Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • 1 Samúéil 29
  • An Bíobla Naofa

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • An Bíobla Naofa
  • 1
  • 2
  • 3
  • 4
  • 5
  • 6
  • 7
  • 8
  • 9
  • 10
  • 11
An Bíobla Naofa
1 Samúéil 29:1-11

1 Samúéil

29 Thionóil na Filistínigh a sluaite go léir in Afaec, agus bhí a gcampa suite ag Iosrael ag an tobar atá in Izréil. 2 Bhí taoisigh na bhFilistíneach ag gabháil thar bráid ina gcipí céad agus míle, agus Dáiví agus a chuid fear ag teacht ina ndiaidh in éineacht le hÁicís. 3 D’fhiafraigh taoisigh na bhFilistíneach: “Cad a thug na hEabhraigh seo anseo?” D’fhreagair Áicís taoisigh na bhFilistíneach: “Nach é seo Dáiví, searbhónta Shóil, rí Iosrael, atá le [bliain nó dhó] anois i mo choimhdeacht. Ní bhfuair mé locht air ón lá a ghabh sé liom go dtí inniu féin.” 4 Ach bhí fearg ar thaoisigh na bhFilistíneach leis. “Cuir ar ais é,” arsa taoisigh na bhFilistíneach leis, “agus filleadh sé ar an áit a thug tú ina sheilbh dó. Ná téadh sé síos chun catha in éineacht linn ar eagla go n-iompódh sé orainn nuair a bheadh an cath á chur. Arbh fhearr slí aige siúd chun caradas a dhéanamh arís lena mháistir ná le cinn na bhfear seo anseo? 5 Nach é seo an Dáiví a gcanaidís ina thaobh ag rince dóibh:

‘Mharaigh Sól a mhílte,

Agus Dáiví a dheicheanna de mhílte’?”

6 Chuir Áicís fios ar Dháiví agus dúirt sé leis: “Dar an Tiarna beo, bhí tú dílis, agus, dar liomsa, níl ann ach an ceart thú a dhul in éineacht liom ar an slógadh, mar nach bhfuair mé aon locht ort ón lá a ghabh tú liom go dtí inniu féin. Ach níl na taoisigh sásta leat. 7 Fill ar ais anois, agus déan amhlaidh go síochánta, agus ná cuir olc ar thaoisigh na bhFilistíneach.” 8 “Cad tá déanta agam?” arsa Dáiví le hÁicís, “cén locht a fuair tú orm ón lá a chuaigh mé isteach i do sheirbhís go dtí anois féin a rá is go bhfuiltear a chosc orm troid in aghaidh naimhde mo thiarna, an rí?” 9 D’fhreagair Áicís agus dúirt le Dáiví: “Tá a fhios agam, ar ndóigh, go bhfuil tú chomh glan ó mhilleán le haingeal ó Dhia i mo shúilese; ach dúirt taoisigh na bhFilistíneach: ‘Ná téadh sé amach linn chun catha.’ 10 Bí i do shuí dá bhrí sin go moch ar maidin, thú féin agus searbhóntaí do thiarna a tháinig in éineacht leat. Bígí in bhur suí go moch ar maidin agus nuair a bheidh sé geal go leor, buailigí bóthar.” 11 Chuir Dáiví chun bóthair dá bhrí sin go luath ar maidin, é féin agus a chuid fear, ar a slí ar ais go tír na bhFilistíneach. Ach chuaigh na Filistínigh suas go hIzréil.

Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
Logáil Amach
Logáil Isteach
  • Gaeilge
  • Roinn
  • Roghanna
  • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
  • Téarmaí Úsáide
  • Polasaí Príobháideachta
  • Privacy Settings
  • JW.ORG
  • Logáil Isteach
Roinn