1 Peadar
1 PEADAR
1 Peadar, aspal le hÍosa Críost, chuig deoraithe na díbeartha i bPontas, sa Ghalait, sa Chapadóise, san Áise, agus i mBitinia, an mhuintir atá tofa 2 de réir oirchill Dé an tAthair, i gcoisreacan tríd an Spiorad, le humhlú d’Íosa Críost agus lena fhuil a chroitheadh orthu. Go raibh grásta agus síocháin agaibh go raidhsiúil.
3 Moladh le Dia agus Athair ár dTiarna Íosa Críost! D’athghin sé sinn as ucht a mhórthrócaire, trí aiséirí Íosa Críost ó mhairbh, chun bheomhuiníne 4 agus chun oidhreachta atá marthanach dothruaillithe, gan síothlú, oidhreacht atá in áirithe daoibh sna flaithis. 5 Tá sibh anois do bhur gcumhdach tríd an gcreideamh ag Dia na bhfeart, le haghaidh an tslánaithe atá réidh lena fhoilsiú ag deireadh ré. 6 Is údar lúcháire agaibhse é seo, fiú más dobrónach féin sibh ar feadh tamaill bhig de bharr trialacha den uile chineál, 7 d’fhonn go bhfaighfí fíormhianach bhur gcreidimh, atá níos luachmhaire ná ór—rud atá somhillte cé go dtástáiltear sa tine é—ag dul chun molta agus onóra agus glóire tráth a fhoilseofar Íosa Críost. 8 Ní fhaca sibh é, ach tugann sibh grá dó; ní fheiceann sibh anois féin é, ach creideann sibh ann, agus is lúcháireach sibh le háthas glórmhar dolabhartha, 9 agus slánú bhur n-anam á ghnóthú agaibh mar thoradh ar bhur gcreideamh.
10 Na fáithe a thairngir faoin ngrásta a bhí i ndán daoibhse, is faoin slánú seo a rinne siad cuardach agus grinncheistiú. 11 Scrúdaigh siad cén duine nó cén uain a bhí á thaispeáint ag Spiorad Íosa a bhí iontu agus é ag réamhfhógairt pháis Chríost agus na glóire a leanfadh í. 12 Foilsíodh dóibh nach dóibh féin a bhí siad ag fónamh ach daoibhse i gcás na nithe atá fógraithe daoibhse anois acu siúd a chraol an dea-scéal daoibh le cabhair an Spioraid Naoimh a seoladh ó neamh, nithe a mbíonn na haingil féin ag tnúth le sracfhéachaint a fháil orthu.
13 Dá bhrí sin cuirigí bhur n-aigne i gcóir chun oibre, bígí stuama, agus bíodh bhur muinín go hiomlán as an ngrásta a dháilfear oraibh nuair a fhoilseofar Íosa Críost. 14 Dála leanaí géilliúla, ná téigí i gcosúlacht ainmhianta an aineolais ina raibh sibh cheana, 15 ach amhail is naofa eisean a ghlaoigh oraibh, bígí-se naofa in bhur n-iompar go léir, 16 mar tá scríofa: “Bígí naofa mar go bhfuilimse naofa.” 17 Má thugann sibh Athair ar an té sin a thugann breith gan leathchuma ar gach duine de réir a bhirt, ní foláir daoibh sibh féin a iompar go heaglach le linn bhur ndeoraíochta. 18 Óir is feasach sibh nach le nithe sothruaillithe mar ór nó airgead a fuasclaíodh sibh ó bhur n-iompar baoth a fuair sibh mar oidhreacht ó bhur n-aithreacha, 19 ach le fuil luachmhar Chríost, amhail fuil uain gan mháchail gan cháim. 20 Bhí aithne air cheana féin roimh chruthú an domhain, ach foilsíodh é i ndeireadh ré ar bhur sonsa 21 a chreideann trídsean i nDia, a thóg ó mhairbh é, agus a thug glóir dó, le go mbeadh creideamh agus dóchas agaibhse i nDia. 22 Rinne sibh bhur n-anam a íonghlanadh trí umhlú don fhírinne le haghaidh grá gan cur i gcéill do na bráithre; tugaigí grá díograiseach dá chéile, más ea, ó chroí glan. 23 Ní ó aon síol sothruaillithe a gineadh as an nua sibh, ach ó shíol dothruaillithe trí bhriathar Dé bheo shíoraí.
24 “Mar tá an uile fheoil mar an bhféar,
agus níl ina glóir go léir ach mar bhláth an fhéir;
25 Ach maireann briathar an Tiarna go deo.”
Agus is é an briathar sin an dea-scéal a fógraíodh daoibh.