Eoin
9 Agus ag gabháil na slí dó, chonaic sé duine a bhí dall ón mbroinn. 2 D’fhiafraigh a dheisceabail de: “A raibí,” ar siad, “cé acu a rinne an peaca, é seo nó a thuismitheoirí á rá is gur rugadh ina dhall é?” 3 D’fhreagair Íosa: “Ní amhlaidh a pheacaigh sé seo ná a thuismitheoírí; tharla seo chun go dtaispeánfaí oibreacha Dé ann.
4 Fad tá an lá ann, ní mór dúinn
oibreacha an té a chuir uaidh mé a dhéanamh;
tá an oíche ag teacht nuair nach féidir d’aon duine
obair a dhéanamh.
5 An fad atáim ar an saol
is mé solas an tsaoil.”
6 Arna rá sin dó, chaith sé seile ar an talamh agus rinne sé láib den tseile agus chuir sé an láib ar shúile an daill 7 agus dúirt sé leis: “Imigh agus nigh i Linn Siolóam”—is é sin le rá, Seolta. D’imigh sé, nigh é féin agus d’fhill agus a radharc aige. 8 Dúirt a chomharsana ansin, agus an dream a chonaic é roimhe sin, ag iarraidh déirce: “Nach é seo an té a bhíodh ina shuí ag lorg déirce?” Dúirt daoine: “Is é.” 9 Dúirt daoine eile: “Ní hé, ach is cosúil leis é.” Dúirt sé féin: “Is mé é.” 10 Dúirt siad leis ansin: “Conas a osclaíodh do shúile mar sin?” 11 D’fhreagair sé: “An fear sin ar a dtugtar Íosa, rinne sé láib agus smear sé ar mo shúile í, agus dúirt liom: ‘Imigh go Linn Siolóam agus nigh.’ D’imigh mé dá réir sin, nigh mé, agus tháinig mo radharc dom.” 12 D’fhiafraigh siad: “Cá bhfuil sé?” “Níl a fhios agam,” ar sé.
13 Thug siad chun na bhFairisíneach an té seo a bhí dall tráth. 14 Ba é an tsabóid é an lá a rinne Íosa an láib agus a d’oscail sé súile an duine. 15 D’fhiafraigh na Fairisínigh de arís mar sin conas a fuair sé a radharc. Dúirt sé leo: “Chuir sé láib ar mo shúile, nigh mé agus tá mo radharc agam.” 16 Dúirt cuid de na Fairisínigh ansin: “Ní ó Dhia an duine seo mar ní choinníonn sé an tsabóid.” Dúirt cuid eile: “Conas is féidir duine peacúil a dhéanamh míorúiltí mar iad seo?” Agus bhí aighneas eatarthu. 17 Dúirt siad arís leis an dall dá bhrí sin: “Cad deir tusa mar gheall air ó d’oscail sé do shúile?” D’fhreagair sé: “Fáidh is ea é.” 18 Ansin ní chreidfeadh na Giúdaigh go raibh sé dall agus go bhfuair sé a radharc nó gur ghlaoigh siad ar athair agus ar mháthair an té a fuair a radharc 19 agus gur cheistigh siad iad: “An é seo bhur mac a deir sibh a rugadh ina dhall?” ar siad. “Conas go bhfuil radharc anois aige, mar sin?” 20 D’fhreagair a thuismitheoirí: “Is eol dúinn,” ar siad, “gurb é ár mac é, agus gur dall a rugadh é. 21 Ach conas go bhfuil radharc anois aige, ní eol dúinne, ná cé a d’oscail a shúile ní eol dúinne. Cuirigí ceist air féin; tá sé in aois fir; labhróidh sé ar a shon féin.” 22 Labhair a thuismitheoirí mar sin mar bhí eagla na nGiúdach orthu. Óir bhí sé socair cheana ag na Giúdaigh aon duine a d’admhódh gurbh é an Críost é a dhíbirt as an tsionagóg. 23 Mar gheall air sin is ea a dúirt a thuismitheoirí: “Tá sé in aois fir; cuirigí ceist air féin.”
24 Ansin ghlaoigh siad arís ar an duine a rugadh ina dhall, agus dúirt siad leis: “Tabhair glóir do Dhia! Tá a fhios againne gur peacach an duine sin.” 25 D’fhreagair seisean iad ansin: “Más peacach é—níl a fhios agam; tá a fhios agam aon ní amháin, go raibh mé i mo dhall ach anois go bhfuil radharc agam.” 26 Dúirt siad leis ansin arís: “Cad a rinne sé leat? Conas a d’oscail sé do shúile?” 27 D’fhreagair sé iad: “D’inis mé cheana daoibh é, agus ní éistfeadh sibh; cad ab áil libh á chloisteáil arís? An amhlaidh gur mian libhse a bheith in bhur ndeisceabail aige chomh maith?” 28 Chaith siad asacháin leis ansin agus dúirt: “Bí-se i do dheisceabal aige siúd, ach is deisceabail do Mhaois sinne. 29 Tá a fhios againn gur labhair Dia le Maois; ach an fear seo, ní fios dúinn cad as ar tháinig sé.” 30 D’fhreagair an fear: “Is iontach an rud é go deimhin,” ar sé leo, “nach bhfuil a fhios agaibh cad as dó, agus gur oscail sé mo shúile domsa. 31 Tá a fhios againn nach n-éisteann Dia le peacaigh, ach cibé ar a bhfuil eagla Dé agus a dhéanann a thoil, éisteann sé leis sin. 32 Níor chualathas riamh ó thús an domhain gur oscail aon duine súile duine a rugadh ina dhall. 33 Mura mbeadh gur ó Dhia an duine seo, níorbh fhéidir leis aon ní a dhéanamh.” 34 D’fhreagair siad agus dúirt leis: “I bpeacaí a rugadh thusa ar fad, agus an dár dteagasc-na atá tú?” Agus chaith siad amach é.
35 Chuala Íosa gur chaith siad amach é, agus nuair a fuair sé é dúirt sé leis: “An gcreideann tú i Mac an Duine?” 36 D’fhreagair seisean: “Cé hé féin, a thiarna?”—ar sé leis—“chun go gcreidfinn ann.” 37 Dúirt Íosa leis: “Tá sé feicthe agat, agus an té atá ag caint leat is é é.” 38 Dúirt seisean: “Creidim, a Thiarna,” agus rinne sé ómós dó. 39 Dúirt Íosa:
“Is chun breithiúnais a tháinig mé ar an saol seo,
i dtreo go bhfeicfeadh an dream nach bhfeiceann,
agus go ndallfaí an dream a fheiceann.”
40 Chuala cuid de na Fairisínigh a bhí ina fhochair na focail sin agus dúirt siad leis: “Ní amhlaidh, ar ndóigh, atáimidne dall chomh maith?” 41 Dúirt Íosa leo:
“Dá mbeadh sibh dall,
ní bheadh peaca oraibh,
ach anois deir sibh: ‘Tá radharc againn,’
agus leanann bhur bpeaca oraibh.”