Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • Breithiúna 13
  • An Bíobla Naofa

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • An Bíobla Naofa
  • 1
  • 2
  • 3
  • 4
  • 5
  • 6
  • 7
  • 8
  • 9
  • 10
  • 11
  • 12
  • 13
  • 14
  • 15
  • 16
  • 17
  • 18
  • 19
  • 20
  • 21
  • 22
  • 23
  • 24
  • 25
An Bíobla Naofa
Breithiúna 13:1-25

Breithiúna

13 Chrom clann Iosrael ar an olc a dhéanamh arís i bhfianaise an Tiarna, agus thug an Tiarna ar láimh iad do na Filistínigh ar feadh daichead bliain.

2 Bhí fear ó Zorá de threibh Dhán darbh ainm Mánóach, agus bhí a bhean aimrid, gan aon chlann uirthi. 3 Thaispeáin aingeal an Tiarna é féin don bhean seo agus dúirt sé léi: “Féach, tá tú aimrid, gan chlann (ach gabhfaidh tú gin agus béarfaidh tú mac). 4 Bí ar d’aire le barr cúraim dá bhrí sin as seo amach, agus ná hól aon fhíon ná aon deoch chrua, agus ná hith aon ní neamhghlan, 5 mar féach, gabhfaidh tú gin agus béarfaidh tú mac. Ná luíodh rásúr ar a cheann mar beidh an mac ina naizíreach do Dhia ó bhroinn a mháthar; eisean a chuirfidh tús le fuascailt Iosrael ó láimh na bhFilistíneach.” 6 D’imigh an bhean ansin agus dúirt lena céile: “Tháinig giolla ó Dhia chugam agus bhí a ghnúis mar ghnúis aingeal Dé le maorgacht. Níor chuir mé ceist air cárbh as dó, ná níor inis seisean dom cad ab ainm dó. 7 Ach dúirt sé liom: ‘Gabhfaidh tú gin, féach, agus béarfaidh tú mac; ná hól aon fhíon ná aon deoch chrua, dá bhrí sin, agus ná hith aon ní neamhghlan, mar beidh an mac ina naizíreach do Dhia ó lá a shaolaithe go lá a bháis.’”

8 Ansin rinne Mánóach achainí chun an Tiarna agus dúirt: “A Thiarna, tagadh, impím ort, an giolla Dé a chuir tú cheana, chugainn arís; agus múineadh sé dúinn céard atá le déanamh againn leis an mac nuair a shaolófar é.” 9 D’éist an Tiarna le glór Mhánóach agus tháinig aingeal Dé arís chun na mná agus í ina suí sa ghort, gan Mánóach a céile ina teannta. 10 Rith sí le teann deabhaidh agus dúirt lena fear: “Féach, an fear a tháinig chugam an lá eile, thaibhsigh sé arís dom.” 11 D’éirigh Mánóach agus lean a bhean agus tháinig chun an fhir agus dúirt leis: “An tú an té a labhair leis an mbean seo?” “Is mé,” ar sé. 12 Ansin dúirt Mánóach: “Anois, nuair a chomhlíonfar do bhriathra, cén sort riail bheatha a bheidh ag an ógánach agus conas a dhéanfaidh sé é féin a iompar?” 13 Agus dúirt aingeal an Tiarna le Mánóach: “Na nithe a choisc mé ar an mbean seo, seachnaíodh [seisean] chomh maith. 14 Ná blaiseadh [sé] aon ní de thoradh na fíniúna, agus ná hóladh sé aon fhíon ná aon deoch chrua, agus ná hitheadh sé aon ní neamhghlan; déanadh sé de réir na n-orduithe go léir a thug mé don bhean seo.”

15 Dúirt Mánóach le haingeal an Tiarna: “Fan farainn, le do thoil, nó go n-ullmhóimid meannán duit,” 16 mar nach raibh a fhios ag Mánóach gurbh é aingeal an Tiarna é. Dúirt aingeal an Tiarna le Mánóach: “Fiú amháin má fhanaim faraibh, ní íosfaidh mé bhur mbia; ach más mian libh íobairt uileloiscthe a dhéanamh, ofráil í don Tiarna.” 17 Ansin dúirt Mánóach le haingeal an Tiarna: “Cad is ainm duit, i dtreo go dtabharfaimís ómós duit nuair a chomhlíonfar do bhriathra?” 18 D’fhreagair aingeal an Tiarna é: “Cad a ba áil leat ag fiafraí m’ainm díom, mar is iontach é.” 19 Ansin thóg Mánóach an meannán leis an abhlann agus d’ofráil é mar uileloscadh ar an gcarraig don Tiarna, an té a dhéanann iontais a chur i gcrích. 20 Nuair a bhí an bhladhm ag dul in airde chun na bhflaitheas ón altóir, ghabh aingeal an Tiarna suas i lasracha na haltóra os comhair súl Mhánóach agus a mhná, agus thiteadar ar a mbéal agus ar a bhfiacla ar an talamh. 21 Níor thaispeáin aingeal an Tiarna é féin a thuilleadh do Mhánóach agus dá bhean; thuig Mánóach as sin gurbh é aingeal an Tiarna a bhí ann. 22 Ansin dúirt Mánóach lena bhean: “Gheobhaimid bás, gheobhaimid, mar chonaiceamar Dia.” 23 Ach dúirt a bhean leis: ‘Dá mba mhian leis an Tiarna sinn a chur chun báis, ní ghlacfadh sé íobairt uileloiscthe ná abhlann ónár lámha, ní thaispeánfadh sé na nithe seo go léir dúinn, ná ní inseodh sé a leithéidí seo dúinn.” 24 Rug an bhean mac agus thug sí Samsón air. D’fhás an leanbh, agus chuir an Tiarna a bheannacht air, 25 agus thosaigh spiorad an Tiarna ar é a spreagadh i Longfort Dhán idir Zorá agus Eisteáól.

Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
Logáil Amach
Logáil Isteach
  • Gaeilge
  • Roinn
  • Roghanna
  • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
  • Téarmaí Úsáide
  • Polasaí Príobháideachta
  • Privacy Settings
  • JW.ORG
  • Logáil Isteach
Roinn