Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • 2 Teasalónaigh 2
  • An Bíobla Naofa

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • An Bíobla Naofa
  • 1
  • 2
  • 3
  • 4
  • 5
  • 6
  • 7
  • 8
  • 9
  • 10
  • 11
  • 12
  • 13
  • 14
  • 15
  • 16
  • 17
An Bíobla Naofa
2 Teasalónaigh 2:1-17

2 Teasalónaigh

2 Maidir le téarnamh ár dTiarna Íosa Críost agus lenár mbailiú le chéile ina airicis, impímid oraibh, a bhráithre, 2 gan bheith suaite go héasca in bhur n-aigne ná scéin a ghlacadh ó spiorad nó ó scéal nó litir a cuireadh síos domsa, mar dhea go bhfuil lá an Tiarna tagtha cheana féin. 3 Ná mealladh aon duine sibh ar aon tsli, mar ní foláir don cheannairc teacht ar dtús, agus ní foláir d’fhear an oilc é féin a nochtadh—is é sin mac an léirscriosta, 4 an t-áibhirseoir a ardaíonn é féin os cionn gach neach atá in ainm bheith ina Dhia nó ina dhíol ómóis, go dtí go suíonn sé faoi i dteampall Dé agus é a mhaíomh gur Dia é féin.

5 Nach cuimhin libh mé á rá sin libh agus mé fós in bhur measc? 6 Agus tá a fhios agaibh anois cad atá á choinneáil gan a nochtadh nó go mbeidh a ionú ann. 7 Tá cumhacht dhiamhair an oilc ag obair cheana féin agus gan í ach ag fanacht go dtógfar as an tslí an té úd atá á cosc. 8 Agus ansin taispeánfaidh an mac mallachta é féin, ach déanfaidh an Tiarna Íosa é a bhascadh le hanáil a bhéil agus díothóidh é le niamhracht a theachta. 9 Faoi mar is dual do ghníomhaireacht Shátain, tiocfaidh [an mac mallachta] faoi lánchumhacht, le comharthaí agus le fearta bréige, 10 agus le teann urchóide cuirfidh sé cluain orthu siúd atá ar bhealach a n-aimhleasa, de bhrí nach nglacfaidís leis an ngrá don fhírinne a chuirfeadh ar láimh shábháilte iad. 11 Agus sin é an fáth a gcuireann Dia an mearbhall ag obair orthu sa tslí go gcreideann siad an t-éitheach. 12 Dá réir sin, gach duine acu nár ghéill don fhírinne ach gurb é an t-olc is áil leis, daorfar é.

13 Tá sé d’fhiacha orainne bheith ag gabháil buíochais le Dia gan stad mar gheall oraibh, a bhráithre, a bhfuil gnaoi an Tiarna oraibh, de bhrí gur roghnaigh Dia ó thús sibh chun go slánófaí sibh trí naomhú ón Spiorad agus trí chreidiúint san fhírinne. 14 Is é fáth ar ghlaoigh sé oraibh tríd an dea-scéal seo againne, chun go mbainfeadh sibh amach daoibh féin glóir ár dTiarna Íosa Críost. 15 Seasaigí an fód go daingean dá bhrí sin, a bhráithre, agus coinnigí an teagasc a d’fhoghlaim sibh uainne le briathar béil nó trí bhíthin litreach. 16 Agus go gcuire Íosa Críost féin ár dTiarna agus Dia ár nAthair, a thug grá dúinn agus a bhronn orainn in aisce sólás síoraí agus dóchas daingean, 17 go gcuire siad sólás croí oraibh agus go dtreisí siad libh i ngach gníomh agus briathar fónta.

Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
Logáil Amach
Logáil Isteach
  • Gaeilge
  • Roinn
  • Roghanna
  • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
  • Téarmaí Úsáide
  • Polasaí Príobháideachta
  • Privacy Settings
  • JW.ORG
  • Logáil Isteach
Roinn