Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • Breithiúna 17
  • An Bíobla Naofa

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • An Bíobla Naofa
  • 1
  • 2
  • 3
  • 4
  • 5
  • 6
  • 7
  • 8
  • 9
  • 10
  • 11
  • 12
  • 13
An Bíobla Naofa
Breithiúna 17:1-13

Breithiúna

17 In ardáin Eafráim bhí fear darbh ainm Míceáhú. 2 Dúirt sé lena mháthair: “An t-aon chéad déag seicil a tógadh uait agus a ndearna tú mallacht fúthu agus ar lean tú ort ina dtaobh—rud a chuala mé le mo chluasa cinn féin— 3 fógraím go sollúnta go ndéanfaidh mé an t-airgead seo a choisreacan de mo dheoin don Tiarna chun íomhá ghreanta (agus íol de mhiotal leáite) a dhéanamh—tá an t-airgead geal sin agamsa; mise an té a thóg é; tugaim ar ais anois duit é.” D’fhreagair a mha.thair: “Go mbeannaí an Tiarna mo mhac!” agus thug Mi.ceáhú an t-aon chéad déag seicil ar ais di.

4 Ansin thóg a mháthair an t-aon chéad déag seicil airgid agus thug sí don ghabha geal é, agus rinne seisean íomhá ghreanta (íol de mhiotal leáite) de, agus cuireadh i dteach Mhíceáhú í. 5 Rinne Míceá scrín di, agus éafód agus taráfaím, agus cheap sé mac leis le bheith mar shagart aige. 6 Sna laethanta sin ní raibh aon rí in Iosrael agus rinne gach duine mar ba rogha leis.

7 Bhí ógánach as Beithil in Iúdá, de theaghlach Iúdá; Léivíteach a ba ea é, agus bhí sé ag cur faoi ansiúd mar dhuine deoranta. 8 D’fhág an fear seo Beithil in Iúdá ag lorg áit chónaithe. Ar a shiúlta tháinig sé go hardáin Eafráim agus go teach Mhíceá. 9 D’fhiafraigh Míceá de: “Cá has a dtagann tú?” D’fhreagair seisean: “Léivíteach mé as Beithil in Iúdá. Táim ag imeacht romham agus ag lorg áit ina bhféadfainn cur fúm.” 10 Dúirt Míceá leis: “Fan anseo liomsa; bí i d’athair agus i do shagart agam, agus tabharfaidh mé deich seicil sa bhliain duit, agus bia agus éadach,” agus thathain sé go dian ar an Léivíteach. 11 D’aontaigh an Léivíteach fanacht i dteach an fhir, agus bhí an t-ógánach aige mar mhac leis féin. 12 Chuir Míceá an Léivíteach i mbun a chúraim; rinneadh sagart do Mhíceá den fhear óg agus d’fhan sé ina theach. 13 Dúirt Míceá: “Tá a fhios agam go mbeidh rath ón Tiarna orm anois mar go bhfuil an Léivíteach seo mar shagart agam.”

Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
Logáil Amach
Logáil Isteach
  • Gaeilge
  • Roinn
  • Roghanna
  • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
  • Téarmaí Úsáide
  • Polasaí Príobháideachta
  • Privacy Settings
  • JW.ORG
  • Logáil Isteach
Roinn