Iósua
12 Siad seo ríthe na tíre a chloígh clann Iosrael agus ar ghabhadar seilbh ar a gcríocha lastall den Iordáin agus i dtreo an oirthir, ó shileán Arnón go Sliabh Hearmón, agus an tArabá ar fad lastoir: 2 Síochon rí na nAmórach a bhí ag cur faoi i Heisbeón, agus ag rialú ó Aroéir ar imeall Ghleann Arnón—agus com an ghleanna san áireamh—thar leath Ghileád chomh fada le habhainn an Iaboc, teorainn na nAmónach; 3 agus soir thar an Arabá go Muir Chinearót ar thaobh, agus go Muir an Arabá, Muir an tSalainn, i dtreo Bhéit Isimiot chomh fada le spoir shliabh Phisceá ar an taobh theas; 4 Óg rí Bháiseán, duine d’iarmhar na Rafáím, a bhí ag cur faoi in Aisteárót agus in Eidreí; 5 bhí sé i gceannas ar Shliabh Hearmón agus ar Shalacá agus ar Bháiseán go léir go teorainn na nGeasúrach agus na Mácátach, agus ar leath Ghileád go teorainn Shíochon rí Heisbeón. 6 Chloígh Maois óglach an Tiarna agus clann Iosrael iadsan; agus thug Maois óglach an Tiarna a dtailte ina seilbh do na Reúbaenaigh agus do na Gádaigh, agus do leath-threibh Mhanaise.
7 Seo iad ríthe na dúiche a chloígh Iósua agus clann Iosrael laistiar den Iordáin ó Bhál Gád i nGleann na Liobáine go Sliabh Hálác, in airde i dtreo Shaeír; agus bhronn Iósua a bhfearainn ar threibheanna Iosrael mar chuid roinne: 8 sna hardáin agus na hísleáin; san Arabá agus ar na sleasa; san fhásach agus sa Neigib, i gcríocha na Hiteach, na nAmórach, na gCanánach, na bPirizeach, agus na Iabúsach: 9 rí Ireachó, duine; rí Háí le hais Bhéitéil, duine; 10 rí Iarúsailéim, duine; rí Heabrón, duine; 11 rí Iarmút, duine; rí Láicís, duine; 12 rí Eaglón, duine; rí Gheizir, duine; 13 rí Dheibír, duine; rí Gheidir, duine; 14 rí Hormá, duine; rí Arád, duine; 15 rí Libneá, duine; rí Adulám, duine; 16 rí Mhacaedá, duine; rí Bhéitéil, duine; 17 rí Thapúach, duine; rí Héifir, duine; 18 rí Afaec, duine; rí Laiseárón, duine; 19 rí Mhádón, duine; rí Házór, duine; 20 rí Shimearón, duine; rí Aicseáf, duine; 21 rí Thánac, duine; rí Mhigideo, duine; 22 rí Cheidis, duine; rí Iocnán i gCairmeil, duine; 23 rí Dhór ar shleasa sléibhte Dhór, duine; rí Ghóím sa Ghailíl, duine; 24 rí Thirzeá, duine. Líon iomlán na ríthe sin: triúr déag ar fhichid.