Seanfhocail
24 Ná bí in éad le hurchóidigh,
ná ag tnúth lena gcuideachta.
2 Foréigean atá á bheartú ina gcroí acu,
agus mailís atá ina mbéal acu.
3 Le heagna a thógtar teach
agus le tuiscint a bhunaítear é.
4 Le barr eolais a líontar stórais,
le maoin de gach sórt idir luachmhar agus tharraingteach.
5 Is fearr an críonna ná an tréan,
fear na gaoise ná fear [an ghaisce].
6 Dea-threoir a bhuann cath,
agus is le meitheal chomhairleoirí an chaithréim.
7 Tá an eagna ró-ard don amadán
agus ní bhíonn smid as ag geata na cathrach.
8 An té atá ag beartú an oilc,
tabharfar fear clampair air.
9 Níl ach an peaca á thaibhreamh do na hamadáin;
is gráin le daoine an scigire.
10 Má chailleann tú do mhisneach,
ní bheidh ach laige i do neart i lá na hanachana.
11 Fuascail an mhuintir atá á seoladh chun báis;
tarrthaigh an mhuintir atá á mbreith chun a mbásaithe.
12 Má deir tú: “Ach féach, ní raibh a fhios againn,”
an amhlaidh atá an té a mheánn an croí gan tuiscint,
agus an té a bhreithníonn an t-anam gan eolas?
déanfaidh sé an t-aisíoc is dual do bhearta duine.
13 Ith mil, a mhic, mar is maith í;
is milis le blaiseadh an mhil a shileann ón gcriathar.
14 Sé an dála céanna é ag eagna do d’anam, bíodh a fhios agat;
má fhaigheann tú í, tiocfaidh an lá amárach
agus ní rachaidh do dhóchas amú.
15 Ná cuir luíochán, a urchóidigh, ar áitreabh an fhíréin,
agus ná déan a theach a chreachadh.
16 Óir titeann an fíréan faoi seacht, ach éiríonn arís;
ach déanann an tubaiste na hurchóidigh a threascairt.
17 Má thiteann do namhaid, ná cuireadh sin lúcháir ort;
nuair a bhaintear tuisle as, ná tagadh éirí croí ort,
18 Le heagla go bhfeicfeadh an Tiarna agus nach mbeadh sé sásta,
agus go n-iompódh sé a fhearg uaidh.
19 Ná cuireadh lucht an oilc caduaic ort,
agus ná bí in éad le drochdhaoine.
20 Óir níl aon ní i ndán don drochdhuine
agus múchfar lóchrann an urchóidigh.
21 Bíodh eagla ort féin roimh an Tiarna, a mhic ó, agus roimh an rí,
agus ná déan ceannairc in aghaidh ceachtar díobh.
22 Óir is tobann mar a bhladhmfaidh a ndíoltas,
agus cé dó is eol an scrios a sheolfaidh siad araon?
23 Ráitis leis na saoithe iad seo inár ndiaidh chomh maith:
Ní cóir é an leathchuma i mbreithiúnas.
24 An té a deir: “Tá tú neamhchiontach,” leis an gciontach,
ní bheidh ach mallacht i ndán dó ó na ciníocha agus fuath ó na náisiúin.
25 Ach an mhuintir a cheartaíonn na hurchóidigh, beidh ábhar áthais acu,
agus beidh beannacht orthu.
26 An té a thugann freagra ionraic,
pógann sé do bheola, geall leis.
27 Leag amach a bhfuil romhat ar an mbán,
agus déan do phrapáil ar an machaire;
imigh leat ansin agus tóg do theach.
28 Ná tabhair fianaise in aghaidh do chomharsan gan ábhar,
agus ná meall daoine le briathra do bhéil.
29 Ná habair: “Tabharfaidh mé an cor céanna airsean agus a thug seisean ormsa;
déanfaidh mé an cúiteamh is dual dóibh le cách.”
30 Ghabh mé thar ghort an leisceora,
agus thar fhíonghort an duine gan chiall.
31 Féach, bhí brat de dheilgneach air,
é clúdaithe le neantóga
agus a bhalla cloch leagtha ar lár.
32 Rinne mé mo mhachnamh agus mé ag breathnú air
agus d’fhoghlaim mé an ceacht seo ón radharc:
33 “Néal beag codalta, múisiam beag,
agus na lámha a fhilleadh ar a chéile le scíth a ligean,
34 Ansin beidh an bhochtaine le d’ais mar bhithiúnach
agus an ghannchúis mar robálaí.”