Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • Seanfhocail 24
  • An Bíobla Naofa

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • An Bíobla Naofa
  • 1
  • 2
  • 3
  • 4
  • 5
  • 6
  • 7
  • 8
  • 9
  • 10
  • 11
  • 12
  • 13
  • 14
  • 15
  • 16
  • 17
  • 18
  • 19
  • 20
  • 21
  • 22
  • 23
  • 24
  • 25
  • 26
  • 27
  • 28
  • 29
  • 30
  • 31
  • 32
  • 33
  • 34
An Bíobla Naofa
Seanfhocail 24:1-34

Seanfhocail

24 Ná bí in éad le hurchóidigh,

ná ag tnúth lena gcuideachta.

2 Foréigean atá á bheartú ina gcroí acu,

agus mailís atá ina mbéal acu.

3 Le heagna a thógtar teach

agus le tuiscint a bhunaítear é.

4 Le barr eolais a líontar stórais,

le maoin de gach sórt idir luachmhar agus tharraingteach.

5 Is fearr an críonna ná an tréan,

fear na gaoise ná fear [an ghaisce].

6 Dea-threoir a bhuann cath,

agus is le meitheal chomhairleoirí an chaithréim.

7 Tá an eagna ró-ard don amadán

agus ní bhíonn smid as ag geata na cathrach.

8 An té atá ag beartú an oilc,

tabharfar fear clampair air.

9 Níl ach an peaca á thaibhreamh do na hamadáin;

is gráin le daoine an scigire.

10 Má chailleann tú do mhisneach,

ní bheidh ach laige i do neart i lá na hanachana.

11 Fuascail an mhuintir atá á seoladh chun báis;

tarrthaigh an mhuintir atá á mbreith chun a mbásaithe.

12 Má deir tú: “Ach féach, ní raibh a fhios againn,”

an amhlaidh atá an té a mheánn an croí gan tuiscint,

agus an té a bhreithníonn an t-anam gan eolas?

déanfaidh sé an t-aisíoc is dual do bhearta duine.

13 Ith mil, a mhic, mar is maith í;

is milis le blaiseadh an mhil a shileann ón gcriathar.

14 Sé an dála céanna é ag eagna do d’anam, bíodh a fhios agat;

má fhaigheann tú í, tiocfaidh an lá amárach

agus ní rachaidh do dhóchas amú.

15 Ná cuir luíochán, a urchóidigh, ar áitreabh an fhíréin,

agus ná déan a theach a chreachadh.

16 Óir titeann an fíréan faoi seacht, ach éiríonn arís;

ach déanann an tubaiste na hurchóidigh a threascairt.

17 Má thiteann do namhaid, ná cuireadh sin lúcháir ort;

nuair a bhaintear tuisle as, ná tagadh éirí croí ort,

18 Le heagla go bhfeicfeadh an Tiarna agus nach mbeadh sé sásta,

agus go n-iompódh sé a fhearg uaidh.

19 Ná cuireadh lucht an oilc caduaic ort,

agus ná bí in éad le drochdhaoine.

20 Óir níl aon ní i ndán don drochdhuine

agus múchfar lóchrann an urchóidigh.

21 Bíodh eagla ort féin roimh an Tiarna, a mhic ó, agus roimh an rí,

agus ná déan ceannairc in aghaidh ceachtar díobh.

22 Óir is tobann mar a bhladhmfaidh a ndíoltas,

agus cé dó is eol an scrios a sheolfaidh siad araon?

23 Ráitis leis na saoithe iad seo inár ndiaidh chomh maith:

Ní cóir é an leathchuma i mbreithiúnas.

24 An té a deir: “Tá tú neamhchiontach,” leis an gciontach,

ní bheidh ach mallacht i ndán dó ó na ciníocha agus fuath ó na náisiúin.

25 Ach an mhuintir a cheartaíonn na hurchóidigh, beidh ábhar áthais acu,

agus beidh beannacht orthu.

26 An té a thugann freagra ionraic,

pógann sé do bheola, geall leis.

27 Leag amach a bhfuil romhat ar an mbán,

agus déan do phrapáil ar an machaire;

imigh leat ansin agus tóg do theach.

28 Ná tabhair fianaise in aghaidh do chomharsan gan ábhar,

agus ná meall daoine le briathra do bhéil.

29 Ná habair: “Tabharfaidh mé an cor céanna airsean agus a thug seisean ormsa;

déanfaidh mé an cúiteamh is dual dóibh le cách.”

30 Ghabh mé thar ghort an leisceora,

agus thar fhíonghort an duine gan chiall.

31 Féach, bhí brat de dheilgneach air,

é clúdaithe le neantóga

agus a bhalla cloch leagtha ar lár.

32 Rinne mé mo mhachnamh agus mé ag breathnú air

agus d’fhoghlaim mé an ceacht seo ón radharc:

33 “Néal beag codalta, múisiam beag,

agus na lámha a fhilleadh ar a chéile le scíth a ligean,

34 Ansin beidh an bhochtaine le d’ais mar bhithiúnach

agus an ghannchúis mar robálaí.”

Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
Logáil Amach
Logáil Isteach
  • Gaeilge
  • Roinn
  • Roghanna
  • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
  • Téarmaí Úsáide
  • Polasaí Príobháideachta
  • Privacy Settings
  • JW.ORG
  • Logáil Isteach
Roinn