Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • Deotranaimí 27
  • An Bíobla Naofa

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • An Bíobla Naofa
  • 1
  • 2
  • 3
  • 4
  • 5
  • 6
  • 7
  • 8
  • 9
  • 10
  • 11
  • 12
  • 13
  • 14
  • 15
  • 16
  • 17
  • 18
  • 19
  • 20
  • 21
  • 22
  • 23
  • 24
  • 25
  • 26
An Bíobla Naofa
Deotranaimí 27:1-26

Deotranaimí

27 Thug Maois agus seanóirí Iosrael ordú don phobal: “Coimeádaigí na haitheanta uile a ordaím duit inniu. 2 An uair a théann sibh thar Iordáin isteach sa tír atá an Tiarna do Dhia a thabhairt duit, cuir líoga móra ina seasamh agus cuir brat aoil orthu; 3 agus scríobh orthu focail uile an dlí seo a luaithe a rachaidh tú sall ar do shlí isteach sa tír atá an Tiarna do Dhia a thabhairt duit, tír ina bhfuil bainne agus mil ina slaoda faoi mar a gheall an Tiarna, Dia d’aithreacha, duit. 4 Nuair a rachaidh sibh thar Iordáin, ní foláir daoibh na líoga seo a chur suas ar Shliabh Éabál mar a ordaím daoibh inniu, agus brat aoil a chur orthu. 5 Déan altóir san áit sin don Tiarna do Dhia de chlocha nár luigh aon uirlis iarainn orthu. 6 Tóg an altóir don Tiarna do Dhia as clocha gan cóiriú, agus ofráil íobairtí uileloiscthe uirthi don Tiarna do Dhia. 7 Ofráil íobairtí comaoineach agus ith iad ansiúd agus bíodh lúcháir ort i láthair an Tiarna do Dhia. 8 Scríobh briathra uile an dlí seo ar na clocha go soiléir sofheicthe.”

9 Ansin dúirt Maois agus na sagairt Léivíteacha le hIosrael go léir: “Tabhair cluas, a Iosrael, agus éist. Inniu rinneadh pobal don Tiarna do Dhia díot. 10 Géill dá bhrí sin do ghlór an Tiarna do Dhia, agus coimeád a aitheanta agus a reachtanna a ordaím duit inniu.” 11 Agus thug Maois ordú don phobal an lá céanna á rá: 12 “Nuair a rachaidh sibh thar Iordáin anonn seasaidís seo ar Shliabh Girizím chun an pobal a bheannú: Símeon, Léiví, Iúdá, Íosácár, Iósaef, agus Biniáimin. 13 Agus seasaidís seo ar Shliabh Éabál don mhallacht: Reúbaen, Gád, Áiséar, Zabúlun, Dán, agus Naftáilí. 14 Labhraíodh na Léivítigh ansin agus fógraídís in ard a gcinn do na hIosraelaigh:

15 ‘Go raibh mallacht ar an bhfear a dhéanfaidh dealbh shnoite nó leáite—rud is gráin leis an Tiarna—obair lámha ceardaí, agus a chuirfidh suas i bhfolach í.’ Agus freagraíodh an pobal go léir: ‘Amen.’

16 ‘Go raibh mallacht ar an té a thugann tarcaisne dá athair nó dá mháthair.’ Agus freagraíodh an pobal go léir: ‘Amen.’

17 ‘Go raibh mallacht ar an té a chorraíonn marc teorann a chomharsan.’ Agus freagraíodh an pobal go léir: ‘Amen.’

18 ‘Go raibh mallacht ar an té a chuireann an dall ar seachrán slí.’ Agus freagraíodh an pobal go léir: ‘Amen.’

19 ‘Go raibh mallacht ar an té a dhéanann cantáil ar chearta an deoraí, an dílleachta, agus na baintrí.’ Agus freagraíodh an pobal go léir: ‘Amen.’

20 ‘Go raibh mallacht ar an té a luíonn le bean a athar, agus a bhaineann beann bhrat a athar anuas di.’ Agus freagraíodh an pobal go léir: ‘Amen.’

21 ‘Mallacht ar an té a luíonn le haon sórt ainmhí.’ Agus freagraíodh an pobal go léir: ‘Amen.’

22 ‘Mallacht ar an té a luíonn lena dheirfiúr, iníon a athar nó iníon a mháthar.’ Agus freagraíodh an pobal go léir: ‘Amen.’

23 ‘Mallacht ar an té a luíonn le máthair a chéile.’ Agus freagraíodh an pobal go léir: ‘Amen.’

24 ‘Mallacht ar an té a bhuaileann a chomharsa faoi choim.’ Agus freagraíodh an pobal go léir: ‘Amen.’

25 ‘Mallacht ar an té a thógann breab chun neamhchiontach a bhású.’ Agus freagraíodh an pobal go léir: ‘Amen.’

26 ‘Mallacht ar an té nach ndaingníonn briathra an dlí trína gcomhlíonadh.’ Agus freagraíodh an pobal go léir: ‘Amen.’

Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
Logáil Amach
Logáil Isteach
  • Gaeilge
  • Roinn
  • Roghanna
  • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
  • Téarmaí Úsáide
  • Polasaí Príobháideachta
  • Privacy Settings
  • JW.ORG
  • Logáil Isteach
Roinn