Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • 1 Samúéil 11
  • An Bíobla Naofa

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • An Bíobla Naofa
  • 1
  • 2
  • 3
  • 4
  • 5
  • 6
  • 7
  • 8
  • 9
  • 10
  • 11
  • 12
  • 13
  • 14
  • 15
An Bíobla Naofa
1 Samúéil 11:1-15

1 Samúéil

11 [Timpeall mí ina dhiaidh sin], ghabh Nácháis an tAmónach suas agus chuir léigear ar Iáibéis Gileád. Dúirt muintir Iáibéis go léir le Nácháis: “Déan conradh linn agus beimid faoi do réir.” 2 Ach is é a dúirt Nácháis an tAmónach leo: “Déanfaidh mé conradh libh ar an gcoinníoll seo amháin .i. go mbainfidh mé an tsúil dheas as gach duine agaibh; tabharfaidh mé an tarcaisne sin d’Iosrael go léir.” 3 Dúirt seanóirí Iáibéis leis: “Tabhair cairde seacht lá dúinn i dtreo go gcuirfimid teachtairí ar fud críocha Iosrael, agus mura dtagann aon duine i gcabhair orainn, rachaimid anonn chugaibh.” 4 Nuair a tháinig na teachtairí go Gibeá le Sól agus a d’insíodar an scéala don phobal, chromadarsan ar ghol agus olagón.

5 Bhí Sól ag filleadh ón ngort i ndiaidh a dhamh. Dúirt Sól: “Cad tá orthu? Cén fáth a bhfuil an pobal ag lógóireacht?” D’insíodar dó a raibh ráite ag na fir ó Iáibéis. 6 Luigh an Spiorad Naomh go tréan ar Shól ar chlos na bhfocal sin agus tháinig fraoch feirge air. 7 Rug sé ar sheisreach damh, ghearr ina spólaí iad, agus sheol sé ó cheann ceann Iosrael iad trí lámha teachtairí, á rá: “An té nach máirséalfaidh le Sól agus le Samúéil, sin í an íde a thabharfar ar a dhaimh!” Tháinig sceimhle roimh an Tiarna ar an bpobal ansin agus mháirseáladar go léir amach d’aonbhuíon. 8 Rinne sé iad a iniúchadh ag Beizic; bhí trí chéad míle de chlann Iosrael ann agus tríocha míle fear ó Iúdá. 9 Dúirt siad ansin leis na teachtairí a bhí tagtha: “Abraigí le muintir Iáibéis Gileád: ‘Tiocfar i gcabhair oraibh amárach faoin am a mbeidh teas sa ghrian.’” D’imigh na teachtairí agus thugadar an scéala sin go muintir Iáibéis agus chuir sin lúcháir orthu. 10 Dúirt muintir Iáibéis [le Nácháis]: “Rachaimid anonn chugaibh amárach, agus ní miste daoibh bhur rogha rud a dhéanamh linn.” 11 Lá arna mhárach roinn Sól an slua ina thrí dhíorma; ropadar isteach sa champa le faire na maidine agus bhíodar ag déanamh áir ar na hAmónaigh go corp an lae. Cuireadh a leithéid sin de scaipeadh ar fhuíoll an áir nár fagadh beirt díobh le chéile.

12 Dúirt na daoine le Samúéil ansin: “Cé a dúirt ‘An mbeidh Sól ina rí orainn?’ Tugtar anseo chugainn iad le cur chun báis.” 13 Ach d’fhreagair Sól: “Ní chuirfear aon duine chun báis inniu, óir rinne an Tiarna fuascailt ar Iosrael inniu.” 14 Dúirt Samúéil ansin leis an bpobal: “Téanaigí go Gilgeál agus déanaimis an ríocht a dhearbhú arís ann.” 15 Chuaigh an pobal go léir go Gilgeál dá bhrí sin agus d’fhógraíodar Sól ina rí ansiúd i láthair an Tiarna i nGilgeál. D’ofráladar íobairtí comaoineach ansiúd i láthair an Tiarna agus lúcháir thar na bearta ar chlann Iosrael go léir.

Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
Logáil Amach
Logáil Isteach
  • Gaeilge
  • Roinn
  • Roghanna
  • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
  • Téarmaí Úsáide
  • Polasaí Príobháideachta
  • Privacy Settings
  • JW.ORG
  • Logáil Isteach
Roinn