Sailm
Urnaí an Duine Dhoilíosaigh
Do stiúrthóir an chóir. Salm le Dáiví.
31 [31:2] Is chugat, a Thiarna, a thagaim ag lorg tearmainn;
nár dhéantar mo náiriú go brách.
Saor mé de réir d’fhíréantachta,
2 [31:3] éist liom agus brostaigh chun m’fhuascailte!
Bí i do charraig choimirce dom:
i do dhaingean do mo chosaint is do mo tharrtháil.
3 [31:4] Óir is tú mo charraig agus mo chaiseal;
seol mé agus treoraigh mé as ucht d’ainm.
4 [31:5] Scaoil mé ón ngaiste a cuireadh i bhfearas romham,
óir is tú mo dhídean, a Thiarna.
5 [31:6] Do do láimhse a thiomnaím m’anam,
óir is tú a cheannaigh mé a Thiarna.
6 [31:7] A Dhia na fírinne, is fuath leat
lucht adhartha íol gan éifeacht,
ach cuirimse mo dhóchas sa Tiarna.
7 [31:8] Déanfaidh mé áthas agus gairdeas faoi do bhuanghrá
óir chuir tú spéis i m’anacair
agus chuidigh tú le m’anam ina chúngaigh.
8 [31:9] Níor thug tú suas do mo namhaid mé,
ach thug tú cead mo chos dom go fada fairsing.
9 [31:10] Bíodh trócaire agat orm, a Thiarna,
óir tá mé i gcúngach.
Tá mo shúil arna dubhadh le tuirse:
agus m’anam is mo chroí.
10 [31:11] Tá mo bheatha á snoí le brón
agus mo bhlianta le hosnaíl.
Táim ar díth mo nirt le buaireamh;
tá mo chnámha á gcnaí.
11 [31:12] Rinne ábhar aithise díom
do mo naimhde go léir.
Tugann mo chomharsana i dtáir is i dtarcaisne mé:
is cúis uamhain mé do mo chairde.
An dream a chastar sa tsráid orm,
teitheann siad uaim.
12 [31:13] Is cosúil mé le marbhán a ndearnadh dearmad de,
nó le soitheach a briseadh.
13 [31:14] Cluinim cogarnach á déanamh ag a lán,
agus imeagla i mo thimpeall.
Cograíonn siad lena chéile i m’aghaidh:
beartaíonn siad mo bhás.
14 [31:15] Ach is ort atá mo sheasamh, a Thiarna,
deirim: “Is tú mo Dhia.”
15 [31:16] Tá m’anam ag brath ort, saor mé
ón namhaid is ó chách ar mo thóir.
16 [31:17] Taispeain do ghnúis ghrianmhar do do ghiolla;
tabhair slán mé i do ghrá.
17 [31:18] Nár náirítear mé, a Thiarna, toisc go nglaoim ort;
go gcuirtear náire ar na hurchóidigh.
Go gcuirtear ina dtost san uaigh iad;
18 [31:19] go mbalbhaítear a mbéal bréagach,
a bhíonn ag cáineadh an fhíréin go sotalach
le teann uabhair is tarcaisne.
19 [31:20] Nach lánmhar an mhaitheas atá i dtaisce agat
don dream lenarb eagal tú,
a thugann tú don mhuintir a thriallann ort
i bhfianaise na hÁdhamchlainne.
20 [31:21] Folaíonn tú iad i do láthairse
ó chúlghearradh daoine.
Coimeádann tú slán i do bhoth iad
ó chlampar teangacha.
21 [31:22] Moladh leis an Tiarna a nocht dom
móriontas a ghrá
i gcathair dhaingean.
22 [31:23] Dúirt mé tráth agus scaoll orm:
“Díbríodh as do radharc mé.”
Ach d’éist tú le glór mo ghuí
nuair a ghlaoigh mé ort.
23 [31:24] Tugaigí grá don Tiarna, a naomha uile;
caomhnaíonn sé na dílsigh.
Ach díolann sé an comhar go hiomlán
le lucht an díomais.
24 [31:25] Bígí láidir! bíodh misneach in bhur gcroí agaibh,
a dhaoine uile a bhfuil bhur ndóchas sa Tiarna.