas difirúla i do theach, ceann beag agus ceann mór. 15 Ná bíodh agat ach aon mheá amháin, í iomlán cóir, agus aon tomhas amháin, é iomlán cóir, i dtreo go mbeadh saol fada agat sa tír atá an Tiarna do Dhia a thabhairt duit. 16 Óir aon duine a dhéanann nithe den sórt sin, agus a dhéanann éagóir, is fuath leis an Tiarna do Dhia é. 17 Cuimhnigh céard a rinne Amáiléic leat agus tú ar an mbealach amach as an Éigipt. 18 Bhuail sé leat ar an mbealach agus tar éis duit gabháil thar bráid, d’ionsaigh sé sibh i leith an chúil agus rinne eirleach ar an muintir go léir a bhí ar deireadh: nuair a bhí tú lag tnáite ní raibh eagla Dé air. 19 Nuair a bhronnfaidh an Tiarna do Dhia síocháin duit ó do naimhde go léir máguaird ort sa tír atá an Tiarna do Dhia a thabhairt duit i do sheilbh mar oidhreacht scrios cuimhne Amáiléic ó faoi neamh; ná déan dearmad de.