Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • Seanfhocail 22
  • An Bíobla Naofa

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • An Bíobla Naofa
  • 1
  • 2
  • 3
  • 4
  • 5
  • 6
  • 7
  • 8
  • 9
  • 10
  • 11
  • 12
  • 13
  • 14
  • 15
  • 16
  • 17
  • 18
  • 19
  • 20
  • 21
  • 22
  • 23
  • 24
  • 25
  • 26
  • 27
  • 28
  • 29
An Bíobla Naofa
Seanfhocail 22:1-29

Seanfhocail

22 Tá dea-cháil le roghnú thar bhreis maoine,

agus is fearr dea-mheas ort ná airgead nó ór.

2 Casann an saibhir ar an daibhir;

sé an Tiarna a rinne iad go léir.

3 Feiceann fear na céille an baol chuige agus téann i bhfolach uaidh;

téann na baotháin ar aghaidh agus díolann siad as.

4 Sé luach saothair na humhlaíochta agus eagla an Tiarna

ná saibhreas, onóir agus fad saoil.

5 Tá dealga agus gaistí ar chosán an urchóidigh;

an té a thugann aire do féin, déanfaidh sé é féin a sheachaint orthu.

6 Déan an leanbh a oiliúint sa bhealach is dual dó;

agus nuair a rachaidh sé in aois ní thréigfidh sé é.

7 Bíonn an toiceach ag mursanacht ar an mbochtán,

agus bíonn fear na hiasachta faoi bhois an té a thug rud dó.

8 An té a shíolann an éagóir, beidh fómhar na tubaiste aige;

air féin a [thitfidh] bata a chuthaigh.

9 Tá beannacht i ndán don duine cineálta,

mar roinneann sé a chuid aráin leis an mbochtán.

10 Tabhair bata is bóthar don scigire agus baileoidh an t-aighneas leis,

agus beidh deireadh le hachrann is le hachasán.

11 Tá cion ag [an Tiarna] ar an gcroí glan,

agus is cara don rí fear na cainte caoine.

12 Déanann súile an Tiarna an t-eolas a fhaire,

ach leagann sé ar lár briathra na mbréagairí.

13 “Tá leon lasmuigh,” a deir an leisceoir!

“Marófar sa tsráid mé!”

14 Cuithe domhain béal mná deoranta;

an té a bhfuil an Tiarna i bhfearg leis, titfidh sé inti.

15 Tá an bhaois ginte i gcroí an linbh;

ach déanfaidh slat an smachtaithe í a dhíbirt i gcéin as.

16 Luigh ar an mbochtán agus bronnfar maoin air;

tabhair rud don saibhir agus déanfaidh tú é a chreachadh.

17 Ráitis na saoithe:

Tabhair cluas agus éist le briathra na saoithe,

agus crom ar a bhfoghlaim.

18 Beidh sé ina shólás agat iad a choimeád i do chroí,

agus iad go léir a bheith mar phionna ar do bheola.

19 Tá [do chosán] á thaispeáint agam duit inniu

le go mbeadh do mhuinín agat as an Tiarna.

20 Nach bhfuil [deich gcaibidil fichead] de chomhairlí agus

de ghaois scríofa agam duit,

21 Le go mbeifeá in ann an fhírinne a léiriú,

agus lucht do cheistithe a fhreagairt le briathra stuama?

22 Ná creach an bochtán mar gur bochtán é,

agus ná ciap aon duine atá á bhuaireamh i ngeata na cathrach;

23 Óir déanfaidh an Tiarna a gcúis a agairt,

agus ídeoidh sé lucht a n-ídithe.

24 Ná déan muintearas leis an té atá tugtha don fhearg,

agus ná bíodh caidreamh agat ar fhear drochmhianaigh,

25 Le heagla go bhfoghlaimeofá a bhealaí,

agus go mbéarfaí ort i ngaiste.

26 Ná bí ar dhuine díobh siúd a thugann gill,

agus a théann in urrús le fiacha.

27 Mura mbíonn sás d’fhuascailte agat,

tógfaidh siad an leaba a bheidh fút.

28 Ná haistrigh cloch ársa theorann,

a leag do shinsir ina leaba.

29 An bhfeiceann tú duine atá oilte ar a ghnó?

déanfaidh sé freastal ar ríthe;

ní do shuaracháin a bheidh sé ag fónamh.

Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
Logáil Amach
Logáil Isteach
  • Gaeilge
  • Roinn
  • Roghanna
  • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
  • Téarmaí Úsáide
  • Polasaí Príobháideachta
  • Privacy Settings
  • JW.ORG
  • Logáil Isteach
Roinn