Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • Eabhraigh 10
  • An Bíobla Naofa

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • An Bíobla Naofa
  • 1
  • 2
  • 3
  • 4
  • 5
  • 6
  • 7
  • 8
  • 9
  • 10
  • 11
  • 12
  • 13
  • 14
  • 15
  • 16
  • 17
  • 18
  • 19
  • 20
  • 21
  • 22
  • 23
  • 24
  • 25
  • 26
  • 27
  • 28
  • 29
  • 30
  • 31
  • 32
  • 33
  • 34
  • 35
  • 36
  • 37
  • 38
  • 39
An Bíobla Naofa
Eabhraigh 10:1-39

Eabhraigh

10 Scáil éideimhin de na maitheasaí atá le teacht is ea an dlí; ní íomhá fhírinneach í, áfach, de na nithe neamhaí. Mar sin de, bíodh go n-ofráltar na híobairtí céanna bliain i ndiaidh bliana, ní féidir leis an dlí an lucht ofrála a shlánú go hiomlán ar aon chor. 2 Dá mb’fhéidir leis, nach n-éireofaí ar fad as na híobairtí seo a ofráil? Óir, dá mba gur glanadh an lucht adhartha óna gcuid peacaí go léir an t-aon uair amháin ní bheadh buaireamh coinsiasa orthu feasta mar gheall orthu. 3 Ina ionad sin, áfach, tugtar a gcuid peacaí chun cuimhne dóibh bliain i ndiaidh bliana leis na híobairtí.

4 Leis an bhfírinne a rá, ní féidir le fuil tharbh agus ghabhar peacaí a chur ar ceal. 5 Sin é an fáth a ndeir Críost agus é ag teacht isteach sa saol seo:

“Níorbh áil leat íobairt ná tabhartas;

ach d’ullmhaigh tú corp dom.

6 Ní raibh dúil agat in íobairtí uileloiscthe ná sna

ofrálacha a dhéantaí ar son peacaí.

7 Dúirt mé ansin: ‘Féach, táim ag teacht, a Dhia

chun do thoil a dhéanamh,’

faoi mar atá sé scríofa fúm sa Leabhar.”

8 Sa chéad áit dúirt sé: “Níorbh áil leat íobairtí ná tabhartais ná íobairtí uileloiscthe ná ofrálacha a dhéantaí ar son peacaí ná ní raibh aon dúil agat iontu,” bíodh go n-ofráltar iad de réir an dlí. 9 Ansin dúirt sé: “Féach, táim ag teacht chun do thoil a dhéanamh.” Sa tslí seo chuir Dia na chéad íobairtí ar ceal d’fhonn an dara ceann a bhunú. 10 Agus toisc gurbh é sin ba thoil leis, naomhaíodh sinn tríd an ofráil a rinne Íosa Críost dá chorp féin an t-aon uair amháin ar fad.

11 Téann gach sagart i mbun a chúraimí liotúirgeacha lá i ndiaidh lae. Ofrálann siad na híobairtí céanna go minic ach ní féidir leo sin peacaí a chur ar ceal. 12 Níor ofráil Críost ach an t-aon íobairt shíoraí amháin ar son peacaí. Ansin chuaigh sé ina shuí ar dheis Dé 13 mar a bhfuil sé ag feitheamh feasta nó go gcuirfear a naimhde mar stóilín faoina chosa. 14 Mar sin de, le haon íobairt amháin tá slánú iomlán síoraí faighte aige do na daoine a naomhaítear.

15 Tugann an Spiorad Naomh fianaise dúinn air seo freisin. Óir tar éis dó a rá: 16 “Seo é an conradh a dhéanfaidh mé leo tar éis na laethanta sin, a deir an Tiarna: Cuirfidh mé mo dhlíthe isteach ina gcroí agus scríobhfaidh mé ar a n-aigne iad,” 17 deir sé: “Ní chuimhneoidh mé ar a bpeacaí ná ar a gcionta feasta.” 18 Dá bhrí sin, nuair a bhíonn peacaí maite, ní gá ofráil a dhéanamh ar a son níos mó.

19 Dá bhrí sin, a bhráithre, tá sé de cheart againn anois dul isteach san Áit Rónaofa de bhrí gur doirteadh fuil Íosa amach ar ár son. 20 Is amhlaidh a d’oscail sé bealach nua chun na beatha dúinn tríd an gcuirtín, is é sin le rá, trína chuid feola féin. 21 Tá ardsagart againn, freisin, a bhfuil Teach Dé faoina chúram anois. 22 Mar sin de, téimis isteach le croí ionraic agus le creideamh iomlán; bíodh ár gcroíthe glan ó gach smál coinsiasa agus ár gcoirp nite le fíoruisce. 23 Coinnímis greim daingean dobhogtha ar an dóchas a admhaímid a bheith againn, mar is dílis an té a thug na gealltanais uaidh. 24 Agus tugaimis aird ar a chéile chun go spreagfaimid a chéile chun grá a thaispeáint dá chéile agus chun dea-oibreacha a dhéanamh. 25 Ná fanaimis as láthair ónár gcomhthionól mar a dhéanann daoine áirithe, ach bímis ag misniú a chéile, go mór mór ó fheiceann sibh go bhfuil Lá an Tiarna ag druidim linn.

26 Má leanaimid orainn ag déanamh an pheaca dár lántoil féin, tar éis dúinn eolas a fháil ar an bhfírinne, níl íobairt ar bith ann chun ár bpeacaí a thógáil dínn. 27 Níl le déanamh ach fanacht go critheaglach le breithiúnas Dé agus leis an gcraos tine a ídeoidh a naimhde. 28 Aon duine a bhriseann dlí Mhaois cuirtear chun báis é gan trócaire ar fhianaise beirte nó triúir. 29 Más ea, nach dóigh libh gur measa go mór ná sin an pionós a chuirfear ar an duine a shatail ar Mhac Dé agus a chaith drochmheas ar fhuil an conartha ar naomhaíodh é léi agus a thug masla do Spiorad an ghrásta? 30 Tá a fhios againn cé hé a dúirt: “Mise a imreoidh díoltas; mise a chúiteoidh,” agus fós: “Tabharfaidh an Tiarna breithiúnas ar a phobal.” 31 Is uafásach an rud é titim i lámha Dé bheo.

32 Cuimhnígí ar an am fadó nuair a fuair sibh solas an chreidimh ar dtús. Is minic a bhí saol crua anróiteach le fulaingt agaibh. 33 Uaireanta maslaíodh sibh agus tugadh drochíde daoibh go poiblí; uaireanta eile chuaigh sibh i bpáirt le daoine ar cuireadh an drochbhail chéanna orthu. 34 Ghlac sibh trua do phríosúnaigh agus nuair a tógadh bhur maoin shaolta uaibh go héagórach chuir sibh suas leis go háthasach mar bhí a fhios agaibh go raibh maoin níos fearr agus níos buaine fós agaibh. 35 Dá bhrí sin, ná cailligí bhur misneach; óir is mór é an luach saothair atá ag dul dó. 36 Tá gá agaibh le foighne, áfach, le go ndéanfaidh sibh toil Dé agus go bhfaighidh sibh na maitheasaí a gealladh daoibh. 37 “I gceann tamaillín bhig eile tiocfaidh an Té atá le teacht agus ní dhéanfaidh sé moill. 38 Mairfidh an fíréan seo agamsa de bharr a chreidimh. Ach má thugann sé a chúl leis ní bheidh gnaoi agam air.” 39 Ní daoine sinne a thabharfaidh ár gcúl leis an gcreideamh sa chaoi go gcaillfear sinn, ach daoine a chloífidh leis nó go sábháilfear ár n-anam.

Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
Logáil Amach
Logáil Isteach
  • Gaeilge
  • Roinn
  • Roghanna
  • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
  • Téarmaí Úsáide
  • Polasaí Príobháideachta
  • Privacy Settings
  • JW.ORG
  • Logáil Isteach
Roinn