Seanfhocail
21 Tá croí an rí i láimh an Tiarna mar shruthán uisce;
iompaíonn sé é cibé treo is toil leis.
2 D’fhéadfadh iompar duine bheith ceart ina shúile féin,
ach meánn an Tiarna an croí.
3 An ceart is an chóir a dhéanamh,
is taitneamhaí é sin leis an Tiarna ná íobairt ar bith.
4 Súile uaibhreacha agus croí díomasach,
is lóchrann drochdhaoine iad agus níl iontu ach peaca.
5 Téann smaointe an duine dhícheallaigh chun sochair dó;
an bhochtaine amháin is dán don luaithintinneach.
6 Gnothú maoine le teanga bhréagach,
gal soip é agus baol báis.
7 Déanfaidh foréigean na n-urchóideach iad a scriosadh,
mar nach áil leo an ceart a dhéanamh.
8 Is cam é casán an chiontaigh,
ach is íon é iompar an duine ionraic.
9 Is fearr cur fút i gcúil sa lochta,
ná bheith in aontíos le bean achrainn.
10 Tá dúil san olc i gcroí an drochdhuine;
ní ghlacann sé trua dá chomharsana riamh.
11 Déantar saoi den daoi nuair a smachtaítear an tarcaisneoir;
foghlaimíonn sé ceacht nuair a bhíonn an rath ar an bhfíréan.
12 Breathnaíonn an fíréan ar theach an drochdhuine,
agus basctar na héagráifigh de dheasca a n-urchóide.
13 An té a thugann cluas bhodhar d’éamh an bhochtáin
nuair a ghlaofaidh sé féin, ní eistfear leis.
14 Cuireann tabhartas faoi choim fearg chun suain,
agus múchann breab faoin mbrat an cuthach feirge.
15 Is lúcháir don fhíréan an ceart a chur i bhfeidhm,
ach is uafás é do na hurchóidigh.
16 An té a théann ar fán ó chosán na tuisceana,
ligfidh sé a scíth i gcomhluadar na scáileanna.
17 Beidh an mhuintir a bhfuil dúil acu sa só, gan mhaoin;
agus an té atá tugtha don fhíon agus don ola ní bheidh sé saibhir.
18 Tá an t-urchóideach mar gheall leis an bhfíréan,
agus an feallaire leis an ionraic.
19 Is fearr cur fút san fhásach
ná le báirseach cancrach mná.
20 Tá maoin luachmhar agus ola i dteach an duine chríonna,
ach déanfaidh an t-amadán é a alpadh.
21 An té a théann sa tóir ar an gcóir agus ar an gcineáltas,
beidh idir bheatha agus chóir agus onóir aige.
22 Dhéanfadh an duine críonna dúnfort na ngaiscíoch a dhreapadh,
agus an daingean as a mbíonn a muinín a scartadh.
23 An té a chuireann smacht ar a bhéal agus ar a theanga,
seachnaíonn sé tubaiste.
24 Scigire a thugtar ar fhear an uabhair is an díomais,
agus bíonn éirí in airde ina iompar.
25 Is trúig bháis don leisceoir a ainmhian féin,
mar ní áil lena lámha aon bheart a dhéanamh.
26 Bíonn saint gan staonadh ar fhear an oilc,
ach ní théann aon stad ar an bhfíréan ach ag dáileadh gan doicheall.
27 Níl ach gráiniúlacht in íobairt na n-urchóideach,
agus is mó ná sin is amhlaidh é nuair is le drochintinn í.
28 Déanfar an finné bréige a mhilleadh,
ach tabharfar cluas i gcónaí d’fhocail an duine ghéilliúil.
29 Bíonn gothaí na muiníne ar an urchóideach;
déanann an fíréan a bhearta féin a mheá.
30 Ní sheasódh eagna ná tuiscint ná comhairle
an fód in aghaidh an Tiarna.
31 Déantar an t-each a ghléasadh le haghaidh lá an chatha,
ach is é an Tiarna a bheireann bua.